Olltoghchán - an Ghaeilge agus do vóta

Tuarascáil: Mura bhfuil tú bodhraithe cheana féin ag ealaín an olltoghcháin seo romhainn gach seans go mbeidh idir seo agus …

Tuarascáil:Mura bhfuil tú bodhraithe cheana féin ag ealaín an olltoghcháin seo romhainn gach seans go mbeidh idir seo agus Bealtaine nó Meitheamh seo chugainn tráth a mbeidh an lá mór againn. D'fhéadfadh sé ar ndóigh gur duine de na daoine sin tú a mhaireann ó thoghchán go toghchán agus a mhéid toghchán a thagann i do threo is ea is fearr leat é.

Cibé áit ar an speictream a luíonn do spéis tá rud amháin cinnte beidh tionchar ar an-chuid a chinnfear idir seo agus Meitheamh seo chugainn ar do shaol amach anseo. An cheist atá ann: an mbeidh tionchar agatsa ar an méid sin?

I measc na nithe ar chuir Comhdháil Náisiúnta na Gaeilge roimpi i bPlean Straitéiseach don Ghaeilge a tháinig i bhfeidhm i 1995 bhí cur le stádas na Gaeilge in Éirinn agus san Aontas Eorpach agus feidhm cheart a thabhairt don stádas sin.

Thosaigh an feachtas maidir le stádas na Gaeilge san Eoraip i 1995 le linn don Ostair, an Fhionlainn agus an tSualainn bheith ag glacadh ballraíochta san Aontas Eorpach. Leathnaíodh na feachtais d'ábhair eile ag teacht suas go holltoghchán 1997. Cuireadh éilimh phobal na Gaeilge don toghchán sin le chéile bunaithe ar phlé a tharla ag Tóstal na Gaeilge na bliana sin.

READ MORE

I measc na n-éileamh bhí:

•stádas iomlán oifigiúil oibre don Ghaeilge sa Chomhphobal Eorpach;

•Bille Comhionannas Teanga don Ghaeilge;

•go gcuirfí le huaireanta craolta Raidió na Gaeltachta;

•go mbunófaí Comhairle don Ghaeilge sa chóras oideachais;

•go mbeadh oideachas tríú leibhéal trí Ghaeilge ina thosaíocht ag an Aire Oideachais agus Aire na Gaeltachta;

•go mbeadh tábhacht na teanga san áireamh do chead pleanála agus go mbeadh staidéir thionchar teanga riachtanach sula gceadófaí aon iarratas pleanála sa nGaeltacht;

•go gcuirfí tacaíocht chuí ar fáil don eagraíocht Comhluadar;

•go gcuirfí maoiniú substaintiúil ar fail do bhuaiteoirí Ghlór na nGael thar tréimhse chinnte de bhlianta.

Tar éis an toghcháin léiríodh tacaíocht an Rialtais d'fheachtas stádas na Gaeilge san Aontas Eorpach i gClár an Rialtais agus fán am go dtáinig 2002 bhí na nithe seo bainte amach.

Bhí plécháipéis ar Acht Teanga foilsithe mar aon le torthaí comhdhála ar an gcleachtas idirnáisiúnta, ar iarratas ón Aire Gaeltachta.

San Acht um Pleanáil agus Forbairt (2000) tugtar aitheantas do cheist na teanga den chéad uair i gcúrsaí pleanála. Díreach roimh olltoghchán 2002 bunaíodh An Chomhairle um Oideachas Gaeltachta agus Gaelscolaíochta (COGG).

Ar bharr sin tá Raidió na Gaeltachta ag craoladh timpeall an chloig, tá maoiniú á fháil ag Comhluadar agus tá ardú suntasach i nduaiseanna airgid Ghlór na nGael.

Ba ghá arís áit na Gaeilge a chinntiú i bpolasaithe na bpáirtithe le linn olltoghchán 2002. Sa bhfeachtas seo bhí stádas na Gaeilge san Eoraip agus Acht Teanga fós ar an gclár.

Sa mbreis air sin bhí pobal na Gaeilge anois ag lorg Údarás Pleanála Teanga don Ghaeltacht, neamhspleáchas TG4, foilsiú thuairisc Choimisiún na Gaeltachta agus feidhmiú mholtaí an Choimisiúin.

Bhí ionad Gaeilge agus cultúir i ngach baile mór á lorg agus bhí tacaíocht d'fhoilsiú nuachtán laethúil i nGaeilge de dhíth freisin. I réimse an oideachais bhí oiliúint mhúinteoirí idir réamhoiliúint agus oiliúint leanúnach lárnach; bhí plean straitéiseach d'fhonn oiliúint trí Ghaeilge a chur ar fáil do pháistí le deacrachtaí foghlama agus lorgaíodh tacaíocht ar leith d'ionaid chearta oideachais do Ghaelscoileanna agus do scoileanna Gaeltachta.

Iarradh freisin go mbeadh comhoibriú ar bhonn foirmiúil leis na húdaráis oideachais chuí i dTuaisceart Éireann. Bhí deimhniú i gClár an Rialtais (2002) go n-achtófaí Bille Teanga agus go mbeadh moltaí Choimisiúin na Gaeltachta "mar bhonn do na polasaithe sa todhchaí".

Lean an obair ar aghaidh tar éis an toghcháin agus baineadh amach Acht Teanga i 2003 agus stádas na Gaeilge san Aontas Eorpach i 2005. Tá moltaí Choimisiún na Gaeltachta, ina raibh an dá cheann thuas ina measc, á gcur i bhfeidhm de réir a chéile.

Tá neamhspleáchas TG4 luaite i gcinn bhille an Bhille Chraolacháin atá beartaithe. Foilsíodh nuachtán laethúil LÁ i 2004; lainseáladh leagan nua deagus tá COGG ag cur ábhair tacaíochta mar aon le leabhair i nGaeilge ar fáil ar bhonn leanúnach do na scoileanna.

Díreach roimh Nollaig 2006 d'fhoilsigh an Rialtas ráiteas i leith na Gaeilge inar leagadh síos 13 bunphrionsabal agus a thugann le tuiscint go mbeidh pleanáil teanga ar bhonn comhtháite ar siúl den chéad uair. Foilseofar straitéis 20 bliain taobh istigh de dhá bhliain. Rinneadh an cur chuige seo a dhaingniú sa Phlean Forbartha Náisiúnta. Déanann seo cinnte go mbeidh córas monatóireachta ar bun chun an dul chun cinn a mheas sna chéad sé bliana eile ar a laghad.

Olltoghchán 2007

Seo muid ar ais agus olltoghchán romhainn arís. Is dóigh liom gur léir anois go gcuirtear tábhacht le vóta na Gaeilge ach is léir freisin nach dtarlaíonn seo gan mór-iarracht. An dteastaíonn uait go gcloisfear do ghuth i mbliana?

Tá Comhdháil Náisiúnta na Gaeilge ag reáchtáil comhdháil lae Dé Máirt, 27ú Feabhra, san óstán Alexander, Baile Átha Cliath, chun moltaí phobal na Gaeilge a bhailiú. Beidh cainteanna ar phleanáil teanga, an Ghaeilge sa chóras oideachais, stádas na Gaeilge agus an Ghaeilge sa phobal. Beidh painéal polaiteoirí i láthair ar a mbeidh an tAire Gaeltachta Éamon Ó Cuív, Fianna Fáil; na Teachtaí Dála Donncha Mac Fhionnlaoich, Fine Gael; Brian Ó Sé, Páirtí an Lucht Oibre; Trevor Sargent, An Comhaontas Glas; Aenghus Ó Snodaigh Sinn Féin; Joe Higgins, An Páirtí Sóisialach agus an Comhairleoir Cáit Keane, an Páirtí Daonlathach.

Beidh míle fáilte romhat bheith ann nó cuir do mholtaí go eolas@gaelport.com. Tabharfar gach moladh san áireamh. Beirimis bua. Eolas: 01-6794780

Is stiúrthóir gníomhach Chomhdháil Náisiúnta na Gaeilge é Pádraig Ó Ceithearnaigh. Foilsíodh an t-alt seo ar Beo! (www.beo.ie) an chéad uair.

comhtháite -integrated

feachtas - campaign

leanúnach - continuous

maoiniú - funding

tionchar  - influence

toghchán - election