Playography na Gaeilge - údar ceiliúrtha is ábhar machnaimh

TUARASCAIL : AINM HIBRIDE é Playography na Gaeilge a chuirfeadh as do shaoithíní teanga, b’fhéidir

TUARASCAIL: AINM HIBRIDE é Playography na Gaeilgea chuirfeadh as do shaoithíní teanga, b'fhéidir. Ach teideal oiriúnach é amach is amach, mar a fheicfear thíos.

Is éard atá i b Playography na Gaeilge, a seoladh go hoifigiúil i mí Bhealtaine, stór faisnéise inchuardaithe ar líne faoi léirithe stáitse proifisiúnta is leathphroifisiúnta de chuid na Gaeilge ón bhliain 1901 go 2010.

Tionscadal de chuid Institiúid Téatair na hÉireann é. Ba é Foras na Gaeilge a mhaoinigh an obair. Ba iad an t-eagarthóir, Anna Bale, agus a foireann bheag taighdeoirí a thiomsaigh an t-eolas uilig faoi na léirithe nua, idir bhundrámaí, aistriúcháin is shaothair athchóirithe, dátaí a gcéad stáitsithe, achoimre ar na plotaí, mar aon le heolas faoin fhoireann dráma is stáitse is faoi aon leaganacha foilsithe de na drámaí.

Mír amháin de mhórthionscadal PLAYOGRAPHYIreland é Playography na Gaeilge. B'ann cheana don mhír eile, I rish Playography, a bhaineas le léirithe an Bhéarla in Éirinn ón bhliain 1904, nuair a bunaíodh Amharclann na Mainistreach.

READ MORE

Admháil is aitheantas atá sa chinneadh gabháil siar go 1901 – an bhliain a stáitsigh The Irish Literary Theare Casadh an tSúgáinle Dubhghlas de hÍde in Amharclann an Gaiety – mar thúsphointe Playography na Gaeilgenach ionann stair is dálaí na hamharclannaíochta sa dá theanga oifigiúla in Éirinn.

Ceiliúradh ar amharclannaíocht ardáin ghairmiúil is leathghairmiúil na Gaeilge le breis is 100 bliain anuas, agus ar éacht, ar fhís is ar mhisneach lucht a cleachta, idir dhrámadóirí, aisteoirí, léiritheoirí is fhoireann ardáin é Playography na Gaeilge.Áis iontach é dóibh siúd ar spéis leo stair dhrámaíocht na Gaeilge.

Le tamall de bhlianta anuas, tá aird as an nua ag criticeoirí ar dhrámaíocht na Gaeilge. Is ann do leabhar breá Mháiréad Ní Chinnéide faoin Damer, agus tá Philip O'Leary i ndiaidh athbhreithniú a dhéanamh ar chás na hamharclannaíochta Gaeilge ina mhórleabhair, Gaelic Prose in the Irish Free State 1922-1939agus Writing Beyond the Revival: Facing the Future in Gaelic Prose 1940-1951.

Ach tá géarghá le leabhar nua cuimsitheach faoi dhrámaíocht, faoi chompántais is faoi dhrámadóirí na Gaeilge. Beidh Playography na Gaeilge ina chabhair mhór don té a thabharfadh faoin saothar tathagach sin.

Is díol spéise cuid de na fíricí, na staitisticí is na táblaí a ríomhtar sa dá Thuarascáil ar Thorthaí Taighde atá eisithe ag Institiúid Téatair na hÉireann mar chuid den playography.

An doiligh duit a chreidbheáil gur tugadh léiriú gairmiúil nó leathghairmiúil ar 796 dráma Gaeilge sa tréimhse 1901-2010?

An bhfuil a fhios agat gurbh í Máiréad Ní Ghráda an drámadóir ba bhisiúla ó thaobh líon na mbundrámaí Gaeilge de sa tréimhse chéanna? Tugadh léiriú gairmiúil nó leathghairmiúil ar 11 dráma léi.

Ach ba é Seán Ó Carra a rug an chraobh leis i b Playography na Gaeilge de bharr na n-aistriúchán – ocht gcinn is fiche acu – a rinne sé le haghaidh Thaibhdhearc na Gaillimhe. Agus is ann do na fíricí beaga barrúla a dtagann tú orthu trí sheans trí naisc ríomhaire a bhrú.

Slisín de stair nualitríocht na Gaeilge is ea scríobh is stáitsiú An Giall le Breandán Ó Beacháin agus an dóigh a raibh lámh ag Joan Littlewood san athchóiriú siamsa, The Hostage. Bhuel, an bhfuil a fhios agat gur aistrigh Máire Stafford The Hostagego Gaeilge agus gur stáitsíodh sa Taibhdhearc sa bhliain 1970 é?

Líonann Playography na Gaeilge bearna mhór i stair na hamharclannaíochta in Éirinn i gcoitinne.

Den chéad uair, trí dhraíocht na teicneolaíochta is trí chomhordú le Irish Playography, tá teacht acu siúd atá ar bheagán Gaeilge, is cuma cén chearn den domhan ina bhfuil siad, ar mhionsonraí cuimsitheacha faoi léirithe gairmiúla nó leathphroifisiúnta i nGaeilge.

Dá bharr, is iomláine go mór an tuiscint agus an t-eolas a bheidh ag scoláirí is ag an phobal féin ar stair, ar scéal agus ar staid théatar na hÉireann ná mar a bhí acu roimhe seo. Mar sin, is deacra do scoláirí is do thráchtairí nach bhfuil Gaeilge acu neamhiontas a dhéanamh dínn, pobal na Gaeilge.

Tá sé chomh dócha lena athrach go gcuirfidh a bhfoghlaimeoidh siad iontas ar na scoláirí is ar na tráchtairí céanna. Ní hé amháin go nochtann Playography na Gaeilgea bhisiúla is a chríochnúla is a bhí drámadóirí de chuid na Gaeilge ach go dtaispeánann sé chomh huaillmhianach forasach is a bhí compántais áirithe – lucht an Damer, cuirim i gcás, sna 1960í – a d'fhéach le haistriúcháin Ghaeilge ar dhrámaí nár stáitsíodh i mBéarla in Éirinn roimhe sin a chur os comhair lucht féachana na Gaeilge.

Ina dhroichead idir amharclannaíocht na Gaeilge is an Bhéarla atá mórthionscadal PLAYOGRAPHYIreland. Is ann a thagaimid ar fhianaise dhobhréagnaithe faoi na drámadóirí, faoi na haisteoirí, faoi na léiritheoirí agus faoin fhoireann stáitse sin atá i ndiaidh a bheith ag obair sa dá theanga oifigiúla.

Eisceachtaí ba ea na daoine sin, dar linn. Ach taispeántar gur liosta le háireamh an slua dátheangach sin agus gur cuma nó patrún murab ionann is eisceachtaí a samplaí is a gcuid oibre.

Tógaimis dhá shampla. Aisteoir Éireannach mór-le-rá ar stáitse is sna scannáin é Cyril Cusack (1910-1993). Sularbh ann do Playography na Gaeilge, níor ríomh Irish Playography ach na drámaí ardáin Béarla a raibh páirt aige iontu agus ar tugadh an chéad léiriú gairmiúil orthu in Éirinn.

Anois, tá Irish Playographycothrom le dáta sa dóigh go bhfuil iontrálacha aige do shaothar Gaeilge Cusack – mar dhrámadóir Gaeilge ( Tar Éis an Aifrinn), agus mar aisteoir Gaeilge is mar léiritheoir Gaeilge le haghaidh an Chomhair Drámaíochta i mBaile Átha Cliath sna 1930í go háirithe.

Drámadóir Gaeilge é Antoine Ó Flatharta go príomhaí, dar linn. Nach bhfuil a shaothar Gaeilge atá liostaithe i b Playography na Gaeilgeina dhearbhú air sin?

Ach cuireann an iontráil don Fhlathartach sa Irish Playographyina rangaítear a dhrámaí sa dá theanga in iúl dúinn go bhfuil sé gach pioc chomh bisiúil i mBéarla is atá sé i nGaeilge.

Tugann an dá mhír de PLAYOGRAPHYIreland an deis dúinn naisc dá leithéid nár léir dúinn iad a bheith ann in aon chor a aithint. Tugann siad ár ndúshlán trínár gcuid réamhthuairimí a cheistiú.

Is saibhrede sinne uilig ar spéis linn an téatar in Éirinn Playography na Gaeilge a bheith ar an fhód agus an t-iomlánú a dhéanann sé ar Irish Playography.

Anois, nach uain bhreá fhóirsteanach é seoladh Playography na Gaeilge chun an ceann a bhaint den díospóireacht faoi staid is faoi thodhchaí na hamharclannaíochta Gaeilge?

Is cinnte go dtarraingeofaí ar an stór eolais atá ar fáil – agus ar shaoltaithí is ar shainscileanna lucht an téatair sa dá theanga oifigiúla – sa phlé céanna.

- Tá Playography na Gaeilge le fáil ag www.irishplayography.com

- Bhí Pádraig Ó Siadhail ina eagarthóir comhairleach ar Playography na Gaeilge. Ollamh comhlach le Léann na hÉireann i Saint Marys University, Halifax, Nova Scotia, é. ÚdarStair Dhrámaíocht na Gaeilge, 1900-1970 agus An Béaslaíoch é.

Foclóir na seachtaine seo

aistriúchántranslation

aitheantasrecognition

athbhreithniúreview

bisiúilproductive

cuimsitheachcomprehensive

draíochtmagic

drámadrama

dúshlánchallenge

fíricfact

físvision

fóirsteanachsuitable

gairmiúilprofessional

iontráilentry

misneachcourage

oifigiúilofficial

taighdeoirresearcher

todhchaífuture

uaillmhianachambitious