Pleanáil teanga de dhíth - Ó Cuirreáin

Agus é ag tabhairt Léacht Bhord na Gaeilge ar Ollscoil na hÉireann, Gaillimh, aréir, dúirt an Coimisinéir Teanga, Seán Ó Cuirreáin…

Agus é ag tabhairt Léacht Bhord na Gaeilge ar Ollscoil na hÉireann, Gaillimh, aréir, dúirt an Coimisinéir Teanga, Seán Ó Cuirreáin, go raibh pleanáil teanga thar a bheith tábhachtach le go dtiocfadh an Ghaeilge slán: "Caithfimid a bheith lánchinnte cá bhfuil ár dtriall. Ní féidir linn feidhmiú a thuilleadh dála Christopher Columbus, a d'imigh ar aistear fada gan fhios aige cá raibh sé ag dul; nuair a bhí ceann scríbe bainte amach aige ní raibh a fhios aige cá raibh sé agus nuair a d'fhill sé abhaile ní fhéadfadh sé a rá cén áit as ar fhill sé!"

"Ní oibríonn pleanáil mar sin sa lá atá inniu ann. Teastaíonn córas pleanála teanga cuimsitheach comhtháite má tá an teanga seo le coinneáil siar ó bhéal na huaighe."

Dúirt sé nárbh fhéidir le hAcht na dTeangacha Oifigiúla "as féin an teanga a shábháil. Ní féidir leis an Rialtas é a dhéanamh, ná an Ollscoil seo ná m'Oifigse;" ba iad "pobal na tíre seo amháin ar féidir leo an teanga a shábháil agus a chur ar aghaidh go dtí an chéad ghlúin eile".

Ba é a bharúil gur "cheart do lucht ceannais na n-eagraíochtaí Stáit a bheith níos gníomhaí ag cur an phobail ar an eolas faoi na seirbhísí trí Ghaeilge atá ar fáil uathu. Mura bhfuil daoine ar an eolas faoin rogha teanga atá ar fáil dóibh, tá an baol ann go bhfágfaidh siad a mianta agus a gcearta ar leataobh.

READ MORE

"Is beag an cúnamh don teanga nó don phobal é más go drogallach nó in aghaidh a dtola a chuireann siad seirbhísí trí Ghaeilge ar fáil. Más é an t-íosmhéid seirbhíse trí Ghaeilge atá riachtanach ó thaobh dlí amháin a chuirtear ar fáil, ba dheacair a chreidiúint gur iarracht a bheadh ansin ar a bheith flaithiúil nó gnaíúil ar bhealach ar bith le cearta phobal na Gaeilge."

Chosain sé tábhacht na reachtaíochta, á rá go raibh sí "riachtanach agus réadúil - fiú má tá sí casta go leor. Sílim gurb é an file Meiriceánach John Berryman a dúirt faoina chuid amhrán go raibh siad "not meant to be understood, you understand. They are only meant to terrify and comfort". Rith sé liom nach droch-shainmhíniú é sin freisin ar an Acht Teanga - an coibhneas sin idir dualgais agus cearta - go gcuirtear ann beagáinín scéine ar lucht údaráis a bhfuil dualgais teanga orthu agus go dtugann sé beagáinín faoisimh nó compoird don chainteoir Gaeilge a bhfuil cearta aige nó aici."