Reibiliúnaigh Eaglais na hÉireann is ainm do shraith léachtaí a bhí ar siúl in Ard-Eaglais Chríost i mBaile Átha Cliath le linn mhí an Mhárta, faoi bhaill de chuid na heaglaise sin a raibh páirt acu in Éirí Amach 1916 nó i gCogadh na Saoirse.
Cé go bhfuil mé i mo chónaí sa phríomhchathair le 40 bliain níor chuir mé cos thar tairseach Ard-Eaglais Chríost go dtí go ndeachaigh mé go dtí an dara léacht sa tsraith, léacht Martin Mansergh ar Erskine Childers. Ní coll le Protastúnachas ba chúis le doicheall bheith orm dul isteach san fhoirgneamh sin. Ba mhinic mé i dteampaill Phrotastúnacha in áiteanna éagsúla, sa tír seo agus thar lear.
Ach ní maith liom ardeaglaisí, bídís ina n-ardeaglaisí Protastúnacha nó ina n-ardeaglaisí Caitliceacha. Is mó a bhaineann ardeaglaisí le cumhacht agus caithréim, ná le Dia, dar liom agus is minic leachtanna istigh iontu ag comóradh an lámh in uachtar a fuair dream amháin ar dhream eile.
Chonacthas dom go raibh go leor iarsmaí i mBaile Átha Cliath den lámh in uachtar a fuair impireacht na Breataine orainn gan a bheith ag dul as mo bhealach chun a thuilleadh a lorg.
Ach tá suim agam le fada sna daoine sin de bhunadh aontachtúil a thug cúl lena muintir chun dúshlán impireacht na Breataine a thabhairt. Cad a spreag iad chun taobhú leis an chúis náisiúnta?
An é eachtra áirithe ina saol a chuir ina luí orthu gur d'Éirinn seachas d'impireacht na Breataine ba cheart bheith dílis, nó an de réir a chéile a osclaíodh a súile ar stair na hÉireann?
B'ionadh liom a fháil amach go mbíodh ceisteanna mar an gcéanna á gcur uirthi féin ag an bhean a bhí mar ábhar an tríú léachta sa tsraith faoi na reibiliúnaigh.
Sadhbh Trínseach a thug sí uirthi féin, iníon mhinistéara a rugadh i Sasana ach a tháinig chun cónaí in Éirinn agus a bhí gníomhach i gCumann na mBan agus i gConradh na Gaeilge roimh agus i ndiaidh Éirí Amach 1916.
De réir Hilary Pyle a thug an léacht, agus a bhfuil leabhar foilsithe aici, Cescas Diaries, atá bunaithe ar scríbhínní Shadhbh Trinseach, bhí síol an reibiliúnachais i Sadhbh agus í an-óg. Ba mhór an pléisiúr a thug sé di, agus í ar scoil chónaitheach i Sasana, bheith ag maíomh gurbh í an t-aon duine sa scoil a thacaigh le Home Rule.
Col ceathair dá cuid, Dermot Trench, a thug a chéad ceachtanna Gaeilge di agus chláraigh sí i gConradh na Gaeilge i Londain. D'fhreastail sí ar choláistí samhraidh in Acaill agus i gContae an Chláir agus de réir a chéile chuir sí aithne ar dhaoine a bhí bainteach leis an ghluaiseacht náisiúnta. Chreid sí go raibh an ceart ag Éireannaigh dul i mbun arm chun saoirse a bhaint amach.
Is léir óna dialanna, áfach, a scríobh sí don chuid is mó i nGaeilge, gur ghoill sé go mór uirthi an t-easaontas a bhí ann idir í agus a muintir mar gheall ar chúrsaí náisiúnta. In 1914 liostáil a triúr deartháireacha in arm na Breataine a fhad agus a bhí Sadhbh i mbun druileála i mBaile Átha Cliath le Cumann na mBan.
Ach bíodh go raibh sí ar choiste Chumann na mBan in éineacht le Jenny Wyse Power agus Kathleen Clarke, tháinig Éirí Amach na Cásca aniar aduaidh uirthi agus ní raibh aon pháirt ghníomhach aici ann.
Cuireadh an reisimint ina raibh an deartháir is sine aici go hÉirinn chun an tÉirí Amach a chur faoi chois agus ba bhaill de chuid na reisiminte sin a chuir chun bháis na ceannairí. Maraíodh a deartháir sa chogadh sa Fhrainc agus fuair Sadhbh bás den fhliú mór an bhliain chéanna.
Ba mhisniúil an beart ag Coiste Ard-Eaglais Chríost an tsraith léachtaí seo a eagrú agus tá ardmholadh tuillte acu dá bharr.
Agus comóradh Éirí Amach na Cásca ag teannadh linn tá mórchuid tuairimíochta á déanamh faoina chríonna nó a mhorálta a bhí an beartas a rinneadh an Luan áirithe sin. Ní furasta dúinn na claonthuairimí lenár tógadh sinn a chur uainn agus amharc go fuarchúiseach ar ar tharla.
Tá tús curtha leis an phróiseas sin ag Eaglais na hÉireann. An bhfuil seans ar bith anois go bhfógrófar sraith léachtaí sa Leas-Ard-Eaglais i Sráid Mhaoilbhríde faoi dhearcadh an chliarlathais Chaitlicigh ar an Éirí Amach. D'fhéadfadh sin mé a mhealladh chun cuairt a thabhairt ar an fhoirgneamh sin.