Rugbaí romhainn

BEIDH CEARTA eisiacha iarchraolta ag TG4 ar chluichí rugbaí sna Coirn Heineken agus Amlin do na trí shéasúr seo romhainn…

BEIDH CEARTA eisiacha iarchraolta ag TG4 ar chluichí rugbaí sna Coirn Heineken agus Amlin do na trí shéasúr seo romhainn.

San fhómhar a chuirfidh stáisiún Bhaile na hAbhann tús leis an chraoladh, rud a chiallaíonn go bhfuil cearta acu anois ar na trí chomórtas Eorpacha do rugbaí na gclubanna gairmiúla.

Ní fada ach oiread go mbeidh Wimbledon agus an Tour de France le feiceáil ar an scáileán s’acu arís.

Dúirt ceannasaí TG4 Pól Ó Gallchóir go raibh sé tráthúil na cearta seo bheith ag TG4 arís eile agus na héachtaí a rinne Cúige Laighean, Cúige Mumhan agus na hUltaigh i mbliana agus bheadh Cúige Chonnacht sa chomórtas den chéad uair an fómhar seo.

READ MORE

Ba é Corn Heineken príomhchomórtas rugbaí na hEorpa, a dúirt sé.