Saoirse cainte

Cháin Biúró Eorpach na dTeangacha Neamhfhorleathana cinneadh rialtas na Spáinne cosc a chur ar an nuachtán laethúil Bascach, …

Cháin Biúró Eorpach na dTeangacha Neamhfhorleathana cinneadh rialtas na Spáinne cosc a chur ar an nuachtán laethúil Bascach, Egunkaria, agus a eagarthóir agus bainisteoirí a ghabhadh.

Oíche Chéadaoine seo caite, ghabh póilíní Spáinneacha príomheagarthóir agus deichniúr foirne de chuid an nuachtáin. Ghlac siad seilbh fosta ar ábhar ríomhaireachta de chuid an fhoilseacháin. Rinne rialtas na Spáinne amhlaidh i ndiaidh gur thug cúirt le fios go raibh an nuachtán ag léiriú tacaíochta don ghrúpa sceimhlitheoireachta, ETA, rud a shéan muintir an nuachtáin agus a lucht tacaíochta.

I ráiteas Béarla, thug an Biúró le fios nach raibh sé inghlactha go ndruidfí an nuachtán; ionsaí géar ar shaoirse cainte agus ar theanga na mBascach a bhí i gcinneadh na n-údarás. Dúirt uachtarán an Bhiúró, Bojan Brezigar: "We regard this authoritarian procedure as a severe violation of the rights of speakers of lesser-used languages and the right of all to freedom of information. It is a linguistic right to have a newspaper in your own mother tongue and it is especially vital for minority communities."

Idir an dá linn, d'aimsigh muintir an nuachtáin seift a chuir cinneadh rialtas na Spáinne ó mhaith - d'athraigh siad ainm an fhoilseacháin agus lean siad leo ag foilsiú.