Scéal na Gaeilge

BEIDH AITHNE mhaith ag léitheoirí an nuachtáin seo ar an cholúnaí, Alan Titley

BEIDH AITHNE mhaith ag léitheoirí an nuachtáin seo ar an cholúnaí, Alan Titley. Ach is ar an teilifís a bheidh Titley le feiceáil an tseachtain seo – ar TG4 le bheith beacht agus é ag cur dhá chlár nua fhaisnéise, Scéal na Gaeilge, i láthair.

Dúirt Titley leis an cholún seo gurbh “iontach agus scannalach an ní é nár déanadh aon chlár mar seo riamh ar an scáileán in Éirinn. Múintear an Ghaeilge ar fud na tíre, ach níl tuairim dá laghad ag mórán daoine cad í.

“Ceaptar gur scéimh mhallaithe í le pionós a chur ar pháistí, b’fhéidir, ach ní mhínítear go soiléir gurbh í seo teanga na tíre leis na mílte bliain anuas, agus gurb inti atá formhór ár n-oidhreachta, gan trácht ar a tábhacht do dhaoine faoi láthair.

“Sa dá chlár seo, instear imeachtaí na Gaeilge agus mar a tharla di, ó thús aimsire go dtí an lá atá inniu ann, agus amach anseo, más féidir. Baintear leas as stair, seandálaíocht, cartúin, greann, tuairimíocht agus dul sa seans, ó thús go deireadh.”

READ MORE

Níor thuig gach duine gurbh í príomhtheanga na tíre í go haimsir an Ghorta Mhóir.

Is é an comhlacht Rosg atá á léiriú agus béim ar leith acu ar ábhar a chur ar fáil atá “físiúil, úr agus bríomhar” trí mhíreanna beochan, a dúirt an léiritheoir, Ciarán Ó Cofaigh.

CRAOLFAIDH TG4 an dá chlár Dé Sathairn, 17ú Márta ag 8.30pm agus Dé Luain, 19ú, Márta, ag 8.30pm.

Pól Ó Muirí

Pól Ó Muirí

Pól Ó Muirí is a former Irish-language editor of The Irish Times