Sceal saighdiura agus seanuncail as stair na Gaeltachta

Is saoithiúil mar a bhaineann an stair agus an scríbhneoireacht preab asat

Is saoithiúil mar a bhaineann an stair agus an scríbhneoireacht preab asat. D'iarr RTÉ Raidió 1 orm dráma Gaeilge a scríobh do shraith sé dhráma a bhí beartaithe acu. Bhí an tseachtain seo caite mar sprioc leis an saothar agus shíl mé go dtabharfainn faoi rud inteacht difriúil - an Cogadh Mór.

Mar a tharla, mír as an chlár Barrscéalta le hÁine Ní Chuirreáin ar RnaG a spreag mé an chéad lá riamh. An Fómhar seo caite a craoladh an clár agus chuala mé giota de agus mé ag taisteal. Rinneadh trácht le linn an chláir ar fhir as na Rosann, Cloich Cheann Fhaola agus Gaoth Dobhair a chuaigh isteach in arm na Breataine agus a ghlac páirt sa chogaíocht.

Bhí cúis eile agam leis an suíomh a roghnú - scríobh Seosamh Mac Grianna gur chum sé scéal ar an Chogadh Mór agus go raibh rún aige féin liostáil. Chuir Éirí Amach 1916 deireadh leis an fhonn sin.

Shíl mé go ndéanfadh sé ábhar maith dráma agus thug faoi go fonnmhar. Léigh léiritheoir na sraithe, Cathal Póirtéir, an script agus rinne roinnt moltaí, ina measc gur cheart fáil amach cén reisimint ina raibh na carachtair agus cá háit sa Fhrainc a bhí siad ag troid.

READ MORE

Ó tharla an t-am bheith gann, chuir mé litir chuig muintir Barrscéalta ag iarraidh orthu cóip iomlán den chlár a chur chugam. Tháinig an téip agus d'éist mé go cúramach léi. Ar na fir ón Ghaeltacht a luadh le linn an chláir agus a maraíodh sa chogadh bhí Murray as Dún Lúiche.

Ba as Dún Lúiche do mo sheanathair, Paddy Murray, agus ar feadh m'eolais, ní raibh de mhuintir Uí Mhuirí ann ach mo mhuintir féin. Gaol liom féin, mar sin? Chuir mé scairt thart agus fuair mé freagra deimhneach ar an cheist - deartháir le Paddy a bhí i gceist; seanuncail liom féin, Jim Murray. Níos iontaí arís, bhí litir a scríobh sé chuig a mháthair - mo shin-seanmháthair - ar marthain go fóill. "An mbeadh suim agat an litir a fheiceáil?" a d'fhiafaigh m'aintín Kathleen díom. Bheadh.

I mBéarla a bhí an litir agus cur síos inti ar mhionghnoithe an tsaoil. Ghabh Jim buíochas lena mháthair as toitíní a chur chuige agus chuir tuairisc carad: "Well I am sure Hughie Ferrie looks a fine man in karkie." Bhí líne eile ann a chorraigh an croí: "I suppose you are thinking about the harvest in Dunlewy now. With God's help I might be there for the finishing of it yet. You never know."

An naoú lá de mhí Lúnasa, 1916, an dáta a bhí ar an chomhfhreagras. B'eol dom nár phill seanuncail Jim ar chor ar bith. Maraíodh sa chogaíocht é.

Ach cá huair agus cá háit?

Sholáthair an litir an eochair a scaoilfeadh an t-eolas sin. Bhí a uimhir aitheantais san arm mar aon le sonraí a reisiminte ar an litir. Rinneadh cuardach Idirlín agus fuarthas na sonraí: Dé Céadaoin 6ú Meán Fómhair 1916 a maraíodh é; le linn chath an Somme. Bhí Jim ina bhall den naoú cathlán, Royal Dublin Fusiliers.

Rinne mé cuardach ar shuíomh na bhFusiliers agus cuireadh cor eile sa scéal. Bhí Tom Kettle, file agus feisire náisiúnach, ina oifigeach sa chathlán ceannann céanna. Níl fianaise ar bith agam go raibh aithne acu ar a chéile ach bhí píosa eile spéisiúil eolais faoi cheilt i gcartlann na bhFusiliers.

Scríobh Kettle dán chuig a iníon ar 4ú Meán Fómhair. Maraíodh é féin ar 9ú Meán Fómhair, 1916. Idir an dá ghníomh sin a maraíodh Jim Murray.

Chomh fada agus is féidir liom a dhéanamh amach, níor thug duine ar bith den teaghlach cuairt ar uaigh Jim. Ní le droch-chroí a rinneadh é. Cúrsaí airgid ba chúis leis. A fhad agus a bhí Jim sa Fhrainc, bhí a dheartháir Paddy ar lorg oibre in Albain agus ag iarraidh fanacht glan amach ar an arm. Sa deireadh, thug Paddy aghaidh ar Bhéal Feirste.

Ar ndóigh, tá athmhachnamh ar siúl faoi ról na nÉireannach a throid sa Chogadh Mór. Tá aitheantas tugtha ag Sinn Féin féin don íobairt a rinne na fir seo. Is iomaí cúis a mheall isteach san arm iad - cúrsaí oibre i gcás mórán Conallach de agus cúis na hÉireann i gcás Kettle de agus daoine eile nach é.

Tá rud amháin eile arbh fhiú cuimhneamh air. Is minic a bhíonn tráchtairí ag tabhairt amach faoi theanga "mharbh" na Gaeilge. Ach amach ó phobal na Gaeltachta an bhfuil dream ar bith eile ann a bheadh áblata scéal ceilte seo na saighdiúirí Conallacha a insint? Beidh cuimhne ag daoine ar mhacasamhail Kettle i gcónaí mar gheall gur bhain siad leis an lucht ceannais.

Ach is i seanchas na Gaeltachta amháin a mhaireann cuimhne na ngnáthfhear, daoine ar nós mo sheanuncail Jim, saighdiúir singil.

  • TIONÓLADH Comórtas Díospóireachta de hÍde/Gael-Linn i gColáiste na hOllscoile, BÁC, ag an deireadh seachtaine. Phléigh foirne ó Ollscoil na hÉireann, Gaillimh; Ollscoil na hÉireann, Corcaigh; Coláiste na Tríonóide agus Coláiste na hOllscoile, BÁC, an rún "Scriosfadh an teach seo pribhléidí mhuintir na Gaeltachta".

Coláiste na Tríonóide a thug an lá leo. An t-iriseoir Fachtna Ó Drisceoil a bhí sa chathair don ócáid.