Scoil Gheimhridh

Beidh Scoil Gheimhridh Merriman ar siúl an deireadh seachtaine seo in Óstán Fitzpatrick, Bun Raite, Co an Chláir

Beidh Scoil Gheimhridh Merriman ar siúl an deireadh seachtaine seo in Óstán Fitzpatrick, Bun Raite, Co an Chláir. Is é "Prós Liteartha na Gaeilge 1904-2004" téama na bliana.

Is é Cláraitheoir Choláiste Phádraig Droim Conrach, Liam Mac Mathúna, a thabharfaidh an chéad léacht, "Séadna in aois a chéid," oíche Aoine.

Beidh siompóisiam an tSathairn leis an scoláire Máire Ní Annracháin, Ollscoil na hÉireann Má Nuad, ag trácht ar staid reatha fhoilsiú an phróis. Páirteach sa scoil fosta beidh na hacadúlaithe agus údair Pádraigín Riggs (Corcaigh), Bríona Nic Dhiarmada (Luimneach) agus Gearóid Denvir (Gaillimh).

Beidh "Léamh Próis" ar siúl maidin Domhnaigh le deireadh a chur le himeachtaí. Léifidh Joe Steve Ó Neachtain, Deirdre Ní Ghrianna, Pádraig Ó Cíobháin agus Alan Titley sleachta as a saothar féin.

READ MORE

Eolas: 01-6040707; www.merriman.ie nó eolas@merriman.ie