Seachnaionn na Gaeil an saol intleachtuil

T'rom do Shúil (Coiscéim, €7

T'rom do Shúil (Coiscéim, €7.50) an teideal atá ar chnuasach filíochta trítheangach le Hans-Jörg Schertenleib, Eilvéiseach, atá ina chónaí i nDún na nGall, a scríobhann Gabriel Rosenstock.

Hans-Christian Oeser a d'aistrigh ón nGearmáinis go Béarla agus eisean a scríobh an tIarfhocal i gcomhar le Gabriel Rosenstock, an té a d'aistrigh na dánta go Gaeilge. San alt tráthúil seo agus Éire ag glacadh le huachtaránacht na hEorpa athuair, míníonn Gabriel cén fáth a raibh an-drogall air an tIarfhocal a aistriú go Gaeilge.

Ní geal le Gaelaibh téarmaí teibí agus feicfidh sibh ar ball nach gann ar théarmaí aduaine atá an tIarfhocal sin nach leomhfainn a aistriú go Gaeilge. Cé go bhfuiltear ag obair orthu, níl téarmaí criticis ar fáil go forleathan sa Ghaeilge agus, go deimhin, dá mbeadh féin cá bhfuil na hardáin chlóite, nó leictreonacha, chun na téarmaí sin a aclú agus a chur chun cinn? Cá bhfuil na foilsitheoirí Ollscoile a spreagfadh a gcuid eagarthóirí glúin nua criticeoirí? Agus ní fhaca mé clár leabhar ar TG4 go fóill.

Ach fiú dá mbeadh na téarmaí, nó cuid díobh, i mbéal an phobail, nó an chuid sin den phobal ar spéis leo smaointe agus suaitheadh idéanna, is baolach go bhfuil cúrsaí criticis sa Ghaeilge ag feidhmiú laistigh de chiorcal chomh beag sin nach cuid den dioscúrsa coitianta iad. (Cén dioscúrsa é sin, a Ghabriel?)

READ MORE

An mó léitheoir Gaeilge a d'aithneodh na scríbhneoirí a ndéantar tagairt dóibh san Iarfhocal - Mallarmé, Eichendorff, Hölderlin, Heym, Trakl, Rilke, etc? An-bheagán. An mó scríbhneoir Gaeilge a d'aithneodh iad? Arís, an-bheagán.

An chúis atá leis sin, dáiríre, ná go seachnaíonn Gaelaibh an saol intleachtúil agus is á sheachaint atá siad ó bunaíodh an Stát. Is ar an bPiarsach a bheadh díomá inniu dá bhfeicfeadh sé an cúl atá tugtha againn le saol mór na smaointeoireachta.

Anois, an galar é seo is cóir a bheith imníoch ina thaobh nó an bua de shórt éigin é? Tá sé in am againn ainm a chur air agus a bheith macánta, linn féin agus le daoine eile, ina thaobh. Cúrsaí dí, cúrsaí iománaíochta agus peile, an chraic, an sean-nós (b'fhéidir), Fianna Fáil, sacar, etc, etc, níl aon deacracht againn leis na nithe sin. Ach cúrsaí na hintleachta - ealaíona agus fealsúnacht na hEorpa, litríocht, ceol agus fealsúnacht an Oirthir?

Tá ráite go minic cheana agam go bhfuil frithintleachtaigh go flúirseach i saol na Gaeilge ... agus is fíor é. Agus tá a rian sin ar an lón anama a chuirtear ar fáil dúinn - nó nach gcuirtear ar fáil ba chirte dhom a rá.

An cóngaraí sinn do Bhostún ná do Bheirlín? (Cár chuala mé an cheist sin cheana!) Sea, is Eorpaigh sinn, go deimhin. Airgeadra na hEorpa atá inár bpócaí againn. Téann cuid againn ar saoire chun na Fraince, chun na hIodáile, chun na Spáinne, chun na Portaingéile. Go breá. Ach scríbhneoirí na dtíortha sin a léamh? Pessoa na Portaingéile, abair, Silone na hIodáile (a bhí pósta ar Éireannach), Bonnefoy na Fraince, Ortega y Gasset na Spáinne? Hath?

An Eorpaigh sinn in aon chor? Sea agus ní hea: tá sé ina ghruth is ina mheadhg againn! Arbh fhéidir an rud céanna a rá faoi phobail eile atá in ainm is a bheith san Eoraip ach atá scoite amach ar chuma éigin? B'fhéidir é, mhuise. Ach ní dóigh liom go bhféadfaí é sin a chur i leith scríbhneoirí na hEorpa trí chéile, is é sin go bhfuilid dall ar a chéile, mar nach bhfuil.

An gcreidimid gur rud folláin is ea é a bheith scoite ó phríomhshruthanna smaointeachais na hEorpa? Nílimse féin róchinnte cén freagra a thabharfainn ar an gceist sin dá mbeinn os comhair Inquisitio. Ar mo leabhar breac. Is dócha gurb é an freagra liobrálach a chaithfinn a thabhairt air, i ndeireadh na dála, ná seo: cuirimis eolas ar phríomhshruthanna smaointeachais na hEorpa ach ná glacaimis ach leis an méid sin a d'fhóinfeadh dár bhfís féin.

Ach fillimis ar ábhar m'aiste. An bhfuil an Ghaeilge inniúil ar choincheapa aeistéitic na hEorpa a ionramháil? Tógaimis an abairt seo a leanas ón Iarfhocal: "The contrast between stringency of form and interrupted flow of thought, between precision of language and vagueness as to time and place, between mellifluous lyricism and radical reductionism creates palpable tension and, at the same time, a darkly hypnotic effect..."

Anois! Cuir Gaeilge air sin! Nílim á rá nach bhféadfaí Gaeilge a chur ar an abairt sin. (Sea, is aon abairt amháin í). D'fhéadfaí, gan dabht. Ach cé a thuigfeadh? Arbh fhéidir an rud ceannann céanna a rá i bhfocail eile? Arbh fhéidir Gaeilge bhreá bhlasta a chur air? Nó an cur amú ama a bheadh ann? Cad is brí le "radical reductionism" ar aon nós? Nach é fírinne an scéil é go mbeadh deacracht ag muintir na Gaeilge le gach cuid den abairt sin, a tús, a lár agus a deireadh?

Ní hé amháin nach bhfuil cleachtadh againn ar an bhfriotal, nílimid cleachtach ar an meon ná ar an saghas anailíse atá san abairt chasta sin. Smaoiním siar ar chuid de na filí a d'aistrigh mé go Gaeilge, Peter Huchel, cuir i gcás, Gunther Grass, Willem M Roggeman, Francisco X. Alarcón ... Filí breátha.

Tá saothar nua filíochta tagtha ó Grass agus Roggeman ó shin agus táim leathmheáite ar iad a aistriú ach, a léitheoir dhil, an fiú é? Arbh fhiú Schertenleib a aistriú? Bhuel, chuir sé a shaothar chugam tá tarraingt ar dheich mbliana ó shin agus tá leathnáire orm gur thóg sé an fhaid sin orm.

Ach nach deas an rud é duais-scríbhneoir Eilvéiseach a bhfuil cónaí air i nDún na nGall a aistriú go Gaeilge? Is deas ach - freagair an cheist! Arbh fhiú é a aistriú? Bhuel, tá sé aistrithe againn anois agus sin sin. Ní fúmsa atá sé a rá arbh fhiú é nó nárbh fhiú. Na léitheoirí a chaithfidh é sin a rá. Cá bhfuil siad? Na criticeoirí a chaithfidh é sin a rá. Cé hiad? Níl cathú dá laghad orm nár aistríos an tIarfhocal. Tá an méid sin cinnte.

Baineadh úsáid as an nath - más nath é - "experiential reality" san Iarfhocal. An bhfuil Gaeilge shásúil air sin?

Nó, ceist níos práinní fós, an bhfuil modus operandi ag an nGael chun an rud céanna a rá ar shlí eile ar fad?

Nó an é go bhfuilimid múnlaithe ag múnlaí cainte chomh mór sin nach cuid dár bhfráma tagartha é "experiential reality", is é sin le rá nach n-aithnímid na focail sin i gceart faoi mar nár thug bundúchasaigh Tierra del Fuego faoi deara go raibh long sa chuan (agus Darwin ar bord!) mar gur rud ab ea é nach bhfaca siad riamh cheana, feic nár chiallaigh faic? Sea, ach ní bundúchasaigh sinn. (Nó an ea?).

Raidht, cuir Gaeilge air seo le do thoil: "Schertenleib is no epigone, his debt to poetic tradition by no means naïve or free from doubt as he is only too acutely aware of the limited value of sonorous poetry or indeed priestly high-mindedness in today's world of inauthenticity..."

Sea, ba dheacair Gaeilge a chur ar an abairt sin, leis. Déarfadh daoine áirithe nach bhféadfadh Pádraig Ua Maoileoin féin Gaoluinn a chur air! (Ar ndóigh, déarfadh Paddy, beannacht Dé leis, nárbh fhiú é a aistriú mar nach raibh san abairt ó thús deireadh ach seafóid nó cac asail).

Ní seafóid atá san abairt sin, áfach. D'aithneodh Eorpach ar bith an abairt sin mar chuid de throscán na hintleachta comhaimseartha; tá gach focal ann, gach coincheap, ag teacht le béarlagair aeistéitice an Domhain Thiar trí chéile. Ceist eile, ar ndóigh, is ea cé mhéad d'intleachtóirí na hEorpa a d'aithneodh cac asail dá dtabharfaí dóibh ar phláta é!