Seachtain mhaith

Clár úr dátheangach, an cur síos a rinneadh sa réamhphoiblíocht don chlár teilifíse nuachta réigiúnda, Seachtain, a craoladh …

Clár úr dátheangach, an cur síos a rinneadh sa réamhphoiblíocht don chlár teilifíse nuachta réigiúnda, Seachtain, a craoladh den chéad uair an Domhnach seo caite ar RTÉ1, a scríobhann Máiréad Ní Chinnéide.

Is iomaí ciall is féidir a bhaint as an fhocal dátheangach i gcomhthéacs cláracha raidió nó teilifíse. D'fhéadfadh an tráchtaireacht bheith i dteanga amháin agus na hagallaimh i dteanga eile mar a bhíonn go minic ar Nuacht TG4, nó d'fhéadfadh meascán de Ghaeilge agus Bhéarla bheith ag an láithreoir agus ag na tuairisceoirí.

Cé gur léirigh láithreoir Seachtain, Siún Nic Gearailt, go raibh sí chomh hábalta agus a bhíonn a comh-Chiarraíoch, Mícheal Ó Muircheartaigh, chun aistriú ó Bhéarla go Gaeilge agus ar ais go Béarla is i mBéarla amháin, nó i nGaeilge amháin a bhí an tráchtaireacht i ngach ceann de na míreanna nuachta.

Ocht mír nuachta ar fad a bhí ann, cúig cinn i mBéarla agus trí cinn i nGaeilge, agus i gceann amháin de na míreanna Gaeilge faoi aer stráice ar Inis Bó Finne (a bhí ar Nuacht TG4 i rith na seachtaine), bhí agallamh amháin i mBéarla. Ach am ar bith a bhí an chaint i nGaeilge bhí ceannteidil Bhéarla ann agus nuair a bhí an chaint i mBéarla bhí na ceannteidil i nGaeilge, rud a bheadh ina chuidiú mór d'fhoghlaimeoirí atá ag iarraidh cur lena stór focal.

READ MORE

Cé gur maith an rud aird an phobail a dhíriú lasmuigh de Bhaile Átha Cliath, is deacair nuacht a aimsiú a gcuirfí suim ann lasmuigh den réigiún óna bhfuil an tuairisc ag teacht. Tá an baol ann go mbeadh an iomarca scéalta ann faoi ionaid dumpála bruscair agus chúrsaí séarachais. Tríd is tríd, bhí rogha maith scéalta ar chlár na seachtaine seo, meascán de throm agus éadrom; luas maith fúthu agus iad ag teacht ó áiteanna éagsúla timpeall na tíre, ón tSionainn, Chill Dara, ón Chabhán, Chill Chainnigh, Inis Bó Finne, Mhaigh Eo agus Phort Láirge.

Chuir mé féin suim ar leith sa scéal a bhí ag Irene Ní Nualláin faoi na dúilicíní riabhacha atá le fáil i Loch Síleann, dúilicíní beaga, dar le muintir na háite, atá ar a gcumas uisce an locha, atá truaillithe leis na blianta a ghlanadh. Don chlár Seachtain a rinneadh an mhír sin go speisialta, mar a rinneadh an mhír faoi iarrachtaí mhuintir bhaile na Sionainne seirbhís otharcharr a fháil.

Ar na míreanna éadroma bhí spléachadh arís ar an chomóradh a bhí ar siúl ar shráideanna Chill Chainnigh nuair a d'fhill an dá fhoireann bhuacacha iománaíochta abhaile agus ar mhír eile bhí teacht le chéile arís an bhanna ceoil, The Stunning, tar éis doibh bheith ina dtost le naoi mbliana.

Bhí mír amháin ann faoi chúrsaí séarachais, faoin chóras cóireála séarachais atá i bhfeidhm ar an Trá Mhór, Co Phort Láirge, ach is mar phríomhscéal an nuachtáin áitiúil, The Munster Express, a pléadh é. Tá sé i gceist príomhscéal nuachtáin áitiúla amháin a phlé ar an chlár gach seachtain.

D'éirigh go maith leis an chéad chlár 'súil eile' a thabhairt dúinn ar an tír agus tá súil agam go leanfar leis an ardchaighdeán agus nach ndéanfar dearmad gur réigiún sa tír an cúinne sin in oirthuaisceart an oileáin.

 Craolfar Seachtain gach Domhnach ag 5.30 p.m. ar RTÉ1