Seachtócúigbliain ag fás

BEOCHEIST: TÁ 75 bliain ann ó foilsíodh Fiche Blian ag Fás le Muiris Ó Súilleabháin (1904-50), i mí Aibreáin na bliana 1933, …

BEOCHEIST:TÁ 75 bliain ann ó foilsíodh Fiche Blian ag Fásle Muiris Ó Súilleabháin (1904-50), i mí Aibreáin na bliana 1933, leath bealaigh idir foilsiú An tOileánach(1929) lena sheanuncail Tomás Ó Criomhthain (1856-1937) agus Peig(1936) le Peig Sayers (1873-1958).

Tá de dhifríocht idir Fiche Blian ag Fásagus an dá leabhar eile i dtríológ an Bhlascaoid gur leabhar fir óig is ea é. Sna 70í agus sna 60í a bhí an bheirt eile nuair a foilsíodh a ndírbheathaisnéisí siúd, agus an Seabhac agus Máire Ní Cheallaigh, sna 40í agus sna 50í nuair a chuireadar eagar ar An tOileánachagus ar Peig, faoi sheach.

Is é an fáth go luaim aois údair agus eagarthóirí na saothar sin lena gcur i gcomparáid le Fiche Blian ag Fás, mar ní hé amháin go raibh an t-údar féin óg ach dlúthchara leis, Seoirse Mac Tomáis agus iad ar aon aois, a chuir eagar ar an leabhar.

Sna 20í a bhíodar beirt ag an am. Mura mbeadh ann ach an méid sin féin bheadh rómáns ag baint leis ach tagann pearsana eile agus eachtraí i gceist a chuireann go mór leis an scéal.

READ MORE

Is geall le turas eipiciúil eachtraí Sheoirse Mac Tomáis in Éirinn, Londanach óg, fochéimí sna clasaicí i gCambridge a thagann go dtí an Blascaod i 1923 le Gaeilge a fhoghlaim agus a chuireann aithne mhaith ar mhuintir an oileáin, Muiris agus a sheanathair go háirithe.

Díomá dó an cailín ann a raibh sé i ngrá léi a bheith ag dul in ord rialta, ach tar éis turas chun na Gréige, filleann sé ar an Oileán Tiar agus feiceann cosúlacht idir é agus Inis Iothaig, oileán Odaiséis.

I 1929, ina chomhalta anois de Choláiste an Rí, Cambridge, foilsítear a shaothar tonnbhristiúil, Greek Lyric Metre.

An bhliain chéanna foilsítear An tOileánach agus achtaítear Acht Phríomh-Scoile na Gaillimhe Earnáin de Blaghd, tarlúintí a théann i bhfeidhm ar an mbeirt chara óga.

Tagann Seoirse go hÉirinn ag obair ar eagráin Ghaeilge de théacsanna clasaiceacha agus é ag súil le post i gColáiste na hOllscoile Gaillimh, agus tugann leabhar a sheanuncail misneach do Mhuiris a scéal féin a scríobh agus a chur faoi bhráid Mhac Tomáis lena phlé agus a mheas.

Dhá bhliain tar éis do Sheoirse filleadh ar Éirinn tá post léachtóireachta, Gréigis tré Ghaeilge, aige in Ollscoil na Gaillimhe agus áisiúil go leor tá Muiris ina gharda ar an gCeathrú Rua.

Dhá bhliain ina dhiaidh sin arís, in ainneoin Scylla agus Charybdnis, moilleadóireacht an Ghúim agus sprionlaitheacht Chlólucht an Talbóidigh, foilsítear Fiche Blian ag Fás.

An-tóir ar an leabhar, ní hé amháin i nGaeilge ach ar leagan Béarla déanta ag Mac Tomáis agus a chara Moya Llewelyn Davies.

(Bhí an-chairdeas idir í agus Mícheál Ó Coileáin agus ina dhiaidh sin idir í agus Earnán de Blaghd, a chomharba mar Aire Airgeadais. Aíonna ab ea an bheirt ar chóisir a thugadh sí ina teach mór, a bhfuil cur síos ina leabhar air ag Ó Súilleabháin agus is dócha gur ann a chas Mac Tomáis agus de Blaghd ar a chéile den chéad uair.)

Chatto & Windus a d'fhoilsigh i Londain le réamhrá ón úrscéalaí EM Forster, comhalta eile i gCambridge, a thug cuairt ar Mhuiris agus ar Sheoirse i nGaillimh agus ar mhuintir Uí Shúilleabháin chomh maith.

Thart ar an am seo, áfach, d'fhág Mac Tomáis Gaillimh na gCioclóp agus Éire chomh maith, agus an bhliain dár gcionn, ina fhear nua-phósta, lena bhean Katharine - Cáit a bhí ar an mbean a phós Muiris an bhliain chéanna - thug Muiris a chuairt dheireanach ar an mBlascaod, macalla ar radharc ón Odaisé,nuair atá deireadh le heachtraí Odaiséis agus é le Penelope ar Inis Iothaig...

Níl anseo ach an sop in áit na scuaibe, réamhrá nó réamhtheachtaireacht gearr an eagarthóra mar a déarfá, mar tráthúil go leor tá saothar taighde ar an scéal seo ar fad ar a bhealach chugainn ó Mhuiris Mac Conghail, údar ar litríocht an Bhlascaoid.

B'ionann agus cúrsa iarchéime an méid a d'fhoghlaim mé ag plé leis an téacs, ach fiú iad sin gur mó i bhfad an cur amach a bheadh acu ar an mBlascaod ná mar a bheadh ag mo leithéidse a chleachtaíonn oileáinín eile, tiocfaidh siad, sa leabhar nua seo, ar stór eolais nach bhfuil fáil air in áit ar bith eile.

Níl rud is fearr a dhéanfá idir an dá linn ach Fiche Blian ag Fása bhaint anuas de pé seilf ar a bhfuil sé agat sa mbaile, é sin nó é a cheannach agus a léamh.

Dhéanfainn iontas mura gcuirfeadh íomhánna agus fuaimeana an dúlra ann mar aon le féith ghrinn an údair gliondar ort.