Seansceal gan meirg air

Is fada lucht léitheoireachta na Gaeilge bheith ag gearán nach bhfuil teacht ar sheanscéalta na Gaeilge i bhfoirm nua-aimseartha…

Is fada lucht léitheoireachta na Gaeilge bheith ag gearán nach bhfuil teacht ar sheanscéalta na Gaeilge i bhfoirm nua-aimseartha.

Ní mór Sean-Ghaeilge bheith agat go minic nó teacht ar lámhscríbhinní le go mbeifeá ábalta mórán de na scéalta traidisiúnta is cáiliúla a léamh. Seans nach mbeidh ar údar ar bith eile tabhairt faoin dúshlán sin nó tá Colmán Ó Raghallaigh ag scríobh, ag foilsiú agus ag maisiú leis.

Is é an scéal is clúití den iomlán, An Táin (Cló Mhaigh Eo, €10), an foilseachán is déanaí uaidh. Tugtar "úrscéal grafach" ar shaothar seo Uí Raghallaigh agus leanann sé den chur chuige ráthúil céanna agus a chleacht sé sna húrscéalta grafacha eile.

Is é is ciall leis sin go n-insíonn sé scéal i bhfoirm pictiúirí. Agus a leithéid de phictiúirí. Tá dathanna anseo a spreagfaidh súil léitheora, bíodh sé óg nó aosta. Tá téacs leis na pictiúirí, gan amhras, ach is cuid den scéal iad seachas an scéal ar fad. Sárshaothar.