Seasuir suilt

Cuirfear tús le séasúr nua Sult Déardaoin 26ú Meán Fómhair sa Castle Inn, Teampall Chríost, Baile Átha Cliath

Cuirfear tús le séasúr nua Sult Déardaoin 26ú Meán Fómhair sa Castle Inn, Teampall Chríost, Baile Átha Cliath. Is teacht le chéile neamhfhoirmeálta é Sult a chuireann ceol agus cuideachta ar fáil do dhaoine ar mian leo a gcuid Gaeilge a úsáid.

Is ag 9 p.m. a thosaíonn sé agus beidh sé ar siúl dara gach seachtain ó Mheán Fómhair go Bealtaine 2003. Eolas: 086-4073284

Tosóidh séasúr nua imeachtaí sa Bhéal Binn, club amhránaíochta, i gClubtheach na nIascairí, Bóthar na Trá, Bré, Co Chill Mhantáin, oíche Aoine ag 9 p.m.