Seoladh an Ghuim

Fáilte roimh an phobal - sin an teachtaireacht ó Fhoras na Gaeilge agus an Gúm agus iad ag seoladh leabhair na bliana tráthnóna…

Fáilte roimh an phobal - sin an teachtaireacht ó Fhoras na Gaeilge agus an Gúm agus iad ag seoladh leabhair na bliana tráthnóna amárach ag 6pm i gceannáras an Fhorais, 7 Cearnóg Mhuirfean, Baile Átha Cliath.

Beidh réimse mhór leabhar ar taispeáint - ábhar do dhaoine óga go dtí ábhar do dhéagóirí agus ba mhian leis an Fhoras cuireadh a chur ar gach aon duine bheith i láthair leis an ócáid a cheiliúradh.

Beidh Aoife Ní Thuairisg, bean Paisean Faisean, i mbun na hócáide. Mar sin, ní hamháin go bhfaighfeá deis na leabhair a bhreathnú ach cá bhfios nach bhfaighfeá leid nó dhó faoi chúrsaí éadaí.