Seoltaí Nollag

TUARASCÁIL: B’FHÉIDIR GO maireann muid sa ré dhigiteach ach níl lucht na Gaeilge réidh le slán a fhágáil leis an leabhar a chuirtear…

TUARASCÁIL:B'FHÉIDIR GO maireann muid sa ré dhigiteach ach níl lucht na Gaeilge réidh le slán a fhágáil leis an leabhar a chuirtear i gcló, a scríobhann Pól Ó Muirí.

An tOllamh Alan Titley, ollscoil Chorcaí agus colúnaí leis an nuachtán seo, a sheol leabhar nua Matt Hussey, Fréamh an Eolais(Coiscéim, €15) arú aréir i mBaile Átha Cliath.

Is é atá sa leabhar díolaim eolais ar an saol nádúrtha agus ar chúrsaí eolaíochta agus é mar chuspóir ag Hussey an t-eolas sin a chur i láthair an léitheora ar bhealach inléite agus soléite.

Agus é ag seoladh an tsaothair, dúirt Titley gur "ciclipéid mhór chuimsitheach ar an eolaíocht agus ar an teicneolaíocht is ea leabhar Mhatt. Tá breis mhaith agus 800 leathanach ann san iomlán, gach uile rud ann ón ailtire Hugo Aalto go dtí Vladimir Zworykin arb é athair na teilifíse é.

"Seo é an leabhar is cuimsithí faoi chúrsaí na heolaíochta dár foilsíodh riamh sa Ghaeilge. Gaisce oibre ó dhuine a shaothraigh an eolaíocht trí Ghaeilge le fada, agus gaisce eolais agus foilsitheoireachta chomh maith céanna".

Díolaim de chineál eile a seoladh sa Goethe-Institut i mBaile Átha Cliath aréir, díolaim filíochta i nGaeilge, Béarla agus Gearmáinis leis an fhile Gearmánach, Matthias Politycki, Sphärenmusik/Ceol na Sféar(Coiscéim, €9). Tá Politycki ar dhuine de na filí is mó le rá sa Ghearmáin i láthair na huaire agus is iad Gabriel Rosenstock agus Hans-Christian Oeser atá freagrach as é a thiontú ó Deutsch go Gaeilge agus Béarla.

Mhol Rosenstock Coiscéim as a gcuid oibre san earnáil seo agus dúirt go gcaithfidh scríbhneoirí agus foilsitheoirí na Gaeilge ceist a chur orthu féin an raibh siad ag iarraidh "go n-áireofaí iad mar chuid de litríocht chomhaimseartha an domhain, an mian leo go mbeadh léitheoirí acu?

"Más é sin is mian leo, dáiríre, caithfidh siad teacht amach as an gclóiséad agus plé breá bríomhar a bheith acu lena gcomhfhoilsitheoirí agus a gcomhscríbhneoirí ar fud an domhain. É sin nó cúlú ón domhan agus dul i bhfolach i sliogán bréan atá ag éirí níos lú agus níos dorcha in aghaidh an lae".

Is é an tOllamh Mícheál Ó Cróinín a sheolfaidh LeabhairCOMHAR anocht ag 6pm sa Leabharlann Náisiúnta, Sráid Chill Dara, Baile Átha Cliath.

Cnuasach filíochta leis an fhile Gréagóir Ó Dúill – Annála– leabhar leis an scríbhneoir agus léachtóir Ríona Nic Congáil – Saol an Mhadra Bháin– agus saothar atá curtha in eagar ag Siún Ní Dhuinn – An Ghaeilge i gCéin– a chuirfear faoi chrann na Nollag.

Cnuasach eile filíochta a sheolfaidh an file Louis de Paor tráthnóna amárach ag 5pm ar Choláiste na hOllscoile, Corcaigh – Seán Ó Ríordáin: na dánta(Cló Iar-Chonnacht, €18).

"Uacht liteartha an Ríordánaigh" atá an comhlacht ag tabhairt ar an chnuasach nó tá saothar uile an fhile cháiliúil le fáil faoi aon chlúdach amháin den chéad uair riamh.

Agus beidh an scríbhneoir Liam Prút ag seoladh a úrscéil nua – Sna Flaithis go hArd(Coiscéim, €7.50) – i gClub an Chonartha, Sráid Fhearchair, Baile Átha Cliath, Dé hAoine ag 8pm.

Beidh muintir Sheáin Uí Shé (nach maireann) ina chuideachta agus iad ag seoladh dhá leabhar de chuid Uí Shé arís – Buile Shuibhne(Coiscéim, €7.50) agus Cuimhní Pinn, Cuimhní Cinn(Coiscéim, €10)