CROBHINGNE:TRÍ CHASADH na haimsire timpeall tá an clár atá á phlé ag casadh chomh maith céanna. Nuair a nocht an ghéarchéim áirithe seo ar an oíche chinniúnach sin Meán Fómhair 2008 ba dheas mar a bhí an chaint sóláis á scaoileadh chugainn.
Bhí an tuirlingt bhog fós san aer, cé go raibh an plab le cloisint go láidir ar gach céim den staighre síos. Ba ghairid, áfach, gur tosnaíodh ar chlár an phlé a ionramháil is a chur faoi smacht. Marcaigh ghruama sin an leithleachais agus na sprionlaitheachta ISME agus IBEC, b’iad a bhí i dtosach an ráis.
B’é an chéad chor ná rátaí pá agus tuarastail a reo. Cuireadh go lag ina gcoinne mar is dual do na ceardchumainn nach gcreideann a gcuid reitrice féin. Reodh pá agus tuarastal. Is ansin a tosnaíodh ar airgead a ghearradh. Cuireadh go lag ina choinne seo, leis, agus féach, gearradh an t-airgead.
Ansin déanadh Socrú Pháirc an Chrócaigh tar éis suathadh bréige agus cur is cúitimh. Bhí d’ainm air gurbh é seo deireadh an bhóthair agus tús an réitigh. Ní túisce an dúch triomaithe ná b’eo chugainn na gnáthamhrasáin ag drannadh chugainn arís. Chaithfí “féachaint arís air”. Chaithfí “díospóireacht a mhúscailt” mar gheall ar an socrú.
Nuair a chloiseann tú an chaint seo chugat, bí ar d’aire! Nuair adeir polaiteoir de chuid Pháirtí na Fola go gcaithfimid “díospóireacht” a bheith againn maidir lenár gcuid rannpháirtíochta in NATO, cuir i gcás, is é atá i gceist aige ná gur cheart dúinn clasú leo. Nuair a áitítear gur cheart ceist na dtáillí ollscoile do mhic léinn a phlé arís, is ionann sin is gur cheart iad a thabhairt ar ais.
Is i ndiaidh ar ndiaidh a chreimtear an caisleán. Níl de ghus ná de mhacántacht in ISME ná IBEC a rá lom amach gur cheart sclábhaíocht agus spailpíní agus scibhí aimsire a thabhairt ar ais, ach sin é ab áil leo. Ach is í comáint an chláir cainte an buachaill, is é stiúradh a bhfuil le plé cóir máireach siar ar an saol mór an ball ina bhfuil an chumhacht.
Bhí a lánfhios ag daoine meabhracha, voil, ar a laghad daoine nach raibh dallta ag solas an chaipitleachais chrobhnochtaithe, go raibh socrú tubaisteach úd oíche na scine fada bunoscionn leis an gceart agus botúnach agus breallsúnta. Ba mheasa ná sin, ní oibreodh sé.
Ach éagainn gan puinn céille ba ea iad dar le slua na n-eacnamaithe a raibh cluasa na meán acu. Geilt ba ea iad agus ciotóga cumannacha pinciúla. D’aithin an té nach raibh ach digití a choirp féin aige go gcaithfí bainc sheánaí agus fingeartaí a dhúnadh go pras, ach leanadh ar feadh i bhfad de bheith ag seánaínteacht agus ag fingeartúil. Tá an tuiscint sin nach mór ina chreideamh ortadocsach anois, breis agus dhá bhliain ródhéanach.
Tuigeadh, leis, go gcaithfí na bonnyholdairí a dhó, bíodh gurbh fhearr iad a loscadh. Tá fós á chur ina aghaidh sin mar ní foláir nó go bhfuil cuid mhór acu inár measc féin. Ach nuair adeir Seansailéir na Gearmáine é, creid mé leis, go gcaithfear múscailt.
Is ionann bonnyholdar agus an té a chuireann geall i mBaile na Lobhar nó a chaitheann airgead timpeall ar rásaí Lios Tuathail. Thóg sé tamall sular fhás an tuiscint sin go mall mar is i gcuibhreann a chéile a bhíonn na daoine a leagann clár an phlé amach.
Conas a thagann ann don athrú meoin, mar sin? Uaireanta gabhann neart fianaise dobhréagnaithe i bhfeidhm, bíodh go raibh sin ródhéanach do na céadta míle san Iaráic nuair a thit na WMDna anuas ón aer orthu ar mhachairí nach raibh WMDna ar bith orthu roimhe sin.
Uaireanta eile, is oibriúchán uidh ar n-uidh, de réir a chéile, braon ar bhraon a bhíonn ann go dtí go gcaitear díonchosaint an duine; b’in mar a bhí i gcás an áitimh a leanadh de shíor maidir le meas a thabhairt do na saighdiúirí sin as Éirinn a bhí ag troid ar son na Breataine.
Agus uaireanta eile fós, is le teann tuirse a réabtar an toil, mar a tharla nuair a hiarradh ar mhuintir an Stáit vótáil in dhá reifreann eile a raibh diúltaithe dóibh cheana.
Séideann gaotha inár dtreo, ach ní bhíonn i gcónaí soiléir cé tá á séideadh. Má tá a leithéid de rud is spiorad an ama ann, bí cinnte de go bhfuil fuil agus feoil laistiar den taibhse áirithe sin.
Daoine a scríobh an buiséad, an cháinphianós is déanaí. Daoine is ea “an margadh”. Daoine is ea a shocraíonn cad a bheidh á phlé agat. An chéad uair eile a chuireann siad eitleog in airde, bí ar d’aire nach dtiocfaidh sé anuas arís ina pléascán.