Stadas Conartha

Is é "Stádas Oifigiúil don Ghaeilge san Aontas Eorpach" an téama mór a bheidh faoi chaibidil ar Ardfheis Chonradh na Gaeilge …

Is é "Stádas Oifigiúil don Ghaeilge san Aontas Eorpach" an téama mór a bheidh faoi chaibidil ar Ardfheis Chonradh na Gaeilge ag an deireadh seachtaine in Óstán an Old Ground, Inis, Co an Chláir.

An Coimisinéir Teanga, Seán Ó Cuirreáin, a osclóidh an ardfheis go hoifigiúil oíche Aoine ag 9 p.m. Is é cathaoirleach Ghaelscoileanna, Dónall Ó hAiniféin, a thabharfaidh eochairchaint na hócáide ag 4 p.m. Dé Sathairn.

Déanfaidh teachtaí plé fosta ar chúrsaí oideachais agus Gaeltachta.

Beidh toghchán ar siúl don uachtaránacht ó tharla an t-uachtarán reatha, Séagh Mac Siúrdáin, bheith ag éirí as. Is iad Nollaig Ó Gadhra agus Helen Ó Murchú an bheirt atá san iomaíocht. Cuirfear fáilte roimh chuairteoirí. Eolas: 01-4757401 nó www.cnag.ie