Teanga o chion?

Ceist a chuireann Máirtín Ó Murchú ag tús a phaimfléid Ag dul ó chion? Cás na Gaeilge 1952-2002

Ceist a chuireann Máirtín Ó Murchú ag tús a phaimfléid Ag dul ó chion? Cás na Gaeilge 1952-2002. Mar sin féin, is beag amhras faoi fhreagra na ceiste faoi dheireadh a ailt - tá an Ghaeilge ag dul ó chion.

Is mar chaint ag Daon-Scoil na Mumhan a tugadh an léacht seo an chéad lá riamh. Is áisiúil gur chinn an Aimsir Óg ar an saothar a fhoilsiú i bhfoirm leabhráin. Achoimre ghonta, ghéarchúiseach ar cheist na teanga atá ann, láimhleabhar ar mheath agus ar éidreoir i gcaibidilí gairide.

Ní hionann sin is a rá go mbaineann Ó Murchú leis an eite sin a cháinfeadh gach aon bheart rialtais. Is ábhar imní é meath na Gaeltachta agus caithfimis a aithint "go bhfuil seasamh sochaíoch na teanga i gcontúirt mhór, sa mhéid go bhfuil an pobal is dlúithe a bhaineann léi ag leá leo go mall".

Ach is ábhar dóchais é nach "beag a bhfuil d'athghabháil déanta ag an nGaeilge ar fud an Stáit, agus 353,663 á mhaíomh go mbíonn sí á labhairt go laethúil acu.

READ MORE

"Ón uair gur de thairbhe polasaithe oifigiúla atá toirt san fhigiúr sin in aon chor, ní foláir dúinn a aithint gur toradh dearfa amháin é, toradh suaithinseach, ar an tacaíocht institiúideach agus reachtúil a dheimhnigh an Stáit i dtús a ré bheith ar fáil don teanga."

Scríobhann sé fosta gur "mór an t-easnamh faoi láthair é gan údarás Gaeilge bheith ann a bheadh freagrach don Stát seo amháin. Ná níl aon chúis ann nach mbunófaí a leithéid go reachtúil."

Ó tharla Foras na Gaeilge bheith "ar scaradh idir dhá líomatáiste flaithiúnais" thiocfadh dó go mbeadh drochthionchar aige sin ar an Acht Oideachais agus ar an Chomhairle um Oideachas Gaeltachta agus Gael-Scolaíochta. "An bhfuil sé in am ag lucht na Gaeilge tosú ar bheith imníoch fúthu?"

Ag scríobh faoi chúrsaí bunoideachais, aithníonn Ó Murchú éifeacht na ngaelscoileanna i bhforbairt na teanga ach fiafraíonn sé an bhfuil an chontúirt ann go soláthraíonn an éifeacht sin leithscéal don Stát neamhiontas a dhéanamh den teanga sna bunscoileanna Béarla:

"Má thagann i gceist go dtuigfear don Stát atá anois againn go bhfuil an dualgas i leith na Gaeilge á chomhlíonadh trí na gaelscoileanna amháin, i. trí chéatadán fíoríseal de scoileanna na tíre, agus nach cás a mbeidh ar siúl sa tromlach mór eile de bhunscoileanna, beidh céim an-mhór ar gcúl tugtha ag an nGaeilge san oideachas."

  • Ag dul ó chion? Cás na Gaeilge 1952-2002 (An Aimsir Óg, EURO5) le Máirtín Ó Murchú