Teastas teanga

Beidh an cúrsa don Teastas i dTeagasc na Gaeilge ar siúl in Institiúid Teicneolaíochta na Gaillimhe/Maigh Eo idir an Mháirt 29ú…

Beidh an cúrsa don Teastas i dTeagasc na Gaeilge ar siúl in Institiúid Teicneolaíochta na Gaillimhe/Maigh Eo idir an Mháirt 29ú Meitheamh agus an Aoine, 23ú Iúil, i mbliana.

Tabharfar léachtaí ar chomhrá, cheapadóireacht, ghramadach, fhilíocht, phrós agus léitheoireacht. Beidh léachtaí speisialta ar mhúinteoireacht feabhais, mhúinteoireacht cumais mheasctha, ar mhúineadh na filíochta go cumarsáideach agus ar fhealsúnacht na hAthbheochana.

Caithfidh foirmeacha iarratais bheith ar ais ag an Roinn Oideachais agus Eolaíochta Dé Luain 31ú Bealtaine, 2004. Eolas: 090-6442727.