Teip teicneolaiochta

Mar chuid de Sheachtain na Gaeilge, rinne TG4 roinnt tuairiscí ar eagrais Ghaeilge

Mar chuid de Sheachtain na Gaeilge, rinne TG4 roinnt tuairiscí ar eagrais Ghaeilge. Cuireadh cuireadh ar an iriseoir seo cúpla líne a rá faoi Raidió na Gaeltachta.

Bhí ceannasaí an stáisiúin, Tomás Mac Con Iomaire, i stiúideo TG4 i mBaile na hAbhann agus é le cur faoi agallamh ag deireadh na míre.

Ar an drochuair, theip ar mhaidhc Mhic Con Iomaire agus ní bhfuair an lucht féachana deis mórán dá raibh le rá aige a chluinstin. (Ardteicneolaíocht, cá bhfuil tú?)

Aisteach go leor, tharla eachtra den chineál céanna roimhe seo, tráth ar thug an colún seo léargas criticiúil ar RnaG. Cuireadh an scríbhneoir seo agus Mac Con Iomaire faoi agallamh ar chlár de chuid a stáisiúin. An iarraidh sin, áfach, ní thiocfadh liomsa Mac Con Iomaire a chluinstin agus é ag caint, rud a d'fhág faoi mhíbhuntáiste mé. (Ach, arís eile, b'fhéidir gur mhaith an rud nach raibh mé ábalta é a chluinstin. Níor chosúil dea-spionn bheith air!)

READ MORE

Dhá agallamh agus dhá theip teicneolaíochta. Comhtharlú? Na daoine beaga ar obair? Nó an toradh a bhíonn ar dhá rud rua a chur ag caint ag an am amháin ar na haerthonnta?