TG4 sásta lena gcaidreamh craoltóireachta leis an lucht féachana

TÁ POBAL na Gaeilge níos dílse do chláracha áirithe ar TG4, ar nós Ros na Rún agus GAA Beo, ná mar atá siad do chuid de na cláracha…

TÁ POBAL na Gaeilge níos dílse do chláracha áirithe ar TG4, ar nós Ros na Rún agus GAA Beo, ná mar atá siad do chuid de na cláracha is mó éilimh sa tír ar nós The Late Late Show agus Fair City.

De réir suirbhé nua a rinne IPSOS MRBI do TG4 ar “chroí-lucht féachana” an stáisiúin, tá Ros na Rún, GAA Beo agus Nuacht TG4 i measc na gcláracha is mó go mbíonn pobal na Gaeilge ag féachaint orthu.

Thug 51 faoin gcéad den 550 duine le Gaeilge a ceistíodh mar chuid den suirbhé le fios go ndearna siad iarracht i gcónaí gan Ros na Rún agus GAA Beo a chailliúint.

45 faoin gcéad díobh siúd a ceistíodh a dúirt go ndearna siad iarracht gan The Late Late Show a chailliúint.

READ MORE

Bhí tóir i bhfad níos mó ag pobal na Gaeilge ar an sobaldráma Gaeilge Ros na Rún ná mar a bhí acu ar a mhacasamhail i mBéarla.

36 faoin gcéad a dúirt go ndearna siad iarracht gan Coronation Street a chailliúint agus dúirt 24 faoin gcéad díobh siúd a ceistíodh an rud céanna mar gheall ar Fair City.

De réir an tsuirbhé déanann 36 faoin gcéad de phobal na Gaeilge iarracht gan Nuacht TG4 a chailliúint.

Is cosúil go bhfuil pobal na Gaeilge deighilte mar gheall ar chur chuige dátheangach TG4.

Dúirt 43 faoin gcéad díobh siúd a ghlac páirt sa suirbhé gur chóir go mbeadh gach clár ar TG4 i nGaeilge agus 40 faoin gcéad a dúirt a mhalairt.

Bhí difríochtaí sa suirbhé idir nósanna féachana mhuintir na Gaeltachta agus Gaeilgeoirí a bhfuil cónaí orthu lasmuigh di.

Dúirt 57 faoin gcéad de rannpháirtithe an tsuirbhé ón nGaeltacht gur fhéach siad go rialta ar Ros na Rún i gcomparáid le 30 faoin gcéad lasmuigh den Ghaeltacht.

Bhí tóir níos mó chomh maith ag muintir na Gaeltachta ar Nuacht TG4 ná mar a bhí ag lucht na teanga sa Ghalltacht.

A mhalairt a bhí fíor i gcás an chláir Rugbaí Beo le 28 faoin gcéad de phobal na Gaeltachta ag féachaint go rialta air le hais 44 faoin gcéad lasmuigh den Ghaeltacht.

Bhí Nuacht TG4 ar an dara clár nuachta is minice go mbíonn pobal na Gaeilge ag féachaint air, taobh thiar den RTÉ Nine O’Clock News.

43 faoin gcéad de na rannpháirtithe a dúirt gurbh é an RTÉ Nine O’Clock News an clár nuachta is minice go mbíonn siad ag féachaint air.

Dúirt 23 faoin gcéad gurbh é Nuacht TG4 an clár nuachta is minice go mbíonn siad ag féachaint air agus dúirt an céatadán céanna daoine amhlaidh faoin Six One News ar RTÉ.

Dúirt 68 faoin gcéad díobh siúd a ceistíodh gur fhéach siad ar Nuacht TG4, rud a d’fhág an clár nuachta Gaeilge chun cinn ar gach aon chlár nuachta eile seachas an RTÉ Nine O’Clock News.

Mheas 39 faoin gcéad de mhuintir na Gaeltachta go raibh an clúdach a rinne Nuacht TG4 ar an nuacht áitiúil “thar barr”.

Ní dúirt ach 14 faoin gcéad amhlaidh faoi chlúdach an RTÉ Nine O’Clock News ar nuacht áitiúil.

Dúirt Leascheannasaí TG4 Pádhraic Ó Ciardha gur chruthaigh torthaí an tsuirbhé go raibh TG4 “i dtiúin” lena chroí-lucht féachana: “Léiríonn na torthaí go bhfuil dílseacht iontach ag croí-lucht féachana TG4 do chláracha ar nós Ros na Rún.

“Deis thábhachtach atá sna suirbhéanna seo labhairt go díreach leis an gcroí-phobal agus deimhníonn an suirbhé go bhfuil tuiscint mhaith idir sinn féin agus an an pobal sin, thuaidh agus theas, go bhfuilimid i dtiúin lenár bpobal agus go bhfuil iontaobh acu asainn dá bharr.”

Thug an leascheannasaí suntas chomh maith do na torthaí a bhain le Nuacht TG4: “Is iontach an rud go bhfuil an oiread sin measa ag an gcroí-phobal féachana ar Nuacht TG4 agus is léir go bhfuil ag éirí leis an tseirbhís shainiúil nuachta atá againn freastal ar ár bpobal.”

Mar chuid den suirbhé líon breis agus 80 duine sa Tuaisceart isteach ceistneoir ar líne faoina nósanna féachana.

Ba iad Nuacht TG4, Laochra Gael, Rásaí na Gaillimhe agus GAA Beo na cláracha is mó a thaitin le muintir an Tuaiscirt.

Dúirt 83 faoin gcéad de na rannpháirtithe thuaidh gur fhéach siad ar Nuacht TG4 rud a d’fhág an feasachán nuachta Gaeilge i bhfad chun cinn ar gach clár nuachta eile.

Bhí tábhacht ar leith ag baint leis an gcuid seo den suirbhé, a dúirt Ó Ciardha: “Déantar na suirbhéanna seo gach cúpla bliain ach seo an chéad uair go raibh deis againn lucht féachana an Tuaiscirt a chur san áireamh agus is léir go mbraitheann ár lucht féachana ó thuaidh go bhfuil úinéireacht acu freisin ar an tseirbhís agus tá sé sin an-tábhachtach dúinn.”

Bhí formhór de rannpháirtithe an tsuirbhé, thuaidh agus theas, sásta le suíomh idirlín TG4.

Dúirt 44 faoin gcéad de mhuintir na Gaeltachta agus 65 faoin gcéad de rannpháirtithe na Galltachta, áfach, gur thug siad cuairt ar tg4.ieníos annaimhe ná uair sa mhí.

Dúirt Pádhraic Ó Ciardha go raibh forbairt leanúnach á dhéanamh ag an stáisiún ar a suíomh idirlín.