Thug lucht turasóireachta chun na tíre seo le fios nach raibh siad chomh tógtha sin le hÉirinn mar aonad saoire. Is ionann cathracha na tíre seo agus cathracha eile Eorpacha; mhothaigh muintir na Breataine sin ach go háirithe agus an ceart ar fad acu.
Níl mórán sa difear idir Dùn Eideann agus Baile Átha Cliath ó thaobh siopaí agus bialanna de.
Is é an t-athrú is mó a shonraíonn tú mar chuairteoir go Dùn Eideann easpa Gàidhlig ar na comharthaí sráide. Leoga, ní thuigfeá Gàidhlig bheith á labhairt in Albain agus tú ar cuairt san ardchathair.
Is ceacht thar a bheith simplí é ag eagrais atá ag iarraidh daoine a mhealladh go hÉirinn. Déantar teagmháil leis na hionaid chultúrtha agus iarrtar orthu imeachtaí - bunaithe ar theanga agus ar thraidisiúin na Gaeltachta - a eagrú.
Difriúil go maith atá damhsa ar an sean-nós; níos difriúla arís é ach duine éigin é a chur i láthair an turasóra i nGaeilge.