Tir ilteangach

Tá Conradh na Gaeilge ag eagrú comhdháil oideachais, "Múineadh na Gaeilge ar Scoil sa Chomhthéacs Ilteangach agus Eorpach," i…

Tá Conradh na Gaeilge ag eagrú comhdháil oideachais, "Múineadh na Gaeilge ar Scoil sa Chomhthéacs Ilteangach agus Eorpach," i gColáiste na Tríonóide, Baile Átha Cliath, Dé Máirt seo chugainn. Díreoidh an chomhdháil ar mholtaí chun múineadh agus foghlaim na Gaeilge sa chóras oideachais a fhorbairt.

Dúirt uachtarán Chonradh na Gaeilge, Daithí Mac Cárthaigh: "Faoi láthair tá muintir na hÉireann ag bunléig na hEorpa ó thaobh chumas na dteangacha. Is í an aidhm atá ag an gConradh go samhlófar ilteangachas leis na hÉireannaigh agus, ar ndóigh, ardchumas sa Ghaeilge mar bhunchloch an ilteangachais sin.

"Is í aidhm na comhdhála na páirtithe leasmhara a thabhairt le chéile chun a gcuid saineolais a roinnt lena chéile agus leis an bpobal chun moltaí praiticiúla don ghearrthéarma agus don mheántéarma a bheachtú."

Labhróidh An tOllamh David Little, Ollamh Comhlach le Teangeolaíocht Fheidhmeach, ar an ghá le Curaclam Comhtháite Teangacha sa chomhthéacs ilteangach agus Eorpach.

READ MORE

Beidh iarcheannaire Choláiste Mhuire Marino, Caoimhe Máirtín, ag moladh go gcaithfeadh gach ábhar oide bunscoile tréimhse bliana acadúla as an chúrsa traenála ag plé le tumoideachas; ag foghlaim faoin tumoideachas agus tríd an tumoideachas.

Beidh an Dr. John Harris, Léachtóir Sinsearach le Sícitheangeolaíocht, ag cur síos ar an taighde a rinne sé le déanaí "An Ghaeilge sna Bunscoileanna: Treochtaí Náisiúnta Fadtéarmacha in Inniúlacht". Creideann sé gur cheart go múinfí ábhar, de bhreis ar an Ghaeilge, trí Ghaeilge do gach dalta bunscoile. Molfaidh Colmán Ó Raghallaigh, múinteoir agus ball de Choiste Gnó an Chonartha, go bhforbrófaí dhá shiollabas don Ghaeilge ag an dara leibhéal: "Teanga na Gaeilge" agus "Litríocht na Gaeilge".

Eolas: 01-4757401 nó ardrunai@cnag.ie