Tostal na Gaillimhe

Tá an clár do Thóstal na Gaeilge socraithe anois

Tá an clár do Thóstal na Gaeilge socraithe anois. Beidh an Tóstal ar siúl i gcathair na Gaillimhe idir Dé hAoine 15ú agus Dé Sathairn 16ú Feabhra. Is é "Éilimh Phobal na Gaeilge don Ghaeilge ar an gCéad Rialtas Eile" téama na comhdhála.

Is é is cuspóir leis an ócáid na nithe is cás le pobal na Gaeilge agus na Gaeltachta a phlé; deis a thabhairt don phobal a dtuairimí a nochtadh agus clár moltaí a aontú agus iad a chur faoi bhráid na bpáirtithe.

Beidh an oscailt oifigiúil ann ag 7 p.m. oíche Aoine. Leanfar sin le:

Polasaithe na bPáirtithe Polaitiúla, 9 p.m. Beidh an tAire Stáit Máire Ní Chochláin (FF); Trevor Sargent TD (An Comhaontas Glas); Donnchadha Mac Fhionnlaoich TD (FG); Micheál D. Ó hUiginn TD (Páirtí an Lucht Oibre); an Seanadóir Máirín Quill (An Páirtí Daonlathach); Gearóid Ó hEara (SF) agus Pádraig Ó Mainnín (Páirtí na nOibrithe) i láthair.

READ MORE

Dé Sathairn, beidh cainteanna ar:

Cearta Daonna - Cearta Teanga, 9.30 a.m. Cainteoirí: John Walter Jones, Príomhfheidhmeannach Bhord na Breatnaise; Seosamh Mac Donnchadha, Príomhfheidhmeannach Fhoras na Gaeilge; Janet Muller, Stiúrthóir Phobal; Peadar Ó Flathartha, Stiúrthóir Chomhdháil Náisiúnta na Gaeilge agus an tOllamh Joseph-G Turi, Acadamh Idirnáisiúnta um Dlí Teangeolaíoch, Ceanada.

Struchtúir nua sa Chóras Oideachais - Áit na Gaeilge, 11.20 a.m.

An Ghaeltacht - Ceantar Tíre nó Ceantar Teanga, 2.15 p.m. Cainteoirí: Muireann Ní Mhóráin, Comhluadar; Séamas Mac Seáin, pobal Bhéal Feirste; Donncha Ó hÉalaithe, Pléaráca; Breandán Mac Gearailt, comhalta de chuid bhord Údarás na Gaeltachta.

Éilimh Phobal na Gaeilge, 4.15 p.m. Dé Sathairn;

Cearta Daonna - Cearta Teanga - Peirspictíocht Idirnáisiúnta, 8 p.m. Cainteoirí: An tOllamh Fionnuala Ní Aoláin, Ollscoil Uladh agus an tOllamh Joseph-G Turi.

Tuilleadh eolais le fáil: 01-6794780 nó comhdhail@comhdhail.ie