An Peann Coitianta: 'Fiafraím, cá bhfuil bunús na filíochta i nduine; ina chorp nó ina anam? Deir roinnt daoine go bhfuil sé san anam, óir ní dhéanann an corp aon ní gan anam.
"Deir a thuilleadh daoine go bhfuil sé sa chorp ón uair go bhfuil sé i nduine de réir ghaol coirp i. ó athair nó ó sheanathair, ach is fírinní a rá go bhfuil bunús na filíochta agus an fheasa i ngach duine corportha, ach ní léirítear é i ngach re duine, agus sa duine úd thall, déantar".
Ceann de na téacsanna a bhfillim air ó am go ham é The Caldron of Poesy ar fhoilsigh Liam Breatnach leagan de in Ériu 32 (1981). Leagan garbh Nua-Ghaeilge iad na línte thuas d'alt amháin as.
Ón ochtú haois luath a thagann an téacs chugainn, de réir dealraimh. "Trí choire na filíochta agus an léinn" ba chóra a thabhairt ar an téacs dar leis an eagarthóir.
Roscanna filíochta, iad nasctha le tráchtaireacht i bprós, atá sa bhuntéacs. Meafar atá sa choire den chorp agus den sícé daonna. Ráiteas neamhchoitianta aeistéiticiúil atá sa téacs - "central to the text is the idea of the cauldron as the source of ability in poetry" - é bunaithe ar thrí choire: Coire Goiriath, Coire Érmai agus Coire Sois. Deir an téacs go bhfuil na trí choire i ngach duine beo. Is dócha go raibh grinnstaidéar déanta ag Beckett air.
Baineann an Coire Goiriath le bunfhoghlaim na gramadaí, na scríbhneoireachta agus meadarachtaí, is iad sin na bunscileanna ba ghá chun tosnú amach ar bhóthar na filíochta nó an "aircheatail".
"Coire Goiriath, it is that which is generated upright in a person from the first; out of it is distributed knowledge to people in early youth".
Staid idrmheánach is ea Coire Érmai: "The Cauldron of Érmai, then, after it has been converted it magnifies; it is that which is generated on its side in a person."
Coire Sois, an chéim is airde. "The Cauldron of Knowledge, it is that which is generated upside down, and out of it is distributed the knowledge of every other art besides poetic art".
Ciallaíonn "sous" nó "soas" nó "sós" "knowledge, science, learning, poetic lore" de réir an fhoclóra Shean-Ghaeilge.
Ar an dara coire is mó ar fad a déantar tráchtaireacht sa téacs. "Coire Érmai, mar sin, is béal faoi atá sé i ngach re duine, i.e. san aos aineolach (aos dois)... It is on its side in those who practise bairdne and raind. It is upright in the ánroth's of knowledge and poetic art. And the reason, then why everyone else does not practise at that same stage is because the Cauldron of érmae is upside down in them until sorrow or joy converts it."
Is sa choinbhéartú seo, san iompó, is mó atá mo spéis féin. Coinbhéartú meoin nó iompú ar ais de thoradh bróin aguas áthais. Creidim gur téacs feasa é seo, a bhfuil a mhacallaí le cloisint i scríbhinní John Main, an t-údar Beinidictíneach a scríobh Word into Silence agus The Inner Christ agus a tháinig go mór faoi anáil fhealsúnacht agus chleachtaisí an Oirthir.
Tráchtann sé féin ina scríbhinní inspioráideacha - ina bhfuil "an tein feasa" mar a deir ár dtéacs féin - "We must make contact with the power of God and somehow, open our own fragile "earthen vessels" to the eternal love of God." Is fada siar a théann meafar an tsoithigh chré agus an choire.
Is oth le Main go mór gur chuaigh traidisiúin agus cleachtais mhisteacha na hEaglaise Críostaí san Iarthar ar lár - mhaireadar in Eaglais Chríostaí an Oirthir - ach an amhlaidh gur fáisceadh téacs na SeanGhaeilge amach as an traidisiún céanna agus é fós beo san ochtú haois in Éirinn?
Creidim féin, agus is go hinstinniúil amháin atá bunús leis, go bhfuil na tuiscintí 'Oirthearacha' mar a bheadh cúlbhrat leis an méid atá á rá i "Trí choire na filíochta".
Gan an friotal a bhac, d'fhéadfadh an tráchtaireacht seo ar an Coire Érmai a bheith tagtha amach as scríbhinní Bede Griffiths, John Main nó b'fhéidir Thomas Merton. "How many divisions are there of the sorrow which converts it? (Coire Érmai). Not difficult. Four: eolchaire (longing), cumae (grief) agus brón éada (and the sorrow of jealousy) agus ailithre ar Dia (and exile for the sake of God) and it is internally that these four make it upright, although they are produced from outside."
Tráchtann an téacs ar "fáilte an imbas" is é sin, áthas na filíochta agus an iomasa agus ar an bhfáilte dhiaga nó áthas diaga, agus gurb é an rath diaga (grásta diaga) a chuireann an Coire Érmai ina sheasamh in airde.
Beidh mé ag filleadh, is léir, arís agus arís eile ar "Trí choire na filíochta".