Triobloid

Fillfidh Níor Mhaith Linn do Thrioblóid le Joe Steve Ó Neachtain ar Thaibhdhearc na Gaillimhe Dé Máirt 1ú Aibreán go dtí Dé Domhnaigh…

Fillfidh Níor Mhaith Linn do Thrioblóid le Joe Steve Ó Neachtain ar Thaibhdhearc na Gaillimhe Dé Máirt 1ú Aibreán go dtí Dé Domhnaigh 6ú Aibreán.

Tá dea-scéal do lucht amharclainne i mBaile Átha Cliath nó beidh an dráma le feiceáil sa Theatre Space @ The Mint, Dé Luain 14ú go dtí Dé Domhnaigh 20ú Aibreán. Ina dhiaidh sin, beidh sé le feiceáil i gCill Rónán, Árainn, Co na Gaillimhe, Dé Céadaoin 23ú agus Déardaoin 24ú Aibreán. Gach léiriú ag 8 p.m.

Dúirt Bridget Bhreathnach thar ceann na hamharclainne go raibh "an-ríméad" orthu an dráma seo a stáitsiú as an úr.

"Léirigh muid an dráma den chéad uair dhá bhliain ó shin. Bhí an oiread sin éilimh air gur shocraigh muid é a léiriú arís mar chuid lárnach de cheiliúradh 75 bliain na Taibhdheirce mar Amharclann Náisiúnta na Gaeilge."

READ MORE

Eolas: 091-562024