CROBHINGNE:D'IMIGH TRIÚR uainn le coicíos anuas a bhain leis an nglúin chéanna Éireannach ach nárbh í an Éire chéanna a n-ionad cónaithe. Samhail iad de na hÉirí éagsúla a mairimid iontu agus nach gá go gcuimileodh siad lena chéile beag ná mór ná idir eatarthu.
D’Éirinn na cosmhuintire cathrach ba ea Éire Patrick Galvin, ach níorbh í Éire na cosmhuintire cathrach faiseanta í. Bhí Seán O’Casey agus Brendan Behan in ann craiceann a chur ar chúlshráideanna Bhaile Átha Cliath, ach de réir is mar a chuaigh an t-uafás i léig is ea a d’éirigh an faisean in uachtar.
Ní raibh faisean ar bith ag baint le Patrick Galvin. Ba chraiceann gan luach é. Ba dhuine de na buachaillí gránna é. Ar nós na beirte eile tháinig sé in aois nuair a bhí an cogadh cathardha beo agus go beithíoch ina theaghlach féin. Fág bochtaineacht na linne i leataoibh, más féidir, bhí de mhí-ádh sa bhreis air gur caitheadh isteach i gcarcair na n-ógánach é, carcair na scoileanna ceirde, na scoileanna ceartúcháin, na scoileanna bugaireachta, na scoileanna arbh é an ciúnas ina dtimpeall a n-oidhreacht go dtí gur thosnaigh sé, agus daoine eile, ar a bheith ag scríobh mar gheall orthu.
Ar nós na n-ealaíontóirí is fearr ar bith chuaigh sé síos i measc na ndaoine agus ghabh le hamhráin tíre is le drámaí a bhfreagródh taithí an duine shaolta leo. Is de shuaithinseacht gur léirigh sé na drámaí is fearr dá chuid sa dara cathair is mó in Éirinn, fad is gurbh é saol agus cleachtadh Chorcaí a spreag is a dhíspreag in éineacht é. Thabhaigh sé cáil dhéanach de bharr an scannáin Song for a Raggy Boy, ach is iad a chuid drámaí agus a chuid filíochta, seans, is fearr a mhairfidh.
Laoch de chuid na hamharclainne ba ea Tomás Mac Anna. Is mó an aithne agam a bhí air ná mar a bhí agam ar an mbeirt eile, bíodh go rabhas ina gcuibhreann ar fad, ann is as. Léirigh sé drámaí dem chuid agus ar nós drámadóra ar bith eile, mhúin sé ceachtanna géara solasta dom. Bhí sé go healaíonta ar an scian, agus ar an tua, agus ar an gcorrán, agus ar an mbéim, agus ar an lansa. Mura dtaitneodh líne leis, deireadh sé leat go neamhbhorb “Scríobh líne eile!”
Bhain an t-ordú céanna leis (ach go cineálta) sa chás is go raibh cóiriú stáitse uaidh: “Tá fathach uaim!” nó “Tugtar míol mór isteach!”, nó “Cá bhfuil an crith talún?” Agus an rud a d’iarradh, d’fhaigheadh.
San dírbheathaisnéis aige Fallaing Aongusa luann sé eachtra ina raibh an teaghlach aige amuigh i mBinn Éadair oíche, agus go ndúirt an leanbh is óige leo a bhí ag féachaint in airde ar na réaltaí: “Cén fáth nach ndúirt aon duine liom go raibh siad seo ann!?” B’é an t-iontas sin i dtaoibh na spéire agus na míorúiltí lastuas dínn a bhí á chomáint.
Mar phoblachtánach neamhleithscéalach, fíorneamhleithscéalach, bhí ardmheas aige ar Earnán de Blaghd! Ní dúirt sé smid ná luid ina choinne go fiú is má cheap sé nár bhain sé le sibhialtacht príosúnaigh a lámhach ar maidin le fáinne an lae.
Bhain athair Garret Fitzgerald leis na príosúnaigh a lámhachadh ar maidin le fáinne an lae, agus cé nach ndúirt sé pioc riamh ina choinne sin, ní raibh sé riamh ar son a leithéid ina bheatha pholaitiúil féin. Bhí sé ar an duine ba chaoine agus ba liobrálaí san rialtas ba mheasa dá raibh riamh againn (seachas an ceann cheana), rialtas na geainge troime, rialtas an dreama a scaoil le buamálaithe Bhaile Átha Cliath agus Mhuineacháin, rialtas náirithe an Uachtaráin, rialtas 1973-7.
Sampla iontach é de dhuine a raibh smaointe de shaghas áirithe aige agus a chomáin chun tosaigh iad le foidhne agus le deabhéasa. Thug sé misneach d’aontachtóirí an Tuaiscirt, gan na náisiúnaithe a fhágaint in isle bhrí, ar fad.
B’é Éire na linne é, Éire a chruthaigh sé é féin cuid mhór. B’é a bhí chomh casta leis an gcuid eile againn. É ar son na hEorpa thar lear go fiata, ach ar son na síochána mar sin féin.
É ar son na cothromaíochta, ach go mbeadh cead ag caipiteal a bheith ag caipitealú go caipitilíoch. É ar son na méise adhmaid, adéarfá, nuair ba spúnóg airgid a bhí aige féin.
Is é is tábhachtmhaire ar fad, gan amhras, ná gur chuaigh a chuid smaointe i bhfeidhm ar phobal na tíre in ainneoin nach raibh stíl scríbhneoireachta ar bith aige. Ní fíor sin ar fad, ar ndóigh, mar chleacht sé stíl Bhéarla a bhí chomh bríomhar le geir, chomh sprioc-chuiditheach le cosán sléibhe, chomh soiléir le pluda, chomh díreach le meitifisc Ghearmánach.
Níl sin chomh tromchúiseach, áfach, le cé acu ceann de na hÉirí seo ina bhfuilimid beo anois?