Triúr mór?

CROBHINGNE: TÁ DÁN ag an bhfile Albanach Iain Mac a’Ghobhainn ina dtráchtann sé ar an deighilt idir fhoghlaim an mhinistir léannta…

CROBHINGNE:TÁ DÁN ag an bhfile Albanach Iain Mac a'Ghobhainn ina dtráchtann sé ar an deighilt idir fhoghlaim an mhinistir léannta agus ar shimplíocht chreidimh seanmhná atá ag éisteacht leis i gcorp an teampaill.

Níor chuala sí siúd pioc mar gheall ar Mharx ná Freud ná Darwin, ach bhí beo laistigh de na tuiscintí teolaí traidisiúnta agus reiligiúnda lenar tógadh í. Luaitear an triúr seo mar samhlaítear gurb iad is mó a chuir an seansaol de dhroim seoil agus a leag a lapaí go láidir ar mheon ár linne.

Níl in aon ní ach seal beag gairid, agus is í an cheist ná cé mhéid dá lorg atá fós farainn. Is beag duine anois a chreideann san astralaíocht ná san ailcheimic bíodh is go bhfaigheann tú lucht a leanta sna bainc go dóite; agus cé gur ghéill mórán don laidhceantraipeolaíocht – an creideamh go bhféadfadh daoine iompó ina mac tírí – tráth dá raibh, d’imigh sin agus tháinig creideamh in Fianna Fáil ina háit.

Iarracht ar theoiric a mhíneodh bunfhothaí an tsaoil is ea a bhí ar siúl ag an triúr acu. I gcás Mharx teoiric don tsochaí a bhí i gceist, Freud teoiric faoi intinn an duine, agus Darwin teoiric um bhunús an ainmhí duine. Ach an bhfuil réim fós leo, nó an flógastón feasta iad?

READ MORE

Bhí tráth ann nuair a bhí leath an aosa intleachtúil ina Marxaigh agus leath an chine dhaonna faoi stiúir an Mharxachais. Tá an chuma air gur imigh leá chúr na habhann agus scrios an bhalla ar anáil Mharx, bíodh go bhfuil daoine fós ann ag mairgneach ina dhiaidh. Is beag duine a mhaíonn go hoscailte gur Marxach é, cé nach bhfuil siad ar fad imithe, tá’s agat. Fós féin, b’ionadh leat nach dtiocfadh leagan éigin den Mharxachas ar ais agus a bhfuil de scrios déanta ag an gcaipitleachas ar an domhan. Thuar Marx é féin an méid sin in Das Kapital, ach is fánach an duine a shroich chomh fada leis an leathanach sin ceal speile agus corráin agus cabhair drugaí. B’fhiú a thabhairt anuas den tseilf, mura mbeadh ann ach lena chaitheamh le cloigeann duine nach dtuigeann fós.

B’é Freud ba ghreannmhaire den triúr, cé nach dócha go raibh acmhainn grinn aige. Ní féidir nach mbeadh amhras ort faoi dhuine a scríobh a chéad pháipéar eolaíochta ar mhagairlí eascann agus a d’imigh i sleamhaine ina dhiaidh sin. Ní fios conas a tharla gur glacadh dáiríre le duine a raibh dúil ghnéis aige ina mháthair agus a bhunaigh teoiric faoin intinn air sin. B’fhéidir, gan amhras, dá mbeadh aithne againn ar a mháthair go mbeadh an dúil chéanna againne inti, ach níl sin deimhnitheach de réir na bpictiúr atá fecithe againn go dtí seo.

Tháinig sé ar an bhfionnachtain iontach ghléigeal úrnite gurbh fhiú le daoine labhairt faoina gcuid trioblóidí féin. Ina choinne sin, níl de chabaireacht ar Ros na Rún agus Fair City ach cabaireacht trioblóidí, agus ní léir go bhfuil aon duine díobh níos sona dá barr.

Ní ghéillfeadh sé gur bhinn béal ina thost dá mbrisfeadh na focail a shrón. Má thosnaíonn tú leis an téis gur citeal is ea an duine agus go bpléascfaidh sé mura scaoileann sé lena bhfuil ag beiriú istigh ann, ní hiontas gurb é gal a dheireadh.

Bhí taibhreamh agamsa uair amháin go raibh feascarlucha agus sciatháin leathair ag tuairteáil trí scioból m’intinne, ach b’shin toisc go raibh Dracula á léamh agam ag an am.

Déarfadh Freud gur comhartha iad den aimhréidh a bhíonn orm go rialta, agus nach foláir nó go raibh ceann díobh ag bagairt os cionn mo chliabháin im leanbh. Sa Chríostaíocht is samhail oilc agus urchóide é an sciathán leathair, ach san Oirthear is samhail athnuachana agus athbheochana é. Cuirtear síos an geall agus féach leat cad a bhainfidh tú!

Den triúr díobh is é Darwin is mó a bhfuil fás tagtha ar a cháil agus fíorú ar a theoiricí. Is fíor go bhfuil Creationist Museums agus Creationist Parks sna Stáit Aontaithe ina gcasaimid le daoine agus le dineasáir ag siúl go síochánta le chéile, in ainneoin gurb ait leat nach luaitear dineasár ar bith sa Bhíobla. Baineann lucht a páirte leis an tréimhse chéanna Iúrasach, ní foláir.

Tá glactha go forleathan le téis Darwin, fág sonraí ar na himill as an áireamh, ach b’ait leat nár thángathas ar theoiric na héabhlóide roimhe sin. Ba dhóigh leat go bhfuil an fhianaise gur síolraíodh ó ápaí éigin sinn os comhair ár dhá súil gach lá, gan aon pholaiteoirí faoi leith a lua.

Tá an chuma air go bhfuil Darwin ar thalamh slán, Marx ar scraith an ghlogair ach cos aige ar an mbruach, agus bhí Freud riamh le haer an tsaoil is le sióga na spreabhraídí. B’fhéidir go raibh bean Iain Mhic a’Ghobhainn níos fearr as ina haineolas féin.

Alan Titley

Alan Titley

Scríbhneoir agus scoláire é Alan Titley. Alan Titley, a contributor to The Irish Times, is a writer and scholar