Trófaí, a mhic!

AGUS Ó tharla Gael Linn luaite faoi dhó ar an cholún, tá sé chomh maith agam iad a lua arís

AGUS Ó tharla Gael Linn luaite faoi dhó ar an cholún, tá sé chomh maith agam iad a lua arís. Tá an páiste is sine agam ag freastal ar mheánscoil (Bhéarla) le cúpla bliain anuas agus ranganna Gaeilge aige mar chuid den chlár. (Ranganna, dála an scéil, a roghnaigh sé as a stuaim féin nó bhí rogha aige idir í agus an Spáinnis.)

Tháinig sé abhaile ar na mallaibh agus trófaí beag aige ó chomórtas thráth na gceist a reáchtáil Gael Linn. D’éirigh leis agus lena fhoireann an chéad áit a bhaint amach sa rannóg shóisearach.

Ba é a bhí bródúil as an ghradam. “Níl trófaí ar bith agatsa, an bhfuil?” a d’fhiafraigh sé díom go dalba agus b’éigean dom a admháil nach raibh. Caithfidh mé nóta a chur go Gael Linn tráth na gceist (seansinsearach) a reáchtáil don aoisghrúpa 40 plus!