Tuarascáil cháinteach; trádáil fhabhrach

BEOCHEIST: IDIR 27ú Nollaig, 2008, agus 20ú Eanáir, 2009, dhein arm Iosrael ionsaí scanrúil ar Stráice Gaza

BEOCHEIST:IDIR 27ú Nollaig, 2008, agus 20ú Eanáir, 2009, dhein arm Iosrael ionsaí scanrúil ar Stráice Gaza. Bhaist siad "Operation Cast Lead" ar fheachtas an uafáis inar maraíodh suas le 1,400 sibhialtach de chuid na Palaistíne, ina measc 116 bean is 313 páiste. Fágadh na mílte eile leonta gan fothain.

Ar 27ú Nollaig chuir Iosrael tús leis an ionsaí nuair a dheineadar bombardú ar 25 ceantar i nGaza laistigh de thréimhse chúig nóiméad. Deich nóiméad ina dhiaidh sin arís scaoileadar buambaí ar thrí scór áit a roghnaíodar roimh ré. An lá sin maraíodh ar a laghad 230 Palaistíneach. Ach i rith na coimhlinte seo níor maraíodh ach 13 d’fhórsaí Iosrael, ceathrar acusan ag “friendly fire”.

Dhírigh fórsaí Iosrael ar na limistéir faoi fhoirgnimh, thugadar faoi thithe na cosmhuintire le tancanna is gunnaí móra, dheineadar léirscrios ar ospidéil, ar scoileanna is ar an gcóras riaracháin. San iomlán dheineadar 2,300 ionsaí ón aer ar cheantar cúng Gaza. Ar 20ú Eanáir d’éiríodar as an ionsaí, díreach roimh inshealbhú Barak Obama mar uachtarán SAM. Níor dhein Obama tagairt don Mheánoirthear ina óráid. Ach nuair a labhair sé le ceannairí an domhain, dúirt sé “know that your people will judge you on what you can build, not on what you destroy”. N’fheadar an raibh teachtaireacht á cur aige go dtí Iosrael?

Ach ní raibh éinne ag éisteacht in Iarúsailéim. Dhaingnigh Iosrael a ghreim docht ar Ghaza, chuireadar bac ar chabhair dóibhsean a leagadh sa chogadh, chuireadar toirmeasc ar níthe mar stroighin a bhí ag teastáil le hinfreastruchtúr an réigiúin a chur ina cheart arís, agus níor ligeadh ach méid an-teoranta bia isteach i nGaza. Ní haon ionadh é gur chuir cabhlach na saoirse, an Mavi Marmara, an Rachel Corrie agus na longa eile chun farraige i mí Bealtaine, 2010.

READ MORE

In Aibreán na bliana 2009 chuir Coimisiún um Chearta Daonna na Náisiún Aontaithe (UNHRC) grúpa idirnáisiúnta neamhspleách le chéile féachaint ar sáraíodh dlíthe idirnáisiúnta cearta daonna agus dlíthe daonnúla eile le linn Operation Cast Lead.

Cathaoirleach an ghrúpa Richard Goldstone (de bhunadh Iúdach, iar-bhreitheamh san Afraic Theas, ionchúisitheoir ar bhinsí fiosrúcháin coiriúla do Ruanda agus d’Iúgslaiv), Desmond Travers (iarchoirnéal in arm na hÉireann, taithí aige le fórsaí slándála is síochána ar fud an domhain), Christine Chinkin (abhcóide, ollamh le dlí idirnáisiúnta sa London School of Economics, cáil domhanda uirthi mar scoláire i gcúrsaí cearta daonna), Hina Jelani (abhcóide ón Phacastáin, saineolaí ar na cearta daonna a bhaineann le mionlaigh éagsúla. Páirt lárnach aici i mórán cásanna cúirte a d’ardaigh an caighdeán maidir le cearta daonna sa Phacastáin).

Cé go ndúirt an grúpa gur cuid bhunúsach dá gcuid oibre scrúdú a dhéanamh ar ionsaithe Hamas ar Iosrael, ón gcéad lá chuir Iosrael ina leith go rabhadar claonta. Chuir an grúpa agallamh ar 188 duine, dheineadar staidéar ar 10,000 leathanach fianaise, scrúdaíodar 30 fístéip is 1,200 grianghraf.

Meán Fómhair, 2009, foilsíodh an Goldstone Report, 452 leathanach. Níor ghlac Iosrael léi, mar an gcéanna le roinnt mhaith polaiteoirí i SAM. Dar ndóigh, tugann SAM thart ar $1.8 billiún i gcabhair mhíleata d’Iosrael gach aon bhliain. Ar an taobh eile ghlac Comhthionól na Náisiún Aontaithe leis an tuarascáil (335 vóta in aghaidh 287, Deireadh Fómhair 2009) agus Parlaimint an Aontais Eorpaigh (Márta 2010). Ach ag deireadh Mhárta thug an tAontas Eorpach coinníollacha trádála fabhracha d’Iosrael!

Chuir an tuarascáil coireanna cogaidh agus coireanna frith-dhaonnachta i leith Iosrael agus Hamas. Moladh don dá thaobh iniúchadh inchreidte a dhéanamh ar na líomhaintí sin roimh Iúil 2010 agus dá dteipfeadh orthu sin a dhéanamh, moladh go gcuirfí na líomhaintí os comhair na Cúirte Coiriúla Idirnáisiúnta sa Háig.

Chuir moltaí eile sa tuarascáil an-fhearg go deo ar Iosrael, mar shampla, go gcuirfí coirpigh chogaidh ar a dtriail agus go n-íocfadh Iosrael cúiteamh leis an Phalaistín as an damáiste a dheineadar.

In alt 1886 de Thuarascáil Goldstone déantar tagairt don rud ar a dtugtar “disproportionate force” nó cumhacht díréireach. Is léir, dar le Goldstone, ó ghníomhartha na saighdiúirí agus ó chaint na nginearál chomh fada siar le 2006 agus arís le linn Operation Cast Lead go rabhadar toilteanach an chumhacht uafásach sin a úsáid, “aimed not at the enemy but at the supporting infrastructure. In practice that appears to have meant the civilian population”.