BEOCHEIST:BHREATHNAÍOS AR an scannán The Pipele déanaí. Scéal truamhéalach. Pobal beag ag cur i gcoinne mhaorlathas na mórchumhachta. Troid idir an t-am atá thart agus an t-am atá le teacht b'fhéidir?
Tá eolas níos fearr againn ar na coimhlintí agus na cogaí áitiúla seo thar mar a bhí blianta ó shin, a bhuíochas sin le leathnú na gcóras nua digiteach, forbairt na scannánaíochta ach go háirithe. Deir siad go bhfuil ról lárnach ag na meáin shóisialta nua seo sna tíortha a bhfuil “an tEarrach Arabach” ar siúl iontu faoi láthair. Níl aon laghdú ar na cathanna idirnáisiúnta ach an oiread.
Tharla eachtra “cogaíochta” eile ar na mallaibh, eachtra nár tugadh mórán suntais dó sa taobh seo den domhan. Bhain an t-aighneas seo idir an tSín agus an Vítneam le ceadúnais taistil thraidisiúnta ar stráice farraige áirithe sa Mhuir Theas.
De réir tuairsicí nuachta na hÁise tá trálaeir agus longa ón tSín agus ó Vítneam in achrann lena chéile le cúpla mí anuas ar Mhuir na Síne Theas. Aighneas aisteach atá anseo ar an gcéad amharc agus rud nach raibh coinne acu leis a thug an chonspóid go fiuchphointe: leath an t-achrann amach trí mheán an Idirlín. Thosaigh bradaithe ar dhá thaobh na teorann ag ionsaí a chéile i réimse an chibearspáis; rinne siad iarracht ar na suímh Idirlín is cumhachtaí a bhí acu – suímh oifigiúla, suímh rialtais ach go háirithe – a scriosadh i Vítneam agus sa tSín.
Chuir bradaithe a bhain le grúpaí Síneacha íomhánna de bhratacha Síneacha isteach d’aon ghnó i suíomh Idirlín de chuid rialtas Vítneam. Mar chuid de na teachtaireachtaí Idirlín seo d’éiligh siad go mba leis an tSín na hoileáin Spratly/Nansha, oileáin atá lonnaithe sa limistéar lena mbaineann an chonspóid go léir.
D’fhreagair bradaithe Vítneam na teachtaireachtaí sin agus a mhalairt de scéal acu, gan amhras. Cérbh iad na bradaithe sin? An raibh siad ag obair ar bhonn rúnda do rialtais na dtíortha sin atá teorantach lena chéile nó an ag obair as a stuaim féin a bhí siad?
Rugadh ar bhradaí in Essex, Sasana agus é curtha ina leith go raibh sé lárnach i ngrúpa bradaithe a dtugtar LulzSec orthu. Maíodh gur ghoid an grúpa sin sonraí pearsanta – ainm, seoladh baile, sonraí bainc agus mar sin de – ó níos mó ná 77 milliún custaiméir de chuid Sony Playstation. Maíodh freisin go raibh nascanna idir LulzSec agus an grúpa Wikileaks, na sceithirí is mó le rá go dtí seo. Deirtear gur dream iad na bradaithe seo a bhris ón ngrúpa Anonymous, grúpa a gcuirtear ina leith go ndearna siad ionasaithe anuraidh ar chórais mhóra íocaíochta agus airgeadais MasterCard agus PayPal.
Cé gur ag cur isteach ar lucht cearrbhachais dhigitigh agus ar na mórbhealaí teilifíse Mericeánacha Fox agus PBS an aidhm a bhí ag LulzSec i dtosach, d’eisigh siad ráiteas ar Twitter le déanaí ag rá go rabhadar ag neartú a bhfeachtais agus go raibh sé ar intinn acu briseadh isteach ar shuímh Idirlín rialtais ionas go bhféadfadh siad tuilleadh cáipéisí rúnda a sceitheadh.
Tá caint ar an bhfear óg seo nach bhfuil ach 19 bliain d’aois, Ryan Cleary, a eiseachadadh go dtí na Stáit Aontaithe go luath.
Is sampla eile é cás Cleary ar dhomhandú na cruinne agus cé chomh nasctha le chéile is atá pobail ár linne anois. Aon sráidbhaile amháin is ea sinn. Ardaíonn cás Cleary ceisteanna níos tromchúisí fós, ceisteanna atá mar ábhar imní ag Sárchumhachtaí na cruinne i láthair na huaire.
Eagraíodh comhdháil mhór ar cheist seo na mbradaithe agus na cibearchogaíochta i bPoblacht Shingeapór áit inar thosaigh na Meiriceánaigh idirbheartaíocht idirnáisiúnta ar na ceisteanna tromchúiseacha seo.
Ar na ceisteanna a pléadh bhí: cé na bunrialacha a bhfuil glacadh leo sa réimse nua seo? Cén fhreagairt chuí atá ar chibearionsaí – dá ndéanfaí ionsaí ar stáisiúin núicléacha nó ar chóras airgeadais Mheiriceá cuir i gcas? An gceadófaí do na Sárchumhachtaí freagairt mhíleata a thabhairt sa chás sin?
Roimhe seo bhí grúpaí ann ar thug na Meiriceánaigh na “non-state actors” b’in iad leithéidí al-Qaeda agus grúpaí sceimhlitheoireachta eile. Ach anois, tá buíon eile ar an bpáirc imeartha – na “haisteoirí” sin a d’fhéadfadh a bheith ag obair ar son an stáit ach gur faoi rún é.
Tá an scéal ag éirí níos casta. Cúpla bliain ó shin ní raibh na féidearthachtaí sin ach i mbrionglóidí oíche scríbhneoirí an fhicsin eolaíochta, neirdeanna ríomhaireachta agus gealta. Ní fíor sin níos mó. An dtarlóidh sé lá éigin go gcuirfidh duine éigin gan ainm tús le cogadh óna sheomra codlata féin?
Inseoidh an aimsir.