Ábhar mórtais iad Uachtaráin na hÉireann

Cead ag Michael Dána labhairt go dalba ar son na hÉireann

Nach lánait ar fad é go dtoghaimid scata mór gamal go minic don Dáil, agus ansin go gcasaimid thart agus uachtaráin den scoth a cheapadh?

Is beag duine de na huachtaráin nach raibh a ndintiúirí acu agus nár thug gradam is seasamh don oifig.

Ní foláir nó tá fríd éigin ionainn a aithníonn gur fairsinge an pholaitíocht ná an bhó sa bhuaile agus an caidéal ar an gcluain, ach go bhfuil leisce agus eagla orainn é sin a nochtadh sna toghcháin áitiúla agus Dála.

Ba chainteoirí líofa a bhformhór agus bhí rud éigin le rá acu, dhá thréith nach dtagann le chéile i gcónaí.

READ MORE

Ba lucht ollscoile go leor acu, an triúr is déanaí is soiléire le cruinneas; scoláire mór Gaeilge ba ea Dubhghlas de hÍde, agus léachtóir matamaitice tríú leibhéil ba ea De Valera.

Dochtúir leighis ba ea Pádraig Ó hIrghile, agus bhí na dintiúirí b’airde dlí ag Cearbhall Ó Dálaigh.

Tá an chuma air, in
ainneoin na n-ionsaithe síoraí ar an meabhair dhaonna ag peil Shasana, ag faisean cheiliúrán agus ag an
ngaimbín beag a thitfidh isteach id phóca láithreach, go bhfuil meas i gcónaí ar dhaoine a bhfuil cúpla cillín in airde staighre acu seachas a bhfuil ag an ngnáth-Theachta Dála, ag an iriseoir ag imeacht le gaoith na huaire, ná ag eacnamaí ar bith.

Bhí Michael D. Higgins riamh neamhspleách.

Bíodh go mbíodh
drochmheas scór bliain ó shin i measc daoine in ábhair níos 'traidisiúnta' ar an tsocheolaíocht, is
drochmheas é sin atá ginte san éad a bhíonn ag an seanduine críonna leis an óige.

Níl sa tsocheolaíocht ach iarracht ar a bhfuil ar siúl againn faoi láthair a thuiscint sa tslánchruinne agus gach aon ní á ghabháil isteach.

Bhí de bhua ag Michael D. go bhféadfadh sé dul lastuas agus lasmuigh de phreabadh na huaire agus léamh ar chomharthaí an ama idir ar tharla, agus ar dócha a tharlódh.

Sin é is brí le machnamh: an intinn thablóideach a chur díot agus féachaint siar agus ar ais agus thairis agus timpeall.

Tá roinnt bheag
leipreachán ag gearán go bhfuil Oifig an Uachtaráin á sárú aige, daoine iad arbh fhearr leo go mbeadh balbhán againn.

Tá a ngliú acu. Dheineamar é a thoghadh ionas go dtabharfadh sé guth don taobh eile sin dínn nach bhfaigheadh solas an lae i halla an pharóiste, ná sa Dáil féin, arb ionann iad go minic.

Thoghamar Máire Mhic Giolla Íosa in ainneoin an chiníochais ghránna a d’fhás abhus i gcoinne Chaitlicigh Thuaisceart Éireann.

Bhí an ciníochas sin ar cheann de na bearta ba shuaraí dar dhein muintir an Stáit seo riamh, ciníochas in aghaidh imirceach bochta san áireamh.

Thoghamar Máire Mhic Róibín de chionn is gur sheas sí ar son cearta áirithe daonna a raibh éileamh orthu san am, agus toisc gur samhail í d'Éirinn nua nuair a
theastaigh uainn an
tSean-Éire a scumhadh dínn go fíochmhar.

Labhair siad amach. Ní hé gur aontaíomar le gach a dúradh, agus go minic chuir le báiní sinn.

Bhíos féin i láthair ag Scoil Shamhraidh Mherriman nuair a thug Máire Mhic Róibín a hóráid phoiblí dheireanach mar uachtarán. Mhol sí gur cheart dúinn ballraíocht sa Chomhlathas Briotanach a phlé.

Nuair a deir duine gur cheart dúinn ceist bhallraíocht in NATO a phlé, nó ceist na heotanáise a
chaibideal, is comhartha agus nod agus faiteadh na súl gur cheart dul leis.

Níl lá loicht agamsa i gcoinne páirtíocht i
gComhlathas IarImpiriúil Scáthánach Leithscéalach Maoithneach na Breataine a shuathadh.

Ach tar éis dom machnamh fada trí shoicind a dhéanamh air, ní dóigh liom gur
smaoineamh maith é.

B'é ba lánait liom ná go molfadh Uachtarán na hÉireann clasú le club ina mbeadh sí féin i dtánaiste do dhuine neamhthofa
mídhaonlathach.

Sin é, gan amhras, an buntáiste mór a bhaineann le huachtarán, seachas le neach a thagann aníos go
hoidhreachtúil trí líne fola amhrastúil nár mhaith leat an iomad taighde a dhéanamh inti.

Ar a laghad, i gcás uachtarán, tá seans maith ann go mbaineann a gcuid cillíní meabhrach leo féin, gur fhás siad as creideamh daingean sa tseirbhís phoiblí, gur
triaileadh iad i dteas lárnach na polaitíochta agus na hiomrascála intinne – agus go bhfuil a leithéid acu!

Labhair Michael D. le déanaí ar an Eoraip agus ar an déine eacnamaíochta, ar an míthreoir atá fúinn, ar an ráig bhuile i dtreo na faille síos.

Tá go leor daoine a thuig sin le breis agus deich mbliana anuas, ach níor tugadh cluasa móra le héisteacht dóibh.

B’fhéidir leat do chloigeann a chnagadh i gcoinne an chaighdeáin ar feadh na gcéadta alt, ach tá seans go dtabharfar éisteacht don uachtarán nuair a deir sé an rud a thuigeann cách a bhfuil splanc céille ar bith aige.

Sa mhonabhar caol, fiafraítear an bhfuil Michael D. ag dul thar fóir.

Téadh thar fóir tuilleadh, adeirimse!