Abhus agus thall ansin

Dúisíonn amach as gaineamh an fhásaigh an cheist ghránna, cé a thug traenáil do na trúpaí sin agus cad ina thaobh?

Ní hí an cheist atá ag éamh amach orainn ar an nuacht is mó a mheánn i gcónaí ach na scéalta nach n-insítear. Ós rud é nach bhfuil oiread sin measa againn mar phobal ar ár bhfórsaí cosanta is fíorbheag de nuacht a scaiptear ina dtaobh ar na mórmheáin. Séanfar nach bhfuil meas orthu, gan amhras, is é a mhalairt de theist é mar a chaitear leo ó thaobh tuarastail agus acmhainní de. Fairis sin, tá an cheist fholaigh eile laistiar den chlaí go bhfuil saghas náire leithscéalach orainn gur ghá troid ar son na saoirse in aon chor sa chéad áit.

Chuige sin an ciúnas timpeall ar ár gcuid saighdiúirí atá amuigh faoi allas na gréine in Mali, lán 34 duine díobh. Cad tá á dhéanamh acu ann? Is ea, oiliúint agus faire agus slándáil agus bailiú eolais agus eile, ach cé atá á oiliúint agus cad tá á fhaire agus cén tslándáil atá i gceist?

Ceaptar gurbh iarracht a bhí ann sa chéad áit mil a chuimilt leis an bhFrainc a bhfuil tiarnas á lorg i gcónaí acu ar na stáit Afraiceacha a d’éalaigh uathu. Má sea, dhíbir Mali ambasadóir na Fraince tamall ó shin, agus tharraing Macron amach an 5,000 saighdiúir a bhí aige ann mar ancaire ar a thionchar san áit.

B’fhéidir go bhfuil sin intuigthe sa mhéid is go bhfuil cinnte go raibh trúpaí rialtas Mhali féin ciontach in áir agus i sléachtanna éagsúla le cúpla bliain anuas. Dúisíonn amach as gaineamh an fhásaigh an cheist ghránna, cé a thug traenáil do na trúpaí sin agus cad ina thaobh? Is cinnte nach raibh aon bhaint againne leis mar níl againn ann ach an dornán, ach an bhfuil nasc éigin, dá laghad dá chaoile, againn leis? An bhfuilimid ar an taobh céanna leis an bhFrainc san obair atá ar siúl acu ar fud na ndúthaí go léir a bhíodh faoina smacht acu agus a bhfuil 8000 saighdiúir anois acu ag feidhmiú sna críocha sin?

READ MORE

Mí Eanáir na bliana anuraidh, mar shampla, áitítear gur mharaigh drón Francach scór duine ar bhainis ag sráidbhaile darb ainm Bounti i lár Mali, mná, páistí agus fir. Ní mise ná bolscaireacht atá á rá seo ach MINUSMA, is é sin Misean Iltoiseach Comhtháite Seasmhachta na Náisiún Aontaithe in Mali, duitse agus domsa. Más fíor, agus séanann na Francaigh é, mar cad eile a dhéanfaidís, cén dearcadh atá againne faoi, agus cén fáth nach raibh seo á phoibliú ar fud cheithre airde na cruinne? Bhí cinn eile ann, leis, ach conas nach mbeadh?

Tuismíonn an chorraíl seo in Mali agus ar fud na Saheile as na línte gan dealramh a tharraing na fórsaí concais ar fud na hAfraice fadó, ach leanann an cor is déanaí as an ionsaí a dhein Nato ar Libia in 2011. B’in an chloch a caitheadh isteach sa loch mór a bhí réasúnta seasmhach go dtí sin, ach tá na cuilithíní ag leathnú ó shin, agus iad ag dul i neart. Ní fios cá rachaidh iarsma na ndrochbhearta arís.

Chuige sin, ba cheart trúpaí na hÉireann a tharraingt amach as an áit agus gan aon bhaint a bheith againn leis na cluichí nua-chóilíneacha atá á n-imirt ag an bhFrainc agus ag an Eoraip san Afraic. Cén duine, cén ‘córas slándála’, cén saoi arbh fhéidir leis léamh ar na haighnis, na cearta, na héagóracha, na faltanais, na cuimhní cine, na héilimh idirdhealaithe go léir idir na Bambara, Fulani, Malinke, Dogon,Tuareg agus na dosaein eile, gan trácht ar na scoilteanna agus na foranna agus na craobhacha a lonnaíonn iontu?

Agus nuair a shlogfar an Fhrainc isteach i gcogadh fuilteach éigin le stát Afracach an mbeidh orainn-ne cabhrú leo mar dhea-Eorpaigh shibhialta?

Alan Titley

Alan Titley

Scríbhneoir agus scoláire é Alan Titley. Alan Titley, a contributor to The Irish Times, is a writer and scholar