Bhíos ar an 46A ag taisteal chun na hoifige Déardaoin seo caite. Chuir mé na cluasáin orm leis an nuacht a chloisteáil. Chuala mé guth aistritheora. Bhí sí ag labhairt as Béarla, ag déanamh beo-aistriú ar an méid a bhí le rá ag Francach.
Níor thuig mé an comhthéacs láithreach. Ach bhí caint faoi chomhphíolóta a bhí théis píolóta eile a ghlasáil amach as an gcró. Bhí tagairt do phíolóta ag bualadh faoi scaoll ar an doras.
Agus ansin, chuala mé na focail uafásacha sin atá théis a rian gránna doscriosta a fhágáil orm: “...you hear the screams of (the passengers) on the last moments of the recording...”
Bhí sé ráite againn go dtí sin go bhfuair na daoine seo bás suaimhneach; go raibh na 150 duine a bhí ar bord marbh cheana féin faoin am gur bhuail A320 i gcoinne sléibhe in Ailp na Fraince ocht lá ó shin. Titim thubaisteach san aerbhrú a ba chúis lena mbás, a dúradh linn go húdarásach.
Chreid mé iad. Mar tá sé éasca rud éigin a chreidiúint nuair atá na féidearthachtaí eile róléanmhar; nuair a léann tú théis tine i dteach, mar shampla, go bhfuair na cónaitheoirí bás de bharr análú deataigh, seachas de bharr a ndóite.
Tá a fhios againn uilig faoin am seo gur Brice Robin, ionchúisitheoir Marseille, a bhí ag labhairt. Agus – díreach mar a bhí sé mar sprioc aige – tá ainm Andreas Lubitz i mbéal an phobail ar fud an domhain.
Dé Domhnaigh, dúirt athair duine de na daoine a maraíodh san eachtra gur chuma leis cén fáth ar ghlac Andreas Lubitz a chinneadh millteach dul i mbun sladmharaithe. “Níl ábharthacht ar bith ag baint lena spreagadh,” a dúirt Philip Bramley, duine ón mBreatain ar maraíodh a mhac Paul, 28 bliain d’aois, sa tragóid.
Táimse ar aon intinn le Philip Bramley. Níl fonn orm forógra Anders Breivik ná Mein Kampf a léamh. Ní fiú tráithnín dom físeáin ISIS. Dá gcaillfí mo mhac, ba chuma liom faoi chuile rud, ach amháin a chailliúint. Agus macalla na bhfocal damánta sin, "...you hear the screams of (the passengers) on the last moments of the recording..."
Sólás áirithe a bheadh ann dom mura dtuigfeadh sé céard a bhí i ndán dó, mar a deir Seán Ó Ríordáin, mura gcloisfeadh sé “inneall an ghluaisteáin ag stad”.
*
B’ÉIGEAN dom an 46A a fhágáil Déardaoin seo caite, ag sileadh na ndeor mar a bhíos.
An fhadhb a bhaineann le tuismitheoirí ná go bhfeiceann siad aghaidh a bpáistí féin i ngach tubaiste, gach tragóid, gach tarlúint.
Feiceann tú do mhac dóighiúil féin faoi chulaith oráiste. Tá sé ar a ghlúin agus tá scian Jihadi John ina suí go séimh ach láidir ar úll na brád.
Tá sé istigh i gcaighean trí thine ag screadaíl, ag impí orthu stop a chur lena fhulaingt.
Tá do dhéagóir féin i measc an ghrúpa sin a bhí ar bord A320. Agus MH270. Agus MH17. Tá sé ar bord gach eitleán a bhfuil tionóisc i ndán dó, gach bus a bhuaileann in éadan balla agus gach long a théann go tóin na farraige. Is í d’iníon í an bhean leochaileach sin a chuaigh ar a turas uaigneach deireanach go dtí an cladach le fanacht lena máistir.
*
AN oíche sin, théis dom an obair a chríochnú, d’fhill mé abhaile agus chuaigh mé go dtí seomra mo mhic. Bhíos tar éis a chuid éadaí uilig a ní agus a iarnáil an lá roimh ré. Bhí na héadaí fágtha ar a leaba agam.
Chonaic mé go raibh sé tar éis na héadaí sin uilig a bhí réitithe agamsa go cúramach a chaitheamh isteach arís sa gciseán níocháin le héadaí salacha, gan iad a chaitheamh, fiú.
An chúis? Bhuel, bhí sé róleisiciúil le hiad a chur isteach sa vardrús. Tá sé chomh simplí sin. Chonacthas do bhuachaill 14 bliain d'aois gurbh é seo an bealach ab éifeachtaí agus ba sciobtha leis "an bhfadhb" a réiteach. Bhí sé ag iarraidh a leaba a ghlanadh go gasta le go bhféadfadh a chuid cairde suí síos chun Grand Theft Auto 5 a imirt.
Bhí argóint fhíochmhar eadrainn. Dúirt mé leis nár thug sé buíochas ar bith dom as aire a thabhairt dó, as gach rud a dhéanamh dó ná as mé féin a mharú ag obair le go mbeinn in ann íoc as gach rud ina shaol.
Chuir mé ina leith nach n-éireodh sé as a leithleas riamh. Dúirt mé go raibh náire orm go raibh duine chomh féinlárnach sin tógtha agam. B’fhéidir go bhfuilim tugtha don dráma, beagán.
*
AN oíche sin, bhí an codladh tiubh le tromluithe. Bhí sé ar an eitleán, sa gcaighean, ar an gcladadh. Goilleann sé orm i rith an lae, in amanna. Ach stopfadh an saol dá mbeadh a ghuth i measc “the screams ... on the last moments of the recording”.
Dá mbeadh a fhios agam gur chuala sé inneall an ghluaisteáin ag stad. Is iriseoir le Nuacht RTÉ/TG4 í Caoimhe Ní Laighin