Agallamh Shócraitéas agus Meat Loaf

Ceisteanna fealsúnachta agus cúrsaí ceardlainne


Ait, in amanna, mar a chorraíonn an chaint sa tsráidbhaile cuimhní as an chloigeann. Tá an diamhaslú i mbéal an phobail faoi láthair – an t-ábhar murab ionann agus an cleachtas – agus caint faoi athrú a dhéanamh sa Bhunreacht faoin cheist.

Bhí mé ag machnamh faoi mo chroí gur chuala mé an chaint seo roimhe. Agus chuala – nó leagan de. Sócraitéas!

Tugadh an fealsamh ó Chathair na hAithne os comhair na cúirte agus cuireadh ina leith go raibh éagráifeacht ar siúl aige agus go raibh sé ag milleadh aigne na hóige. Beagnach 2,500 bliain ó shin a tharla triail chlúiteach Shócraitéas agus is iomaí sin leabhar, alt agus tuairim atá scríofa faoin ócáid ó shin.

Ní hionann ar fad, is fíor, éagráifeacht agus diamhasla, bíodh is go mbíonn gné den éagráifeacht i gcónaí leis an diamhasla. Mar sin féin, nach iontach go bhfuil an t-ábhar seo á phé go fóill againn – Dia againn, murab ionann agus déithe na sean-Ghréige, agus dualgas an Stáit agus an tsaoránaigh ina leith?

READ MORE

Ceann de na laigí is mó a bhaineann linn gur ar éigean go dtuigeann muid stair. Síleann mórán daoine gurb ionann an díospóireacht in Éirinn ar ábhar ar bith conspóideach, gurb ionann é agus an chéad díospóireacht riamh ar an ábhar chéanna.

Ní fíor. Fadó, fadó, bhí an t-ábhar den tsórt seo faoi chaibidil i gCathair na hAithne agus saoránaigh na cathrach sin ag tabhairt breithiúnais ar an fhealsamh, ar an duine a bhí ar mhalairt tuairime leis an phobal. Sea, ní dhaorfadh muidinne duine ar bith chun báis – mar a rinneadh i gcás Shócraitéas.

(Bhuel, ní cruinn sin ar fad – is ar na meáin sóisialta a dhéanfar an daoradh agus tabharfar ar an té atá ciontach ól go domhain as cailís na nimhe.)

Bíonn caint ann fosta ar na saolta seo faoin fhealsúnacht a fhorbairt mar ábhar scoile. Ní holc an smaoineamh é – ach réamhfhógra a thabhairt do na daltaí gur chuir na húdaráis Sócraitéas chun báis.

Tig leis an fhealsúnacht bheith níos contúirtí ná an chogaíocht. Leoga, thug Sócraitéas a cheann leis ó na cogaí idir cathracha na Gréige ach níor tháinig sé slán ón chúirt.

Thairis sin, seans go mbeadh ar oidí bealtaí nua samhlaíocha a cheapadh leis an óige a mhealladh – ní a mhilleadh! – chun na fealsúnachta. An mbeidh fonn ar an ghlúin seo agallaimh Phlatóin ar thriail Shócraitéas agus ar a chuid eachtraí eile a léamh? B’fhéidir gur gá iad a mhealladh le ceisteanna cliste scrúdaithe fosta: “Canann Meat Loaf gur fearr i bhfad “a wasted youth than a long and productive old age”. Pléigh an tuairim seo agus déan tagairt ar leith do dhearcadh Shócraitéas ar an aois agus ar an ghnéas.”

Dán mór agus féile bheag

Moltar an t-aistritheoir! Simon Ó Faoláin, file, atá i ndiaidh dán mór Gàidhlig le Fearghas MacFhionnlaigh,

A’ Mheanbhchuileag

, a aistriú go Gaeilge mar

An Corrmhíol

(Coiscéim, €7.50).

Roghnaigh Ó Faoláin an dán seo siocair gur “sampla é an dán fada suaithinseach seo den rud beag – duine daonna aonair – ag iarraidh ciall éigin a bhaint as rudaí agus ceisteanna ollmhóra”.

Sa bhliain 1980 a foilsíodh an dán i nGàidhlig den chéad uair agus seo chugainn Ó Faoláin á chur roimh léitheoirí na Gaeilge. Tá an dán Gàidhlig agus an leagan Gaeilge taobh le taobh agus tá réamhrá le Ó Faoláin agus leis an údar i nGaeilge ann chomh maith.

Maithfidh an léitheoir an cliché dom ach tá lón machnaimh sa dán:

Táim beag is tá eagla orm roimh rudaí beaga:

an cill ailse a scriosann an corp,

an focal dúr a scriosann an grá,

an bonn airgid a díolann ríocht,

an t-adamh scoilte a scriosann Hiroshima,

an víreas nimhneach, an piléar naimhdeach,

earráid in intinn fhealsaimh.

Agus ag caint ar fhilíocht agus ar fhilí... Beidh an Fhéile Bheag Filíochta ar siúl i mBaile an Fheirtéaraigh, Co Chiarraí, idir an Aoine 9ú agus an Domhnach 11ú, Samhain, i mbliana.

Is í Rióna Ní Fhrighil, léachtóir agus criticeoir, a thabharfaidh léacht na féile, “An Fhilíocht Chomhaimseartha agus Cearta Daonna”. Simon Ó Faoláin a bheidh ina chathaoirleach don chaint sin.

Beidh an dara caint mhór ann agus “An bhfuil meas ar an bhfilíocht?: staid na critice sa Ghaeilge inniu” faoi chaibidil ag na filí agus na criticeoirí Louis de Paor, Máirín Nic Eoin agus Gréagóir Ó Dúill. Alan Titley ón pharóiste seo a bheidh ina chathaoirleach.

Le cois na cainte, beidh comhairle le fáil faoi chúrsaí filíochta. Beidh na filí Áine Ní Ghlinn agus Peter Sirr, i mbun ceardlainne agus beidh seoladh leabhair, ócáidí ceoil agus siúlóidí ar an chlár chomh maith. Má bhíonn siúlach scéalach is dócha go mbíonn fánach filiúnta! Eolas: eolas@feilebheagfiliochta.com