Aghaidh ar an India

Tá mé ag dul ar ais leis an fhéiniúlacht a shracadh díom féin


Tá éiceapháirc in Papersali, baile beag bídeach sna Himiléithe i dtuaisceart na hIndia. Tá sí mar thearmann ag crainn ghiúise agus eile.

Ní baol do na crainn seo istigh buillí na dtuanna lena mbaintear craobhacha de na crainn atá ag fás ar an taobh eile den sconsa sreang dheiligneach.

Tá breosla de dhíth ar mhuintir na háite sa gheimhreadh nuair is beag is fiú téitheoir leictreach agus an soláthar leictreachais gearrtha; agus is foinse ioncaim é.

Tearmann ag daoine fosta í an éiceapháirc, mé féin ina measc, í mar rogha ar na cosáin a shníomhann tríd na foraoisí amuigh. Is annamh a théim isteach sa pháirc, ach tá sí deas mar athrú.

READ MORE

Deich rúipí atá ar chead isteach, agus caithfidh eachtrannaigh a n-ainm agus a dtír a chlárú sa bhothán ag an gheata.

Nuair a luaim Éire léi, níl splanc aitheantais i súile an oifigigh ó Roinn na bhForaoisí. Is cosúil nár chuala sí iomrá ar an tír bheag s’againne riamh.

“England?” a deir sí liom go dóchasach.

“Ní hea. Ireland.”

Caithfidh mé ainm na tíre a rá arís léi agus gach litir a fhuaimniú go soiléir. “I-er-land,” a deir sí ar ais liom, fad á bhaint aici as gach siolla agus as gach défhoghar.

Tugann sí iarraidh ar leagan de chineál éigin den fhocal a scríobh sa leabhar le litreacha Hiondúise.

Tá cleachtadh agam air seo anois, ach faigheann tú sonc an chéad chúpla uair nach n-aithníonn daoine ainm do thíre.

Cén dóigh nár chuala tú fúinn?

Nach bhfuil ceol traidisiúnta s’againn aitheanta ar fud an domhain mhóir?

Caithfidh sé gur chuala tú faoi na fathaigh de scríbhneoirí? Ná habair nach bhfaca tú fógraí Guinness riamh?

Faic na fríde.

*****

Sa stáisiún traenach dom in Najibabad, fad turas lae ar shiúl de thacsaí agus de thraein, tá an bhialann agus an siopa leabhar go fóill oscailte cé go bhfuil sé a haon a chlog ar maidin.

Tá scaifte measartha daoine ann, ach níl an gleo a mbeifeá ag súil leis ann. Tá siad socair, codladh orthu is dócha. Tá teas san aer. Mí an Mhárta 2011 atá ann.

Tá mo bheirt chairde as Iosrael agus mé féin cruinnithe le chéile le sinn féin a chlúdach le brat dofheictheachta leis an mhuintir eile a choinneáil amach uainn. Tá muid díreach i ndiaidh 21 lá a chaitheamh ar chúrsa spioradálta gan labhairt ar chor ar bith.

Le linn an ama sin, níor amharc muid ar an teilifís, níor éist muid leis an raidió agus ní dheachaigh muid ar líne ar chor ar bith leis an nuacht is deireanaí a fháil.

Thiocfadh dó gur thit an tóin as an domhan mór agus níl a fhios agam rud ar bith faoi.

Is mian liom fanacht i bparthas an tsonais chomh fada agus a thig liom. Níor mhaith liom an tsreang shíoda idir m’intinn agus an t-aoibhneas i mo chroí a bhriseadh.

Tá stócach ag teannadh linn. Tá aoibh mhór air agus is léir go bhfuil fonn air cleachtadh a dhéanamh ar a chuid Béarla. Cuireann sé an cheist a chuirtear i gcónaí ort – cén tír, a bhean uasail?

Luaim tír mo chomhghleacaithe ar dtús leis agus ansin mo thír féin, gan dúil ar bith agam go n-aithneoidh sé í.

Ach lasann a shúile agus tig focail de rúid amach as a bhéal. Is doiligh do m’aigne coinneáil suas leis i ndiaidh na tréimhse fada gan comhrá a dhéanamh le duine ar bith.

Ach cuirim suntas sna focail leath-Ghaelacha a thagann óna bhéal: “Kevin O’Brien.”

Cad é sin a deir tú? Bhuail Éire Sasana sa chruicéad? Bhuel, is cosúil gur thit an tóin amach as an domhan le fírinne le trí seachtaine anuas.

*****

Nuair a chuaigh mé chun na hIndia an chéad uair in 2002 le dul ar chúrsa spioradálta, ní raibh a fhios agam i ndáiríre cad chuige a raibh mé ann. Níor thuig mé an t-am sin cé chomh mór a bhí mé ag luí ar an Ghaelachas agus ar an Bhéal Feirsteachas mar mhaide siúil na féiniúlachta.

Nuair a sciobtar an maide sin díot, nuair nach bhfuil eolas ag na daoine a chastar ort ar do chultúr ná ar na bunchlocha eile a bhfuil do shaol tógtha orthu, tá tú ar an trá fholamh – agus tá an gaineamh faoi do chosa do do shlogadh. Níl tú cinnte cad é an t-ábhar cainte a bheas agat.

Tuigim anois cén fáth a bpillim arís agus arís eile ar an India. Tá mé ag dul ar ais arís go luath le dhá bhabhta 40 lá a chaitheamh faoi chiúnas beomhar na dufaire, mo theangacha, mo chultúr agus mo thír fágtha ag an gheata agam.

Tá mé ag dul ar ais leis an fhéiniúlacht a shracadh díom féin, le go lomfar mé, mar a lomtar na crainn ghiúise in Papersali, le go bhfeice mé cad é atá sa chroílár.