An bhréag náisiúnta?

Doicheall na n-aicmí polaitiúla gníomhú de réir na bhfíricí an ‘dris chosáin’ is mó

Cur i gcéill - hypocrisy, creimeadh - erosion, dúshlán - challenge, seachmall - illusion, doicheall - unwillingness, fíricí - facts, géarchéim - crisis, beartais - policies/undertakings, fianaise - evidence, áilleagán - trinket/toy.

Cur i gcéill atá i bpolasaithe an rialtais i leith na Gaeilge agus na Gaeltachtaí. Má leanann an Stát ar aghaidh mar atá ní bheidh in ann dóibh ach lagú agus creimeadh - go dtí nach mbeidh feidhm ag an teanga ach i gcuimhne stairiúil an náisiúin.

Sin é a thug an tOllamh Conchúr Ó Giollagáin le fios agus é ag trácht ar léacht a thug sé in Áras Mhic Reachtain i mBéal Feirste le gairid.

Rinne Ó Giollagáin scagadh ar na dúshláin pholaitiúla agus shóisialta atá roimh phobail na Gaeilge agus rinne sé cur síos ar an gcaoi atá ar an teanga faoi láthair.

READ MORE

Baineann Ó Giollagáin, atá ina Stiúrthóir ar Institiúid na nEolaíochtaí Teanga in Ollscoil na Gaeltachta agus na nOileán in Albain, úsáid as scála EGIDS (Expanded Graded Intergenerational Disruption Scale) chun sláinte na Gaeilge a mheas. De réir an scála seo is féidir teanga a rangú trí tomhas a dhéanamh ar na comhthéacsanna is minice ina mbaintear úsáid aisti.

De réir an scála EGIDS, deir Ó Giollagáin gur féidir an Ghaeilge a rangú ag leibhéal a seacht ar an scála, rud a thugann le fios go bhfuil an teanga á creimeadh go láidir agus go bhfuil deireadh ar tí teacht le haistriú na teanga ó ghlúin go glúin.

Rangaítear teangacha sa chatagóir seo i measc teangacha atá i gcontúirt de réir UNESCO agus níl ach dhá chéim eile rompu go dtí go sroicheann siad rangú do theangacha atá ‘básaithe’.

Polasaithe reatha

De réir an Ollaimh, tá béim á chur ag an Stát ar pholasaithe siombalacha teanga ar bhealach nach dtugann aird ar na fíor dhúshláin socheacnamaíochta atá roimh phobail na nGaeltachtaí agus na Gaeilge.

“I ngeall ar an seachmall atá ar an Stát tá muid ag iarraidh a thabhairt le fios go bhfuil muid ag leagadh síos polasaithe náisiúnta agus réigiúnacha ach i ndáiríre tá an Ghaeilge i bhfad níos laige ná sin. Sin leibhéal an seachmaill.”

“Ba cheart polasaithe Gaeilge agus polasaithe eacnamaíochta a bheith ag dul ar aghaidh lámh-ar-lámh le chéile.

“Is cur i gcéill atá ann. Tá siad ag rá go bhfuil polasaí acu ach, ar an gcaoi chéanna gur éirigh an Stát as an athbheochan sna seachtóidí, tá siad ag éirigh as polasaí Gaeltachta faoi láthair,” a dúirt Ó Giollagáin.

Tá rian na bpolasaithe seo le feiceáil i mbeagnach gach réimse poiblí.

Tugtar ómós foirmeálta do chultúr na Gaeilge agus déantar neamhaird ar riocht an phobail Ghaelaigh.

“Má choinníonn an Stát air mar atá, tarlóidh lagú agus creimeadh eile ar an nGaeltacht,” a dúirt sé.

Riachtanais

Baineann riachtanais éagsúla le pobal Gaelach na Gaeltachta agus Gaeil a bhfuil cónaí orthu i measc phobal an Bhéarla i gcodanna eile den tír agus deir an tOllamh go bhfuil gá leis an idirdhealú seo a aithint.

Tá creimeadh an daonra “ina bhun dhúshlán” sna Gaeltachtaí agus is gá aghaidh a thabhairt ar seo trí “dheiseanna feiliúnacha fostaíochta” a chothú sna ceantair chuí.

Molann Ó Giollagáin go mbeadh tacaíochtaí sóisialta agus oideachais ann chun buntáiste a thabhairt do chainteoirí atá á dtógáil le Gaeilge.

D’fhéadfaí, mar shampla, scéimeanna ar nós Scéim (leasaithe) Labhairt na Gaeilge a chur i bhfeidhm i gcomhar le beartais sna scoileanna Gaeltachta.

Tá gá le polasaithe atá bunaithe ar thaighde eolaíoch ach níor trialladh polasaithe mar sin go dtí seo.

“Rinneadh neart moltaí sóisialta, eacnamaíochta, cultúrtha agus oideachais i saothair éagsúla taighde le breis is deich mbliana anuas. Is é doicheall an Státchórais agus na n-aicmí polaitiúla gníomhú de réir na bhfíricí an dris chosáin is mó atá roimh na Gaeil anois.”

Tá an doicheall seo le feiceáil ó thús-ré an Stáit i leith ach, dar le Ó Giollagáin, ní naimhdeachas leis an nGaeilge atá taobh thiar de.

“Déarfainn go bhfuiltear ag rá leo féin go bhfuil seo ró-dheacair agus níl an acmhainn, nó an fhís, nó an misneach acu aghaidh a thabhairt air sin.”

“Mar sin, táthar ag cumadh modh oibre atá i bhfad níos simplí - sé sin an modh oibre siombalach. Tá an chuma orthu go bhfuil siad ag dul i ngleic leis na fadhbanna ach, i ndeireaidh na dála, tá sé chomh lag sin nach bhfuil aon bhrí ag baint leis.”

Tá daoine cumasacha sna forais stáit agus sna gaeleagrais ach tá siad srianta.

“Tá siad siúd spleách ar an Stát agus tá daoine cumasacha, éirimiula, fostaithe ach tá sé an-deacair dóibhsan dúshlán a thabhairt don leibideacht pholasai atá faoi láthair ann.”

Modh oibre eile

D’fhéadfadh an pobal dul in aghaidh an cur i gcéill seo agus brú a chur ar na forais Stáit “modh oibre eile ar fad” a ghlacadh a bhainfeadh leas as an fhianaise atá bailithe le breis is 10 mbliain anuas agus a thabharfadh aghaidh ar an ngéarchéim.

“Sin an dá rogha, An pobal féin dhá iarraidh nó go mbeadh an Státchóras ag freagairt go díreach don ngéarchéim, rud nach bhfuil siad ag déanamh faoi láthair,” a dúirt sé.

Ach, an dtarlóidh a leithéid go deo ?

“Níl a fhios agam, an freagra simplí ar sin,” a deir sé.

“An rogha atá againn anois: an bhfuil muid chun beartais níos ábhartha a cheapadh don Ghaeltacht a thabharfaidh cúnamh don urlabhra phobail? Agus, ar an taobh eile den scéal, an mbeimid in ann líonraí pobail a chothú atá níos bisiúla ná ‘caitheamh aimsire’ na Gaeilge atá dhá chothú faoi láthair.”

“Tá sé beagán íorónta, an modh oibre earráideach seo faoi Bhliain na Gaeilge agus Seachtain na Gaeilge. Ar lámh amháin táimid ag ligean le bás na Gaeilge sa nGaeltacht agus ar an lámh eile táimid á ceiliúradh mar áilleagán náisiúnta.”

“Is bréag náisiúnta é sin”

Éanna Ó Caollaí

Éanna Ó Caollaí

Iriseoir agus Eagarthóir Gaeilge An Irish Times. Éanna Ó Caollaí is The Irish Times' Irish Language Editor, editor of The Irish Times Student Hub, and Education Supplements editor.