An cluiche mór i Stáit Aontaithe Mheiriceá

Go dtí Dé Domhnaigh seo caite bhí mise i measc na ndaoine a bhí den bharúil gur cur i gcéill a bhí sna cluichí peile craoibhe a imrítear i Londain agus i Nua-Eabhrac. Cé is moite de chorrchluiche anseo agus ansiúd inar chuir taobh Mheiriceá beagáinín imní ar a gcuid cuairteoirí, ní bhíonn seans na ngrást acu.

Tá na mílte dollar caite mar sin chun imreoirí a sheoladh anonn bliain i ndiaidh bliana agus céard atá acu dá bharr?

Tá m’intinn athraithe go hiomlán agam ó bhí mé i Nua-Eabhrac don chluiche idir Gaillimh agus Nua-Eabhrac ag an deireadh seachtaine.

Is ócáid do Ghaeil Mheiriceá é agus tá níos mó ná cluiche peile i gceist. Ní raibh mé riamh ag cluiche a thosaigh le seinnt Amhrán na bhFiann agus ansin The Star Spangled Banner. Ní raibh mé riamh ag páirc peile de chuid CLG timpeallaithe ag foirgintí móra arda ach oiread. Agus ní raibh mé riamh ag cluiche inar dúradh le daoine a theacht luath le spraoi a bhaint as an ócáid, iad ag ithe agus ag ól faoin ngrian.

READ MORE

Meastar go raibh os cionn 3,000 duine i láthair. Chonaic mé go leor acu ag castáil ar a chéile, iad ríméadach, iad ag beannú a chéile agus iad tagtha as gach aon choirnéal Mheiriceá. Tháinig fear amháin as Arizona chun castáil le cairde a bhí aige as Bostún.

Chas mé le fear eile as Ard an Rátha, Co Dhún na nGall, a bhain súp as an deis Gaeilge a labhairt, agus mura raibh Gaeilge acu, ba chuma leis, chuir sé fáilte mhór chroíúil rompu ar aon nós.

Maidir leis an gcluiche é féin, ní raibh ach aon toradh amháin i ndán. Ní raibh aon cheist ann ach cén t-achar a thógfadh sé ar Ghaillimh cosa fir Nua-Eabhrac a thuirsiú. Bhí cuimhne ag lucht tacaíochta na Gaillimhe fós ar 2010. Is beag nár bhuaigh Nua-Eabhrac a gcéad chluiche craoibhe riamh. Murach Páraic Joyce, bhí cosa na Gaillimhe nite an lá sin.

I mbliana, bhí cuid d’fhoireann na Gaillimhe ídithe ag víreas éigin. Ní raibh Brian O’Donoghue ná Patrick Sweeney in ann dul chun páirce de bharr ráig de thinneas boilg. Ní raibh Gaillimh ach cúig chúilín chun cinn ag deireadh an chéad leatha. Bhronn siad a thrí oiread ciceanna saora ar Nua-Eabhrac ná mar a sceith fir Mheiriceá.

B’fhéidir gur ag tóraíocht leithscéil atá mé d’fhoireann iarthar na hÉireann ach níor chleacht siad dromchla Nua-Eabhrac i nGaillimh riamh. Don té nach raibh aon scil acu ann, shílfeá gur déanta as dusta dubh a bhí sé. I 2009 a leagadh é, agus dúirt fear amháin liom gurbh iad Sligeach an chéad fhoireann as Éirinn a d’imir uirthi agus go ndearna siad cúpla seisiún traenála ar pháirc Sligo Rovers le dul i gcleachtadh uirthi.

Pé scéal é, bhí deich nóiméad go leith imithe sula bhfuair Gaillimh a gcéad chúilín. Arís, le cur i gcuimhne dúinn gur sa Bronx a bhí an cluiche á imirt seachas i dTuaim nó Páirc Mhic Éil, ag leath ama cuireadh roinnt daoine i láthair don lucht féachana. Ina measc bhí Sophie Colgan, Rós Nua-Eabhrac, agus cuireadh in iúl chomh bródúil agus a bhí Gaeil Nua-Eabhrac go raibh bean acu le hionadaíocht a dhéanamh orthu in Éirinn.

Léargas b’fhéidir ar an chineál imirce atá tarlaithe le blianta beaga anuas. As Contae an Dúin ach í ag obair go lánaimseartha i gcúrsaí caidrimh phoiblí i Nua-Eabhrac agus í ina ball ar fhoireann peile Manhattan Gaels agus foireann camógaíochta Hoboken Guards.

Sin rud eile. Tá anró i gceist chun cluichí Gaelacha a imirt i Nua-Eabhrac, Manhattan ach go háirithe. Seachas Gaelic Park atá sa Bronx, níl aon áit bhuan acu. Imríonn foireann na bhfear de chuid na Manhattan Gaels ar pháirceanna imeartha Randall’s Island agus is ar pháirc i Harlem a bhíonn na mná ag traenáil.

Bhí farasbarr de 16 cúilín ag Gaillimh sa deireadh. Ní raibh aon duine ag súil le tada difriúil. Ach, in ainneoin cluichí craoibhe eile, bhain an dá lucht tacaíochta spraoi as an lá in ainneoin an toraidh.

Ní labhraíonn strainséirí lena chéile i Meiriceá. Ní raibh sé sin amhlaidh i nGaelic Park, ná ar an traein ar ais go Manhattan Dé Domhnaigh seo caite.

Táim cinnte gur cheap daoine eile a bhí ar bord go raibh scáil ar na strainséirí seo a thosaigh ag comhrá lena chéile. Feicfidh muid sibh an bhliain seo chugainn a chuala mé iad ag rá, agus iad ag dul a mbealaí féin, a lá faoin ngrian thart go ceann bliana eile.

Is iriseoir le Nuacht RTÉ/TG4 í Máire Treasa Ní Cheallaigh