Amanathar beidh daoine ag triall ina mílte chun guth a chaitheamh ar son nó i gcoinne Seanad Éireann. Ní bheidh mise ina measc.
Shocraigh mé roinnt bhlianta ó shin nach gcaithfinn vóta feasta in aon reifreann mar agóid chiúin in aghaidh an drochmheasa a léiríodh dúinne, pobal Éireann, nuair a dhiúltaíomar do thoradh dhá reifreann thábhachtacha sna náididí.
B’é an chéad cheann díobh sin an diúltú do Chonradh Nice sa bhliain 2001; agus an dara ceann ár ndiúltú do Chonradh Liosbóin i Meitheamh na bliana 2008. Sa dá chás sin, b’éigean dúinn vótáil arís le breab agus faoi bhagairt an bhliain dár gcionn faoi seach.
Masla ba ea iad sin do dhuine ar bith a bhfuil meas aige ar an daonlathas, mar atá agamsa. Déarfar go bhfuil sé de cheart ag rialtais ceist a chur faoi bhráid a bpobal pé méid uaireanta is mian leo; is cinnte go bhfuil sé de cheart acu sin a dhéanamh, ach ní hionann sin go bhfuil sé ceart.
Cuir i gcás go ndiúltófar do dhúnmharú an tSeanaid Dé hAoine beag seo, agus go ndéarfaidh Chairman Mayo agus a pholaitbhiúró gur dheineamar an socrú mícheart, nach raibh an t-eolas ar fad againn, nach raibh an plé leordóthanach, go gcaithfí na himpleachtaí go léir léireach léirigh a chur os ár gcomhair, cad ba dhóigh linn de sin?
Nár dhóigh leat in áit éigin in íochtar do dhrólainne istigh go raibh amadán á dhéanamh díot?
Ná bímis ar mhearbhall aigne faoi seo; bhí sé dona go leor amadán a dhéanamh dínn aon uair amháin; ach bheinn im bhreallsún agus im ghamal agus im dhonán lofa gan bhrí dá ndéanfaí éirí slí orm an dara huair – nó an tríú. Mura bhfuil meas ag an aos polaitiúil ort, tá intuigthe nach mbeadh meas agatsa ar an aos polaitiúil ar ais.
Ní hionann sin agus nach scéal gan suim a bhfuil ar siúl agus nach mbeidh mé im shuí lem chupán tae glas agus pé rud eile im aice láimhe ag gliúcaíocht ar an toradh ag teacht agus ar an gcabaireacht riachtanach máguaird.
Bítear i spéis na hiomrascála i gcónaí, agus cad a dhéanfá gan straois na bua ná canrán na cailliúna?
Pe ní is a tharlóidh, ní léir dom go dtitfidh cnoic oighir an Phoil Thuaidh siar isteach anuas ar Ifreann.
Ní bheidh gol agus gárthaíl agus déanamh bróin ar na sráideanna má dhúnmharaítear an Seanad.
Ní athrófar oiread sin bun barr, ach maolófar ar áit éigin idir eatarthu. Imeoidh cuid den ghreann as an saol, agus sin rud a bhraithfimid uainn. Ní bheidh seans feasta titim id chodladh ag éisteacht le díospóireachtaí i ndéanaí na hoíche siar ar an teilifís. Sábháilfear pinginí a rachaidh as seo suas do chomhairleoirí.
Mothóidh daoine gur thug siad speach don bhunaíocht, agus músclóidh brothall deas ceartchreidmheach iontu ar feadh lae nó dhó. Beidh gile i gcroí an Taoisigh nach raibh ann ó bhuaigh Maigh Eo cluiche leathcheannais na hÉireann.
Tá cúiseanna dá malairt an dara seomra seo a choimeád, seomra beag is fíor go minic, seomra codlata ar a sheal, seomra suite dá lán. B’fhéidir gurb í an chúis is mó le diúltú don reifreann, áfach, ná na hathruithe eile ar an mBunreacht nár déanadh puinn plé orthu – laghdú ar chumhachtaí teoranta an Uachtaráin agus an phobail dá réir, agus méadú ar dhaingne na mbreithiún.
Beidh an Bunreacht féin ina spreas agus ina ghiobail dá dheasca, ach cá cuma sin suas is anuas le spáráil, €20m, nó an é €8m, nó €5m, nó €3.5m féin é?
Reifreann glanseansúil ar fad é seo. Bíodh is go raibh caint ann as suas síos siar aniar timpeall ar ais ar feadh i bhfad faoi leasú an tSeanaid, níor chaint í a bhí i lár an aonaigh. Le linn mo chúléisteachta ar chúinní sráide dhom, pioc níor airigh mé faoin Seanad.
Tá gach dealramh ar an scéal gur moladh é seo, mar adéarfadh baincéir, a phrioc Enda Kenny as a phrumpa. Baineadh geit agus stangadh as Fine Ghoul féin nuair a nocht sé an phlaic áirithe seo. Tháinig iompó lí ar léinte gorma thar oíche.
Agus seo hí an áit inar tosnaíodh ar an iompó goile chomh maith.
Go hobann, de dhroim oíche, d’éirigh daoine aniar ar chosa nár ceapadh a bhí acu ag mallachtú an tSeanaid.
Ní raibh d’amhlachas ann ach polaitbhiúró Stalin ag bualadh bos agus eagla ar an duine déanach a stopfadh. Chuaigh daoine a chodladh ag cosaint an tSeanaid, agus dhúisigh ar maidin meáite ar deireadh a chur leis. Ní fhaca mé pearóid dá samhail ó bhí mé sa Zú.
Déantar dearmad glan ar na fuighle snasta. Má ghlactar leis seo, beidh cead a gcinn ag ceathrar marcach na hapacalaipsise; agus má dhiúltaítear, cá bhfios nach mbeidh orainn vótáil arís?