Agus í ag labhairt ón Tuirc le déanaí, mar a mbíonn sí ar cuairt go rialta, thug an file, Nuala Ní Dhomhnaill, léargas ar an ngéarchéim pholaitiúil a bhí ar siúl sa taobh sin den domhan.
(Ag caint ar Barrscéalta, RnaG, a bhí sí agus tá an chaint le clos fós mar phodchraoladh.)
Tá an glanadh amach atá ar siúl ag an uachtarán Erdogan, dírithe ar dhuine dá naimhde polaitiúla, an cléireach Ioslamach, Fethullah Gülen.
Deir an t-uachtarán go síneann gréasán Gülen go doimhin isteach sa chóras dlí, cosanta, gnó, agus oideachais sa Tuirc, agus go bhfuil sé seo meáite ar údarás dlisteanach an rialtais a scriosadh.
Léiriú airsean dar leis ab ea an t-éirí amach míleata a tharla, agus éirí amach ar theip air coicís ó shin.
Lasmuigh den Tuirc, áfach, tá gluaiseacht Gülen, ar a dtugtar Hizmet (Seirbhís), gníomhach go hoscailte agus go dleathach i gcúrsaí cultúrtha agus san oideachas.
I Meiriceá thuaidh, mar shampla, mar a bhfuil Gülen féin ina dheoraí, tá Hizmet ina phátrún ar thart ar 150 scoil.
An glanadh amach, mar sin, tar éis an éirí amach, atá ar siúl ag an uachtarán Erdogan anois.
San earnáil oideachais féin, tá na mílte briste as a bpostanna, nó curtha ar fionraí, agus cosc taistil i bhfeidhm. Is múinteoirí iad a bhformhór, os cionn 1,500 déan ollscoile ina measc. Tuairiscítear go gceapfar déin nua go luath.
Ollamh sinsearach atá sa déan, a fheidhmíonn mar cheannaire na dáimhe, agus a thoghtar trí vótáil na mball foirne.
Tugann an déan ceannaireacht intleachtúil sa dámh féin, agus bíonn stádas agus tionchar aige/aici i measc an phobail níos leithne.
Ní hábhar iontais ar shlí, mar sin, go mbeadh an déan ollscoile aimsithe i bhfeachtas an uachtaráin.
Ach tá cáineadh déanta ar a dhéine is atá an feachtas céanna.
Tá macalla anseo le stair an oideachais inár dtír féin, más macalla beag féin é.
Cuireann sé i gcuimhne dúinn an ceangal a bhíodh ann i bhfad siar, idir an dámh agus an pholaitíocht, idir an aicme léannta agus an aicme pholaitiúil.
An dámh a thugtaí ar an mbuíon éigse a shaothraigh an léann sna scoileanna filíochta a mhair síos go dtí an 17ú haois.
Sórt ollscoileanna dúchasacha a bhí iontu seo, agus iad faoi phátrúnacht an taoisigh áitiúil. I measc bhaill na dáimhe, bhí na hollaimh, maraon le grádanna eile filí.
Meath agus críoch
Ach ba é an meath agus an chríoch chéanna a bhí i ndán don dámh agus don aicme pholaitiúil araon.
Insíonn Fear Flatha Ó Gnímh dúinn, mar shampla, i ndán ó 1631, gur cúis bhróin é nach maireann an dámh a thuilleadh, Méala nach marad an dámh, fréamha carad is compán.
Is de bharr na dtubaistí polaitiúla agus míleata atá deireadh le lucht léinn na hÉireann – Tairnig éigse fhuinn Ghaoidheal.
Taobh lena chúraimí léinn agus filíochta ar ndóigh, ba gheall le hiriseoir nó tráchtaire polaitiúil é an file; bhí aoir an fhile le seachaint thar aon rud eile.
Bhí baint aige seo gan amhras leis an gcumhacht osnádúrtha a bhí luaite leis an bhfile ón tseanré, tuar agus tairngreacht mar shampla.
An t-ollamh flatha a thugtaí ar an ollamh a mbíodh gradam breise aige mar chomhairleoir ag an dtaoiseach.
Ar ndóigh bhí an lucht concais ar a ndícheall tionchar na dáimhe agus na scol a mhaolú agus iad ag iarraidh córas nua polaitiúil a bhunú.
Cé gur fada óna chéile Éire an 17ú haois agus Tuirc an lae inniu, léiríonn an dá chás, i slite difriúla, an ceangal idir an t-oideachas agus an pholaitíocht, ceangal a mhaireann mórthimpeall an domhain.
Gníomh polaitiúil is ea gach gníomh oideachais, mar a scríobh Paolo Freire, an t-oideachasóir iomráiteach ón mBrasaíl thiar sna 1970í.
Deir uachtarán na Tuirce gur buille ar son an daonlathais atá sa ghlanadh amach atá ar siúl anois aige.
Dar le grúpaí eile, áfach, gur buille ina choinne atá ann, agus go bhfuil sé ag dul thar fóir, ar mhaithe lena chuspóirí polaitiúla féin a bhaint amach.
Anseo in Éirinn, mar shampla, tá cáineadh déanta ag cónaidhm Éireannach na múinteoiri ollscoile (IFUT), ar an ionsaí atá déanta aige ar an ollscolaíocht agus ar an tsaoirse acadúil.
Ardaíonn sé seo a lán ceisteanna gan amhras faoina bhfuil i ndán don oideachas – conas is féidir an tAcadamh a choimeád láidir, agus conas misneach a thabhairt dóibhsean atá ag feidhmiú ann, agus san earnáil oideachas trí chéile.
Is scéal casta é, agus, tharlódh nach mar a shíltear a bhítear. Is Léachtóir Sinsearach i nDámh an Oideachais, Coláiste Mhuire gan Smál, é an Dr Cathal de Paor