Banríon na Breataine

Ag an SNP a bheidh an lámh in uachtar i bparlaimint Westminster


Uaireanta agus muid ag cáineadh na soinicúlachta i bpolaitíocht na hÉireann, bímid róchrua orainn féin.

Aithnímid go léir na cleasanna bolscaireachta a úsáideann páirtithe chun drochmheas a tharraingt ar pháirtithe eile. An straitéis is fearr ná scanradh a chur ar dhaoine, leideanna a thabhairt go bhfuil rud éigin bagarthach rúnda ag baint leis an bhfreasúra. “Sinister” an focal sách doiléir a úsáidtear go minic chun amhras éiginnte éigin a scaipeadh.

Tá polaiteoirí na Dála an-oilte ar na bealaí chun droch-chlú a fhágáil ar crochadh san aer os cionn a gcéilí comhraic, mar a chonaiceamar le déanaí.

Ach, mar atá á léiriú i bhfeachtas olltoghcháin na Breataine faoi láthair, níl an dream s’againne ach in áit na leathphingine. Nuair a bhíonn na Tóraithe thall faoi bhagairt, ní fhágtar leideanna ná comharthaí ceiste. Imíonn siad le fiántas ar fad.

READ MORE

Feachtas tarcaisneach salach bolscaireachta atá ar siúl faoi láthair. Tá ráitis scanrúla áiféiseacha ag teacht ó David Cameron agus óna chomhleacaithe faoi Pháirtí an Lucht Oibre agus faoin mbaol go ndéanfaidh siad margadh le Páirtí Náisiúnta na hAlban (SNP) chun cumhacht a fháil.

“Bagairt soiléir ar thodhchaí an náisiúin,” a thug an t-iar-phríomhaire John Major ar aon mhargadh a dhéanfaí leis an SNP agus d’aontaigh David Cameron leis.

Chuir seisean i leith na nAlbanach nach raibh aon suim acu i ndul chun cinn na Breataine, gur chuma leo leas an náisiúin. Mhaígh sé go dtacódh siad leis an Lucht Oibre ar feadh roinnt blianta agus go ndéanfadh siad cinnte de nach n-éireodh leis an rialtas. Cineál “coalition of chaos” a bheadh ann.

Ansin, a dúirt sé, mholfadh siad in athuair neamhspleáchas na hAlban, an fíorchuspóir s’acu. Guy Fawkes agus filleadh beag air!

“An ghéarchéim bhunreachtúil is measa dár bhuail leis an mBreatain ó d’éirigh Eadbhard VIII as mar rí i 1936,” a thug Theresa May, an Rúnaí Gnóthaí Baile, ar a leithéid de mhargadh. Ní fheadar, a dúirt sí, ar chóir go mbeadh aon tionchar ag Feisirí Parlaiminte an SNP ar ábhair Westminster a bhaineann leis an gcuid eile den Ríocht Aontaithe.

Dá mbeadh an Lucht Oibre i rialtas le cabhair an SNP, bheadh rialú na Ríochta Aontaithe, a dúirt sí, faoi stiúir daoine a bhíonn ag iarraidh an Ríocht chéanna a scriosadh.

Cé go ngeallann Ed Miliband nach mbeidh aon mhargadh ann, tá straitéis iomlán na dTóraithe agus an chaint mhaslach seo dírithe ar eagla a chur ar dhaoine.

Tá siad ag súil le vótóirí a bhí ag smaoineamh ar thacú le UKIP a mhealladh ar ais chun an Ríocht a chosaint go práinneach. Má mheallann siad freisin daoine atá eaglach faoi iarracht eile ón SNP reifreann eile a fháil go luath, tá go maith.

Ach amuigh ansin ag faire ar an tuile uisce-faoi-thalamh seo tá gnáthmhuintir na hAlban a chuimhníonn ar na forógraí grá a bhí á gcur chucu aneas le linn an reifrinn. Tá siad le ceangal faoin íomhá diablaí díobh atá á chraobhscaoileadh ag na Tóraithe.

“Náire shaolta,” a thug an tAire Liobrálach Daonlathach, Danny Alexander, atá ar son an Aontais, ar an straitéis.

Creideann sé go bhfuil bata tugtha ag Cameron don SNP chun na Sasanaigh a bhualadh agus brú eile a dhéanamh ar son an neamhspleáchais.

Ag faire fresin agus ag freagairt go héifeachtach tá Nicola Sturgeon, ceannaire an SNP, an bhean bheag éirimiúil a bhfuil preas na heite deise thall ag tabhairt “the most dangerous woman in the country” uirthi.

D’fhéadfadh sé a bheith ar chumas na mná seo, a bhuaigh díospóireacht na gceannairí ar teilifís agus a mheall aird phobal an domhain dá bharr, an chéad phríomhaire Briotanach eile a roghnú.

Ach cé hí féin? Rugadh í i mbaile Irvine i 1970 i dteaghlach meánaicmeach. D’éirigh léi go hacadúil agus chuaigh sí ar aghaidh le dhá chéim dlí a dhéanamh.

Go híoróineach is í Margaret Thatcher a spreag í le dul le polaitíocht; ní de bharr measa ach le teann dearg-ghránach.

Sóisialach a bhfuil drochmheas aici ar Pháirtí an Lucht Oibre atá inti. Ina ainneoin sin, tá tairiscint déanta aici cabhrú le Miliband na Tóraithe a choimeád as cumhacht. Ach beidh coinníollacha ann agus beidh leas na cosmhuintire agus na hAlban chun tosaigh iontu.

Beatha dhuine a thoil, a deirtear. Má dhiúltaíonn Miliband di, sin sin. Ach d’fhéadfadh sí gnó a dhéanamh le David Cameron freisin dá gcuirfeadh an margadh cúis an neamhspleáchais ar aghaidh. Ba dheacair é a shamhlú ach múineann gá seift.

Cibé dóigh ina dtiteann rogha na vótóirí idir na páirtithe móra, is dócha nach í an Bhanríon Eilís ach Nicola Sturgeon a bhronnfaidh an chumhacht i mí na Bealtaine. Ní go holc le haghaidh gearrchaile as teach comhairle in Ayr.

An uair dheireanach gur tharla a leithéid i Westminster? Siar i 1910. Agus cé hiad a bhí i gcathaoir na cumhachta?

Bhuel, cé hiad eile ach Náisiúnaithe Éireannacha a bhí ag iarraidh – fanaigí – féinriail!