Blazing Saddles na Gaeilge

Tá drámaíocht na Gaeilge beo – ach ní thugtar tacaíocht di

Deir an drámadóir Aodh Ó Domhnaill liom a rá leis má bhíonn a chuid freagraí ar mo cheisteanna “róghonta nó rófhoclach”, ach ní baol dó.

Más cur síos beacht ar a cheoldráma grinn nua LaraeDó atá uait, tá a leithéid aige – "Blazing Saddles as Gaeilge".

Agus más léirmheas géarchúiseach ar staid dhrámaíocht na Gaeilge atá ag teastáil, tá a leithéid chomh maith ag an scríbhneoir Baile Átha Cliathach.

Salúin Texas na bliana 1880 is suíomh do LaraeDó, atá á léiriú ag Aisteoirí Bulfin i mBaile Átha Cliath faoi láthair. Ach an oiread leis an dream a thaithíodh na salúin chéanna, tuigeann Ó Domhnaill gur éifeachtaí uaireanta an piostal ná an plámás.

READ MORE

Deir sé go bhfuil an “drochíomhá” atá ag drámaíocht na Gaeilge tuillte cuid mhaith aici. Mar léiriú ar an bhfadhb tá scéal beag aige faoi script teilifíse a scríobh sé roinnt blianta ó shin faoi Saddam Hussein: “Ní raibh aon locht acu ar an script ná ar an léiriú a bhí molta, ach ba é an freagra a fuaireamar sa deireadh ná, “ní chreidfeadh éinne go mbeadh Saddam Hussein ag labhairt as Gaeilge”. Bhuel, mo sheacht mallacht ar an bhfreagra sin.

“Ní maith liom na teorainneacha seo a leagtar síos. Sin an chúis go bhfuil drochíomhá ag drámaíocht na Gaeilge. Dá nglacfaí leis an meon sin ní fhéadfaí aon dráma Gaeilge a scríobh nach mbeadh lonnaithe sa Ghaeltacht nó sa stair.”

Baineann Ó Domhnaill le speiceas atá i mbaol – drámadóirí na Gaeilge: “Tá aithne agamsa ar leathdhosaen drámadóirí maithe a d’éirigh as mar mheas siad nárbh fhiú bliain a chur amú ag scríobh dráma gur beag seans a léireofaí é.

“Bíonn na hamharclanna ag gearán nach bhfuil caighdeán na scripteanna Gaeilge a fhaigheann siad sách maith ach ní deirtear riamh linn cad é atá uathu. Fáinne fí atá ann,” a deir sé.

Ní dóigh leis go bhfuil aon chaidreamh gur fiú labhairt air ag Amharclann na Mainistreach le scríbhneoirí na Gaeilge: “Deir siad go ndéantar gach script a mheas agus tá cúpla freagra faighte agamsa leis an “We regret to inform you…” ag an deireadh, ach ní fios cad atá á lorg acu.

“Ní léir dom go bhfuil aon fhís acu do dhrámaíocht na Gaeilge. Muna bhfaigheann siad na drámaí Gaeilge atá uathu, ba cheart dóibh scríbhneoirí a mhealladh chun na drámaí atá uathu a scríobh.”

Agus conas a dhéanfaí sin?

"Céim a haon ná na doirse a oscailt agus 20 duine atá ag plé le drámaíocht na Gaeilge a thabhairt isteach go n-ardófaí ár dtusicint agus ár ndóchas go bhfuil fáilte romhainn. Tá daoine maithe ann agus obair mhaith ar siúl acu, leithéid Fíbín a bhfuil ardmheas agam ar a gcuid oibre," a fhreagra.

'So what?'
Bac eile ar fhorbairt na drámaíochta, dar leis, ná an nós atá ann drámaí a aistriú ó Bhéarla mar iarracht "teacht i dtír ar mhórcháil scríbhneoirí an Bhéarla. Tá a laghad sin deiseanna ann drámaí úra Gaeilge a léiriú – agus ní ann do dhráma muna bhfaigheann sé léiriú – go ngoilleann sé go mór orm nuair a chloisim an Taibhdhearc ag maíomh go bhfuil aistriúchán ar dhráma Tom Murphy acu. So what?"

Is mar chumadóir amhrán a thosaigh Ó Domhnaill ar an scríbhneoireacht, nuair a d’éirigh sé bréan de “bheith ag éisteacht leis na hamhráin Ghaeilge chéanna ag gach aon chóisir”.

An dearcadh céanna a spreagann é chun drámaí a scríobh. Tá súil aige go bhfágfaidh daoine LaraeDó agus iad sona sásta nach bhfaca siad dráma cosúil leis ná chomh maith leis i nGaeilge le fada an lá.

Thar aon ní eile, tá sé ag iarraidh go mbeadh an “tigh lán” gach oíche.

Ní thiocfaidh daoine ag féachaint ar dhráma ar son na cúise, áfach: "Tá aisteoirí againn atá chomh maith le héinne eile ach tá easpa scríbhneoirí agus léiritheoirí ann. Is minic gur sa chaighdeán léirithe a bhíonn na laigí is mó i ndrámaí Gaeilge agus sin an fáth gur thugamar isteach léiritheoir gairmiúil, Barry Byrnes, do LaraeDó. Táimid ag iarraidh go mbeadh ainm in airde orainn ach tuigimid go gcaithfear ainm in airde a thuilleamh."

Má tá a chroí sa drámaíocht, tá a chroí chomh maith in Aisteoirí Bulfin: “Tá daoine as gach aon cheann den tír ann, tá na canúintí ar fad againn. Tá cairdeas ilaoiseach ann agus creidim go bhfásann cairdeas ar leith as an drámaíocht, as dul amach ar an téad rite sin le chéile.”

Baineann sé sásamh ar leith as drámaí grinn a léiriú: "Tagann rachta gáirí ón lucht féachana agus bíonn a fhios agat láithreach go bhfuil ag éirí leat. Má léann tú idir na línte tá ábhar machnaimh i LaraeDó chomh maith – don léitheoir tuisceanach, mar a déarfá! Ach nílim ag iarraidh a bheith i mo Bheckett."

Tógadh Ó Domhnaill leis na westerns agus bhí sé tógtha riamh leis na scéalta láidre iontu. An dúshlán a chuir sé roimhe le LareDó ná na clichéanna iomadúla a bhaineann leis an seánra "a iompú bun os cionn".

Ní fhéadfá duine níos fearr a fháil chun geit as bhaint as cliché.

Tá LaraeDó ar siúl sa New Theatre i mBaile Átha Cliath go dtí an 7ú Nollaig agus sa Taibhdhearc, Gaillimh, Dé Sathairn 14ú Nollaig