Bliain mhór eile spóirt romhainn


I gcomparáid le blianta eile mhothaigh mé go raibh neart buaicphointí spóirt againn i mbliana, a bhuíochas don rugbaí, cluichí peile agus iomána den scoth, deireadh le ré Brian O’Driscoll agus éachtaí Katie Taylor agus Andy Lee. Ach céard atá i ndán don bhliain seo chugainn?

Déan dearmad ar 2023, beidh Corn an Domhain sa Rugbaí ar leic an dorais againn i Sasana agus sa Bhreatain Bheag.

Tar éis trí chluiche an fhómhair, agus bua na Sé Náisiún, beidh campa na hÉireann dóchasach go bhfuil a mbliain tagtha sa deireadh. Tá an fhoireann rangaithe ar an tríú foireann is fearr ar domhan, ach, sa chúigiú háit atá siad ag na geallghlacadóirí. Mar atá a fhios againn, ní minic a bhíonn dul amú orthu siúd. Tá a fhoireann ag Joe Schmidt. Níl le déanamh anois ach cur leis an obair mhór a rinneadh i 2014. Simplí go maith a déarfá.

Sin, ar ndóigh, muna mbíonn siad criogaithe ag gortaithe nó nach gcuirfeadh a n-ardú céime as rómhór d’fhoireann a bhíonn níos fearr go minic nuair nach mbíonn an oiread chéanna de bharúil á thabhairt dóibh ag an té atá ina n-aghaidh.

READ MORE

Is iomaí scéal rugbaí a d’eascair i Luimneach agus faoi dheireadh na bliana seo chugainn d’fhéadfadh sé go mbeadh éacht stairiúil eile feicthe againn ar bhruacha na Sionainne. Andy Lee ag troid i bPáirc Thuamhain. Tá an bheilt mheánmheáchain dhomhanda ina sheilbh aige, agus má tá aon duine eile ag iarraidh greim a fháil air, caithfidh siad teacht go hÉirinn, a dúirt sé. Den chéad uair le 80 bliain, rinne Andy Lee gaisce ar son na hÉireann i Las Vegas nuair a ghnóthaigh sé teideal domhanda i dtroid i Meiriceá. Beidh sé deacair é a bhaint dó, go háirithe agus é ag tabhairt cuiridh do cibé céile comhraic a bheidh aige fogha a thabhairt faoi ina chathair dhúchais. An é Billy Joe Saunders na Breataine a thabharfaidh a dhúshlán?

Cé gur minic gur chuala muid Martin O’Neill ag gearán faoi easpa cluichí idirnáisiúnta déarfainn go mbeadh sé sásta go maith le briseadh Nollag na bliana seo.

Tá mórchuid na gcluichí cáilithe a sheasann idir é agus na Craobhchomórtais Eorpacha le n-imirt i mBaile Átha Cliath agus tá campa na Poblachta dóchasach go mbeidh siad sa Fhrainc i 2016.

Coinneoidh Roy Keane ag machnamh chomh maith é. “The gift that keeps on giving,” a thugann na meáin air. Is breá linn é nuair a tharlaíonn an cor is déanaí.

Chuirfinn airgead air nach mothaíonn O’Neill an rud céanna. Seoladh an leabhair, an méid a dúradh sa leabhar, conspóid Phort Mearnóg, Aston Villa... agus tharla an méid sin i bhfoiseacht cúpla mí. Ghlacfainn leis go mbeadh O’Neill sásta go maith gur ag díriú ar chúrsaí idirnáisiúnta amháin a bheidh Keane as seo amach. Tá bliain déanta anois acu, níl aon mhíorúilt tarlaithe fós. Faoi dheireadh na bliana seo chugainn, beidh a fhios againn an dea- nó droch-chaibidil a bheidh i scéal O’Neill agus Keane i leabhar sacair Phoblacht na hÉireann.

Sa pheil Ghaelach, bhí Ciarraí ciúin go maith ag tús na bliana, cosantach fiú, agus níor tugadh mórán airde orthu go dtí gur chuir siad Maigh Eo de dhroim seoil ag Páirc na nGael. Tá a fhios againn a gcuid seifteanna agus stíl nua imeartha anois, i gcomparáid leis an am seo anuraidh. Sin mura bhfuil armlón nua rúnda ag Eamonn Fitzmaurice a scaoilfidh sé an bhliain seo chugainn.

Táim den bharúil gur ag Baile Átha Cliath a bheidh Sam an bhliain seo chugainn. Tá an iomarca oibre agus staidéir déanta acu agus ní bhuailfear bob orthu dhá bhliain as a chéile.

Maidir leis an iománaíocht, chaithfí breathnú go fábharach ar Thiobraid Árann nó ar Luimneach nó Gaillimh fiú mar gheall ar an bhail a chuir siad ar na curaithe, Chill Chainnigh. Ba bheag nach raibh siad acu ach tharraing Cill Chainnigh iad féin amach as an tsáinn gach aon uair.

Seans maith, go háirithe agus fathaigh cosúil le JJ Delaney imithe, nach mbeidh an chumhacht sin ag na Cait an bhliain seo chugainn – sin muna bhfuil rún eile á choinneáil ag Brian Cody.

Is deacair i gcónaí buille faoi thuairim a thabhairt i lár an gheimhridh, ach cosúil le Baile Átha Cliath, creidim nach mbéarfar faoi dhó ar Chontae an Chláir.

Cinnte tá na ráflaí cloiste againn faoi easpa suaimhnis sa seomra feistis, cuid acu tuirseach a deirtear de stíl máistreachta Davy Fitzgerald. Ach tá an iomarca tallainne agus iománaithe óga iontacha acu gan a bheith i bPáirc an Chrócaigh Meán Fómhair seo chugainn. Is ansin a bheidh mise ag cur mo chuid airgid.