Bua an bhéil bhinn ag Coláiste Belvedere

Craobh na hÉireann de Chomórtas an Phiarsaigh buaite ag an scoil don chéad uair

Buachaillí Belvedere – Fionn Ó Diollúin-Ceallaigh, Séamas Ó Ciarbháin agus Donagh Ó Ruadháin ag glacadh le Corn Gael Linn ó Chlíona Ní Chíosáin.

Bhain Coláiste Belvedere, Baile Átha Cliath, Craobh na hÉireann de Chomórtas an Phiarsaigh Gael Linn 2015 i Má Nuad an tseachtain seo caite.

Is é an chéad uair gur bhuaigh an scoil an comórtas. “Tá téarma eile cumhachta tuillte ag an rialtas reatha!’ an t-ábhar a pléadh.

Ghlac Pobalscoil Naomh Attracta, Tobar an Choire, Co Shligigh; Acadamh Naomh Muire, Ceatharlach, agus Coláiste Chiaráin, Léim an Bhradáin, Co Chill Dara, páirt sa chraobh fosta.

Ach bhí an lá le buachaillí Belvedere agus lena múinteoir Gaeilge, Liz Ó Droma.

READ MORE

Meánscoil Chnoc na Labhras, Luimneach, a bhuaigh Craobh na Sóisear. Mheall Karin Ní Mhásúin, Rachel Ní Mhuirí agus Aisling Nic Domhnaill an lucht éisteachta lena gcuid cainte ar “Is miotas í cairdiúlacht mhuintir na hÉireann!”

Is ar a múinteoirí, Séamus Ó Ceallaigh agus Hazel Ní Anragáin, a bhí bród nó thug an scoil Craobh na Sinsear leo anuraidh fosta.

Dúirt príomhfheidhmeannach Ghael Linn, Antoine Ó Coileáin, gur chuid lárnach den oideachas in Éirinn iad díospóireachtaí Gael Linn le breis is 50 bliain anuas agus go raibh tionchar fadsaoil acu ar dhaltaí.

Pól Ó Muirí

Pól Ó Muirí

Pól Ó Muirí is a former Irish-language editor of The Irish Times