Tá lá brónach gruama cuimhneacháin ag teannadh linn.
Beidh caoga bliain ann ar an tseachtain seo chugainn ó dúnmharaíodh uachtarán na Stát Aontaithe, John F. Kennedy, i gcathair Dallas, ar 22ú Samhna 1963.
Ach is fearr liom go mór a bheith ag smaoineamh siar ar an gcuairt a thug sé ar an dtír s’againne, cúig mhí roimhe sin.
Tá sé éasca go leor athinsint a dhéanamh ar na fíricí a bhain leis an gcuairt stairiúil úd.
Ach tá sé i bhfad níos deacra an t-atmaisféar agus an meon a bhí i réim a chur in iúl do dhaoine nach raibh ann agus nach raibh fiú ar an saol ag an am.
Bí ag caint ar chorraíl. Dá mba rud é gur tháinig Naomh Pádraig féin anuas chugainn ó na flaithis, is ar éigean go bhfaigheadh sé fáilte níos fearr ná mar a fuair JFK le linn dó trí lá a chaitheamh inár gcuideachta ag deireadh mhí an Mheithimh, 1963.
Chabhraigh cuairt an Chinnéidigh chun ár bhféinmhuinín a chothú. Bhíos ag breathnú ar sheanscannán nuachta le déanaí den tsearmanas ag Aerfort Átha Cliath nuair a thuirling sé ó Aerfhórsa a hAon. Bhí ár nUachtarán féin ann, Éamon de Valera (a rugadh i Meiriceá ar ndóigh) agus an Taoiseach Seán Lemass, ag feitheamh leis: ní dócha go raibh “Dev” ag súil ag an am go mairfeadh sé níos faide ná an bheirt eile acu.
Bhí buíon saighdiúirí ann freisin agus, 50 bliain dár gcionn, mothaíonn tú fós bródúil as an seó a chuir siad i láthair don chuairteoir fíorthábhachtach: náisiún beag ach le harm cumasach proifisiúnta.
An chéad chéim eile ina dhiaidh san ná an mhótarcaid tríd an phríomhchathair.
Is cuimhin liom go raibh fear amháin chomh corraithe sin leis an ócáid gur rith sé taobh le gluaisteán an Chinnéidigh ar feadh roinnt mhaith den tslí.
Ní raibh Telefís Éireann, mar a tugadh air ag an am, bunaithe ach trí bliana faoin am sin ach rinne an stáisiún jab fíormhaith ar an chuairt a chlúdach.
Roimhe sin, bhíodh daoine ag brath ar an raidió – agus na páipéirí nuachta gan amhras – ach bhí siad anois in ann breathnú ar an uachtarán beo beathach ar an mbosca sa chúinne.
Más ceadmhach dom ainm Chathail Uí Eochaidh a lua, dúirt sé liom 20 éigin bliain dár gcionn gur imigh sé i bhfeidhm go mór air an chaoi go ndearna an Cinnéideach neamhaird ar shocruithe slándála chun lámha na ndaoine a chroitheadh nuair a bhí slua i láthair.
Thug sé an méid sin faoi deara agus JFK ar a bhealach amach as dinnéar stáit i dTeach Iveagh ar Fhaiche Stiabhna. Fuair mé féin radharc ar an uachtarán ó thaobh na sráide nuair a bhí sé á thiomáint go dtí an ócáid, thart ar 7.50pm ar 27ú Meitheamh (sách deireanach mar bhí sé le bheith ann ag 7.25pm, dar le tuairisc reatha le John Howard in The Irish Times.)
Cé go raibh an chlann againn lonnaithe sa phríomhchathair faoin am sin agus go rabhas féin ag freastal ar Scoil na mBráithre Críostaí i Sráid Synge, ba Charmanach as Inis Córthaidh mé ó dhúchas agus thug sé sásamh ar leith dom go ndeachaigh an Cinnéideach go dtí an contae as a dtáinig a chuid sinsear.
Is minic ó shin a chuala me óráid ghearr an Chinnéidigh ag Ros Mhic Treoin agus an chaoi ina ndúirt sé dá mba rud é nár imigh a shinseanathair chun na Stát ar dtús, go mbeadh sé féin ag obair go háitiúil – agus luaigh sé cúpla comhlacht sa cheantar.
Thugas faoi deara gur úsáid an t-uachtarán Bill Clinton an straitéis chéanna cainte nuair a rinne sé roinnt tagairtí fíoráitiúla le linn dó a bheith ag labhairt i nDún Dealgan ar 12ú Nollaig 2000.
Bhí an Cinnéideach cliste agus tuisceanach mar pholaiteoir. Bhronn Coláiste na Tríonóide agus Ollscoil Náisiúnta na hÉireann dochtúireachtaí air agus dúirt sé dá mbeadh cluiche sa pheil Ghaelach nó iománaíocht ar siúl idir an dá institiúid: “I shall cheer for Trinity and pray for National.”
Ag imeacht dó as Aerfort na Sionainne ag deireadh an turais, dúirt JFK go dtiocfadh sé ar ais chugainn.
Faraor, níor tháinig, ach b’athnuachan don tír i gcoitinne í an tréimhse ghearr a chaith sé inár gcomhluadar agus ba phribhléid í d’éinne a bheith beo agus mar chuid den phobal a chuir fáilte roimhe sna laethanta úd: laethanta an dóchais.