Cuireadh chun cúirte do sheoladh stairiúil

An Breitheamh Adrian Hardiman, a bhásaigh gan choinne dhá mhí ó shin, a spreag an smaoineamh i m’intinn den chéad uair.

Sheol sé ríomhphost chugam maidin Luain i mí na Nollag 2012 tar éis dó freastal ar ócáid a raibh baint agam lena heagrú an deireadh seachtaine roimhe sin i nGaillimh.

I gcuimhne na ndaoine a dúnmharóidh go fuilteach i Mám Trasna 130 bliain roimhe sin agus iadsan a crochadh nó a cuireadh i bpríosún go héagórach sa chás a bhailigh slua don ócáid chuimhneacháin ag Ardeaglais na Gaillimhe agus i Músaem na Cathrach.

Orthu siúd a bhí i láthair, bhí an tUachtarán Micheál D. Ó hUiginn agus an Tiarna Alton as Learpholl, arbh as Gaeltacht Thuar Mhic Éadaigh dá mháthair. Tá an Tiarna Alton ag éileamh le fada go bhfógrófaí go hoifigiúil neamhchiontacht na ndaoine a ciontaíodh san éagóir. Bhí cuid de shliocht mhuintir Mhám Trasna féin ann le freastal ar Aifreann speisialta, le bláthfhleasca a leagan san áit ar crochadh agus ar cuireadh cuid den na príosúnaithe agus le páirt a ghlacadh i seimineár eolais faoin scéal tragóideach seo. Chualathas ceol agus filíocht nuachumtha faoin gcás le linn na hócáide freisin.

READ MORE

Tugadh chun cuimhne ann na dúnmharuithe barbartha a tharla i ndorchadas na hoíche i bpobal iargúlta i nDúiche Sheoighe, ar an teorainn idir Gaillimh agus Maigh Eo, sa bhliain 1882.

Agus tugadh chun cuimhne freisin an méid a tharla i ndiaidh na heachtra nuair a crochadh nó nuair a cuireadh príosún saoil ar dhaoine san éagóir de thoradh ar fhianaise bhréige, ar bhrathadóirí, agus ar mhímhacántacht na n-údarás agus na n-uaisle.

Réab fiántas an tsléachta sin trí chiúnas an ghleanna faoi scáth Chnoc Mhám Trasna agus d’fhág an bealach ar láimhseáil na húdaráis dlí agus cirt an cás a rian féin ar an bpobal in Éirinn agus sa Bhreatain ag an am.

Bhí a thoradh le brath in árais na cumhachta i bParlaimint Westminster agus i gCaisleán Bhaile Átha Cliath, agus i measc na bpearsana móra i saol polaitiúil na linne a bhí gafa leis bhí Gladstone, Parnell, An tIarla Spencer, an Tiarna Randolph Churchill agus an Bhanríon Victoria féin fiú. Go deimhin, bhí tionchar ag an chás ar thitim rialtas Gladstone sa bhliain 1885.

Ina ríomhphost tar éis ha hócáide cuimhneacháin i nGaillimh dúirt an Breitheamh Hardiman go raibh “major implications both linguistically and legally” le cás Mhám Trasna agus mhol sé dá mbeadh aon ócáid eile faoin chás a eagrú nár mhiste smaoineamh ar í a thionóil i dTeach na Cúirte ar Shráid na Faiche i mBaile Átha Cliath, an seomra cúirte inar cuireadh na fir a cúisíodh i gcás Mhám Trasna ar a dtriail.

Tá áthas orm a rá gur ansin a sheolfar leabhar úr atá scríofa agam faoin chás cháiliúil sin agus tá fáilte roimh chách a bheith i láthair seachtain ón Déardaoin seo, 19ú Bealtaine, ag 5.45pm san áit ar daoradh chun báis na fir a ciontaíodh agus an breithiúnas tugtha i dteanga nach raibh aon tuiscint acu uirthi.

Ócáid ar leith a bheidh inti, tá súil agam, do dhaoine gur spéis leo an stair, scéal Mhám Trasna, riaradh an dlí, cearta teanga agus go deimhin ceart an duine.

Is é Éamon Ó Cuív TD a sheolfaidh Éagóir – Maolra Seoighe agus dúnmharuithe Mhám Trasna (Cois Life).

Is beag athrú atá curtha ar an bhfoirgneamh stairiúil cúirte ón uair gur tugadh na fir Ghaeltachta, as ceantar Dhúiche Sheoighe, i láthair ansin i Samhain na bliana 1882 le go gcuirfí ina leith gurbh iad a bhí freagrach as an sléacht inar maraíodh cúigear de theaghlach áitiúil trí mhí roimhe sin.

Foirgneamh stairiúil é seomra na cúirte gan aon bhréag; is ann a cuireadh Wolfe Tone agus Robert Emmett ar a dtriail.

Is ann freisin a bhíodh an Chúirt Choiriúil Speisialta ina suí go dtí 2010 – thugtaí chuig an chúirt sin baill den IRA agus daoine a raibh eachtraí tromchúiseacha ar nós mangaireacht drugaí le cur ina leith.

Maidir leis an leabhar féin, is ó bhunfhoinsí an ama a bhailigh mé an t-eolas – tuairiscí na nuachtán, na taifid oifigiúla ar na cásanna cúirte, na dialanna príosúin agus comhfhreagras oifigiúil na n-údarás faoin gcás. Ní dócha go bhfuil aon áit eile níos feiliúnaí do sheoladh an leabhair agus beidh fíorchaoin fáilte roimh léitheoirí Bileog ann.

Iar-iriseoir is iarchraoltóir é Seán Ó Cuirreáin a bhí ina Choimisinéir Teanga (2004-2014).