Cumann coimisinéirí

Tá comhdháil idirnáisiúnta le ceisteanna reachtaíochta a phlé

Triúr a bhí lárnach i mbunú Chumann Idirnáisiúnta na gCoimisinéirí Teanga. B’shin iad an chéad Choimisinéir Teanga ag an Stát seo Seán Ó Cuirreáin, Coimisinéir Teanga Cheanada Graham Fraser agus iar-Aire Gnóthaí Eachtracha na Fionlainne Par Stenback.

Tá fás mór tagtha ar an eagraíocht ó shin agus an mhí seo chugainn beidh os cionn deichniúr coimisinéirí teanga agus ombudsman ar fud an domhain ag teacht go Gaillimh chun freastal ar Chomhdháil Chumann Idirnáisiúnta na gCoimisinéirí Teanga.

Ina measc beidh Coimisinéir Teanga na Breataine Bige Meri Hews, Ombudsman na Catalóine Rafael Ribo, Coimisinéir Teanga na Cosaive Slavisa Mladenovic agus Coimisinéir na dTeangacha Oifigiúla i New Brunswick Katherine d’Entremont.

Ina theannta sin beidh saineolaithe idirnáisiúnta eile ar chearta teanga ar nós na nOllúna Stephen May agus Colin Williams i láthair.

READ MORE

Beidh an tOllamh Rob Dunbar ó Ollscoil Dhún Éideann, a bhfuil cur amach faoi leith aige ar cheist cearta teanga i dTuaisceart Éireann, ag labhairt le linn na comhdhála freisin.

Uachtarán na hÉireann, Micheál D. Ó hUiginn, a osclóidh an chomhdháil agus is cúis bhróid é sin don chumann.

Tá spéis mhór dar ndóigh léirithe ag an Uachtarán i gcearta teanga.

Go deimhin in 2013, nuair bhí na coimisinéirí teanga anseo go deireanach, bhuail an tUachtarán leo in Áras an Uachtaráin.

Chuaigh an chuairt sin i bhfeidhm ar na coimisinéirí ag an am.

Tá siad siúd a bhí i láthair ag tnúth le casadh leis arís agus na baill nua ag súil le bualadh leis den chéad uair, an uair seo ina Alma Mater féin.

Tá aontaithe ag an mBreitheamh Adrian Hardiman ón gCúirt Uachtarach léacht na comhdhála a thabhairt ar an oíche oscailte.

I gceann de na cásanna cúirte is mó a bhfuil cáil air, cás Uí Bheoláin a éisteadh sa Chúirt Uachtarach, rinne an Breitheamh Hardiman roinnt tagairtí ina bhreithiúnas a bhí thar a bheith suntasach.

De bharr sheasamh na Gaeilge sa Bhunreacht ba é a thuairim nach bhféadfaí an Ghaeilge a chur i leataobh ó aon chuid de dhioscúrsa poiblí an náisiúin nó ó aon ghnó oifigiúil de chuid an Stáit.

Dúirt sé chomh maith nach bhféadfaí caitheamh leis an nGaeilge ar shlí ar bith nach raibh chomh fabhrach leis an tslí a gcaitear leis an dara teanga oifigiúil.

Le cur leis an bpointe sin thug sé le fios nach bhféadfaí iad siúd gurbh í an Ghaeilge a dteanga, a chosc nó a fhágáil faoi mhíbhuntáiste.

Tá tuairimí láidre nochta ag an mBreitheamh freisin ina bhreithiúnas easaontach ar chás Uí Mhaicín sa gCúirt Uachtarach.

Táim ag súil go dtabharfaidh a aitheasc neart ábhar cainte do dhaoine le linn na comhdhála.

Ábhar amháin atá go mór i mbéal an phobail faoi láthair ná na moltaí polasaí don soláthar oideachais i limistéir Ghaeltachta.

Is eol dúinn ar fad gur féidir le cúrsaí oideachais tionchar suntasach a imirt ar chúrsaí teanga sa Ghaeltacht.

Tá ráite agamsa roimhe seo chomh maith go gcaithfear a chinntiú go ndéantar cúram do na riachtanais agus dualgais a eascraíonn ón Acht Oideachais in aon socrú a mbíonn feidhm náisiúnta leis, ar nós painéil d’ath-imlonnú múinteoirí.

Beidh saineolaithe ar nós Mhuireann Ní Mhóráin agus Bhláthnaid Ní Ghréacháin ag roinnt a gcuid tuairimí ar an ábhar sin, agus teagasc na Gaeilge go náisiúnta, ar Chéadaoin na comhdhála.

Déanfar plé nach beag freisin ar ról na reachtaíochta teanga i gcosaint cearta teanga, ag féachaint go mion ar fheidhmiú Acht na dTeangacha Oifigiúla.

Beidh saineolaithe ar nós na nDochtúirí John Walsh, Tadhg Ó hIfearnáin agus Deirdre Ní Loingsigh ag roinnt a dtuairimí léannta leo siúd a bheidh i láthair ar an ábhar sin.

Tá an chomhdháil á reáchtáil ag Oifig an Choimisinéara Teanga i gcomhpháirtíocht le hOllscoil na hÉireann, Gaillimh, agus tá muid an-bhuíoch go mór mór den chabhair ó Acadamh na hOllscolaíochta Gaeilge agus Roinn na Gaeilge.

Is onóir mhór dúinn freisin go bhfuil an chomhdháil mar chuid de Chlár Comórtha 100 Bliain an Stáit agus cabhair maoinithe faigthe dá réir sin ó chiste tacaíochta na Roinne Ealaíon, Oidhreachta agus Gaeltachta don chomóradh.

Beidh deis ann le linn na bliana seo amach romhainn machnamh a dhéanamh athuair ar na mianta a bhí ann ar bhunú an Stáit. Lárnach sa mhachnamh seo beidh staid ár dteanga náisiúnta agus a háit i sochaí an lae inniu.

Trí lá a mhairfidh an chomhdháil ón 7ú go 9ú Márta.

Beidh an oíche oscailte ar siúl in Ollscoil na hÉireann, Gaillimh, agus is in Óstán Chuan na Gaillimhe a reáchtálfar na hócáidí ar an Máirt agus ar an gCéadaoin.

Tá saorchead isteach go dtí an gcomhdháil ach caithfear áit a chur in áirithe roimh ré trí theagmháil a dhéanamh le hOifig an Choimisinéara Teanga ag eolas@coimisineir.ie

Tá breis eolais faoin gcomhdháil ar fáil ar shuíomh Idirlín Oifig an Choimisinéara Teanga – www.coimisineir.ie Tá Rónán Ó Domhnaill ina Choimisinéir Teanga