Má tá clabhsúr curtha leis an Oireachtas i gCill Áirne ó bhí aréir ann, beimid gafa ag cúrsaí oireachtais de shórt eile go ceann tamaill eile.
Spraoi agus siamsa a bhí le fáil ag Oireachtas na Samhna, príomhócáid fhéilire Oireachtas na Gaeilge, atá tiomanta do na healaíona sa Ghaeilge.
Níorbh í sin an cháil is mó a bhain leis an oireachtas tráth den saol ar ndóigh. Ócáid a bhí ann sna meánaoiseanna go príomha chun gnó éigin a dhéanamh sa dlí nó sa pholaitíocht, cainteanna síochána nó Taoiseach a ghairm mar shampla. I ndiaidh an 12ú haois ‘aireacht’ a thugtaí ar an aicme a d’fhreastail air – na saoir nó na huaisle – agus ‘oireachtas’ a tugadh ar an tionól féin.
Bhí ról nach beag mar sin ag an oireachtas i rialú an phobail agus glacadh leis an dtéarma sin ag bunú Saorstát na hÉireann i 1922. Tugadh bunús bunreachtúil dó i 1937, agus é roinnte ina dtrí chuid: an tUachtarán, an Dáil agus an Seanad.
An ‘tulach tionóil’ a thugtaí ar an láthair ina mbíodh oireachtas ar siúl. San áit ar a dtugtar Tulach Uí Dheaghaidh (Tullyodea) in aice le Cora Finne i gCo. an Chláir a bhailíodh Uí Bhriain le chéile mar shampla. Talamh ard a bhí ann a d’úsáidtí mar áit chruinnithe don treibh roimh imeacht ar fheachtas míleata nó do ghnó eile.
Ní raibh aon chogaíocht i gCill Áirne an tseachtain seo caite, ach bhí an iomaíocht ghéar mar sin féin, ar ardán Ghleann an Iolair sna comórtais éagsúla. Níl sa chomórtasaíocht gan amhras ach gné amháin den Oireachtais – fiú ma thug Abba a mhalairt le fios sna 1980í – go sciobann an buaiteoir an t-iomlán.
Ach má fhágaimid Loch Léin agus má théimid níos faide siar, trasna na dtonnta, chomh fada le Meiriceá, tá cúrsaí oireachtais de chineál eile faoi lán tseoil. Lá mór a bheidh ann amárach nuair a osclaíonn na bothann vótála chun tús a chur leis na toghcháin don uachtarán agus don oireachtas (Congress).
De réir tuairiscí, táthar ag tuar go mbeidh bóthar casta go leor i ndán don duine a bhuann, pé duine a dhéanann an bheart. Mar pé páirtí a bhuann an rás go dtí an Teach Bán, tá seans maith nach é an páirtí céanna a bhuafaidh an rás go Capitol Hill.
Tá scarúint na gcumhachtaí ina bhunchloch de chóras polaitiúil sna Stát Aontaithe, cuid acu i seilbh an uachtaráin agusan chuid eile acu ag Tithe an Oireachtais, sé sin Teach na nIonadaithe agus an Seanad (agus cuid eile fós ag na breithimh). Agus san áit a bhíonn an roinnt, bíonn an laghdú.
Leis an méid atá tite amach go dtí seo, tá tráchtairí den tuairim go mbeidh fonn ar dhaoine na cumhachtaí sin a leathnú agus a laghdú píosa eile, agus gan an iomarca den fhorlámhas a fhágáil le haon cheann den dá pháirtí. Más mar seo a tharlaíonn, ina measc siúd a vótálfaidh don iarrthóir Daonlathach don uachtaránacht, beidh mórán acu a vótálfaidh do na Poblachtaigh i dtoghchán an oireachtais. Agus an tslí eile timpeall.
An bhfágfaidh sé sin rialtas gan éifeacht? An Teach Bán agus Capitol Hill i gcoinne a chéile? Nó b’fhéidir gurb é sin an toradh is fearr. Nó dá dtarlódh a mhalairt, agus an páirtí céanna i gceannas sa dá áit?
Pé toradh atá i ndán, is cinnte gur dúshlán a bheidh ann don daonlathas. Comhfhocal bunaithe ar 'daonna' agus 'flaitheas' – daonfhlaitheas – atá ann, mar aistriúchán ar democracy, atá tagtha chugainn ó demos (pobal) agus kratos (rialú nó flaitheas) na Gréigise. Rialú an phobail ar mhaithe leis an bpobal, ach ní bhíonn sé chomh héasca sin i gcónaí an rialú agus an maitheas a thabhairt le chéile.
Más sa Ghréig a saolaíodh an daonlathas, fuair sé cothú maith sna Stáit Aontaithe ar feadh na slí. Céad bliain ó shin i 1916, a chuir an tOllamh John Dewey, ó Teachers College, Ollscoil Columbia, roinnt mhaith tuairimí i dtaobh an daonlathais os ár gcomhair sa leabhar iomráiteach, Democracy and Education, agus mar a thugann an teideal le fios, an ról atá ag an oideachas i mbeathú an daonlathais.
Oideachas agus oireachtas – dhá thionól a thacaíonn leis an daonlathas i slite difriúla, agus iad araon tiomanta don dul chun cinn. Beidh sé tábhachtach sna seachtainí atá romhainn, pé toradh a bheidh ann tráthnóna amárach, gur féidir leis an Oileán Úr, an t-aontas a chur in áit an easaontais, agus gluaiseacht ar aghaidh go réidh. Is léachtóir sinsearach ar Choláiste Mhuire gan Smál, Luimneach, é Cathal de Paor