Cúrsaí reifrinn agus cúrsaí bácála


Beidh Cormac ag a Cúig á chraoladh beo ó Choláiste na Tríonóide, Baile Átha Cliath, Déardaoin idir 4.30 p.m. agus 5.55 p.m.

Is é an reifreann ar cheist an Ochtú Leasú an t-ábhar a bheas faoi chaibidil. Beidh Piaras Ó Dochartaigh, Rónán Mullen, Niamh Uí Bhriain, agus Lisa Nic an Bhreithimh ar an phainéal agus fáilte roimh lucht féachana don chlár beo ó Sheomra na Gaeilge sa choláiste.

Má tá spéis agat a bheith sa lucht féachana, cuir nóta chuig cormac5@rte.ie

Arán laethúil Is dócha gur fearr aithne ag an phobal ar Mhanchán Magan mar fhear taistil agus mar scríbhneoir. Ach tá spéis mhór aige sa bhácáil fosta.

READ MORE

Bíonn se i mbun ceardlann bácála uair sa mhí sna Fumbally Stables, taobh leis an Fumbally Café i mBaile Átha Cliath. Tráthúil go leor, beidh ceardlann Ghaeilge ar siúl aige an Satharn seo agus cuireann sé fáilte roimh lucht na Gaeilge clárú.

Ceardlann dhá uair an chloig atá i gceist, ina múineann sé “i slí shoiléir bhunúsach conas dúisire (starter) taos géar a chruthú agus a chothú, agus ansin conas an t-arán a bhácáil.

“Tugaim eolas freisin faoin modh a bhaineann taos géar tairbhe as giostaí fiáine agus baictéir atá mórthimpeall orainn i gcónaí leis an t-arán a ardú agus blas sainiúil a thabhairt dó”.

Eolas: www.thefumballystables.ie/events/saturday-sourdough/